Togra le haghaidh plean téarnaimh an Aontais – na príomhghnéithe
Tá togra nua curtha síos ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí lena phlé ag ceannairí an Aontais an 17-18 Iúil 2020.
Ollstruchtúr foriomlán
€1 074 bhilliún – buiséad fadtéarmach an Aontais (an Creat Airgeadais Ilbhliantúil)
€540 billiún – líontáin sábhála COVID-19 atá i bhfeidhm cheana:
- d’oibrithe
- do ghnólachtaí
- do na Ballstáit
€750 billiún – Next Generation EU / Ciste Téarnaimh
Iomlán: €2 364 bhilliún
Freagairt an Aontais: i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe agus an tSín
- An tAontas Eorpach: 17 % OIN (€2 364 bhilliún)
- Na Stáit Aontaithe: 15.9 % OIN ($3 061 bhilliún)
- An tSín: 4.2 % OIN (Y 4 200 bhilliún)
Foinsí sonraí: Bruegel, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Banc Domhanda.
Níl bearta a rinne Ballstáit an Aontais, an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta san áireamh.
D’fhéadfadh na sonraí a bhaineann leis an tSín a bheith neamhiomlán.
Comhshó airgeadra: InforEuro.
Infheistíocht san aeráid agus in aistrithe digiteacha a mhéadú
Príomhshruthú an athraithe aeráide: sprioc 30%
- rannchuidíonn gach clár
Príomhshruthú digiteach sna cláir
- Méadú sa bhuiséad do:
- An clár don Eoraip Dhigiteach
- An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (snáithe digiteach)
Next Generation EU
- An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: €560 billiún
- REACT-EU: €50 billiún
- An Ciste um Aistriú Cóir: €30 billiún
- Ionstraim Tacaíochta Sócmhainneachta: €26 bhilliún
- Forbairt Tuaithe: €15 bhilliún
- RescEU: €2 bhilliún
- EU4Health: €7.7 billiún
- ICFCI: €15.5 billiún
- Fís Eorpach: €13.5 billiún
- InvestEU: €30.3 billiún
Iomlán: €750 billiún
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: leithdháileadh deontas
2021-2022: €217 mbilliún
Eochair leithdháilte:
- dífhostaíocht 2015-2019
- OTI inbhéartach per capita
- cion an daonra
2023: €93 bhilliún
Eochair leithdháilte:
- meath foriomlán san OTI in 2020 agus 2021, a thabharfar faoi deara in 2022
- OTI inbhéartach per capita
- cion an daonra
Acmhainní dílse
Cur chuige ceithre chéim:
- Tobhach bunaithe ar dhramhaíl phlaisteach – an 1 Eanáir 2021
- An sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus an tobhach digiteach – faoin 1 Eanáir 2023
- Córas trádála astaíochtaí (a d’fhéadfaí a leathnú chun an eitlíocht agus an earnáil mhuirí a chumhdach)
- Ag obair ar acmhainní dílse nua a thabhairt isteach
Lacáistí
Lacáistí cnapshuime maidir le:
- an Ostair
- an Danmhairg
- an Ghearmáin
- an Ísiltír
- an tSualainn
Cúlchiste Coigeartaithe Nua do Brexit
€5 bhilliún chun drochiarmhairtí sna Ballstáit agus sna hearnálacha is mó atá thíos le Brexit a chomhrac