An ciste téarnaimh: beart á dhéanamh ag an Aontas de réir a bhriathair
An ciste téarnaimh: beart á dhéanamh ag an Aontas de réir a bhriathair
Cuireann an tAontas cúnamh airgeadais ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí sna Ballstáit chun borradh a chur faoin ngeilleagar arís agus chun Eoraip níos athléimní, níos glaise agus níos digití a thógáil.
Conas a oibríonn sé?
- Tíolacann tíortha an Aontais a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta don Choimisiún Eorpach
- Déanann an Coimisiún measúnú ar na pleananna
- Tugann an Chomhairle cead do thíortha an Aontais eisíocaíochtaí ón gciste téarnaimh a fháil
- Síniú na gcomhaontuithe deontais agus iasachta
- Is féidir tús a chur leis an airgead a eisíoc le tíortha an Aontais
Cé mhéad airgid a chuirtear ar fáil do thíortha an Aontais?
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta:
Iomlán €672.5 billiún:
- €312.5 billiún i ndeontais
- Iasachtaí dar luach €360 billiún
13 Iúil 2021 – An chéad bhaisc de phleananna formheasta ag an gComhairle: féadfaidh 12 thír san Aontas eisíocaíochtaí ón gciste téarnaimh a fháil (an Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an Spáinn, an Ostair)
28 Iúil 2021 – Ceithre phlean eile formheasta ag an gComhairle: féadfaidh 4 thír san Aontas eisíocaíochtaí ón gciste téarnaimh a fháil (an Chipir, an Chróit, an Liotuáin, an tSlóivéin)
8 Meán Fómhair 2021 – Dhá phlean eile formheasta ag an gComhairle: féadfaidh 2 thír san Aontas eisíocaíochtaí ó chiste téarnaimh an Aontais a fháil (an tSeicia, Éire)
5 Deireadh Fómhair 2021 – Plean nua formheasta ag an gComhairle: féadfaidh 1 thír san Aontas eisíocaíochtaí ó chiste téarnaimh an Aontais a fháil (Málta)
29 Deireadh Fómhair 2021 – Trí phlean eile formheasta ag an gComhairle: 3 thír san Aontas a gheobhaidh eisíocaíochtaí ó chiste téarnaimh an Aontais (an Eastóin, an Fhionlainn, an Rómáin)
3 Bealtaine 2022 – Dhá phlean eile formheasta ag an gComhairle: 2 thír san Aontas a gheobhaidh eisíocaíochtaí ó chiste téarnaimh an Aontais(an Bhulgáir, an tSualainn)
17 Meitheamh 2022 – Plean nua formheasta ag an gComhairle: Ballstát amháin a gheobhaidh eisíocaíochtaí ó chiste téarnaimh an Aontais (an Pholainn)
4 Deireadh Fómhair 2022 – Plean nua formheasta ag an gComhairle: Ballstát amháin a gheobhaidh eisíocaíochtaí ó chiste téarnaimh an Aontais (an Ísiltír)
16 Nollaig 2022 – Plean nua formheasta ag an gComhairle: Ballstát amháin a gheobhaidh eisíocaíochtaí ó chiste téarnaimh an Aontais (an Ungáir)
- an Ostair: €3.5 billiún de dheontais (0.87% den OTI) – €450 milliún mar réamh-mhaoiniú
- an Bheilg: €5.9 billiún de dheontais (1.25% den OTI) – €770 milliún mar réamh-mhaoiniú
- an Bhulgáir: €6.27 billiún de dheontais (10.24% den OTI)
- an Chróit: €6.3 billiún de dheontais (11.68% den OTI) – €818 milliún ina réamh-mhaoiniú
- an Chipir: €1 bhilliún de dheontais, €200 milliún d’iasachtaí, iomlán: €1.2 billiún de dheontais (5.61% den OTI) – €157 milliún ina réamh-mhaoiniú
- an tSeicia: €7.0 billiún de dheontais (3.25% den OTI) – €915 mhilliún ina réamh-mhaoiniú
- an Danmhairg: €1.5 billiún de dheontais (0.5% den OTI) – €202 mhilliún mar réamh-mhaoiniú
- an Eastóin: €970 milliún de dheontais (3.45% den OTI) – €126 mhilliún ina réamh-mhaoiniú
- an Fhionlainn: €2.1 billiún de dheontais (0.87% den OTI) – €271 mhilliún ina réamh-mhaoiniú
- an Fhrainc: €39.4 billiún de dheontais (1.62% den OTI) – €5.1 billiún mar réamh-mhaoiniú
- an Ghearmáin: €25.6 billiún de dheontais (0.75% den OTI) – €2.3 billiún mar réamh-mhaoiniú
- an Ghréig: €17.8 billiún de dheontais, €12.7 billiún d’iasachtaí, iomlán: €30.5 billiún de dheontais (16.27% den OTI) – €4 bhilliún mar réamh-mhaoiniú
- An Ungáir: €5.8 billiún de dheontais (3.98% den OTI)
- Éire: €989 milliún de dheontais (0.3% den OTI)
- an Iodáil: €68.9 billiún de dheontais, €122.6 billiún d’iasachtaí, iomlán: €191.5 billiún de dheontais (10.71% den OTI) – €24.9 billiún mar réamh-mhaoiniú
- an Laitvia: €1.8 billiún de dheontais (5.99% den OTI) – €237 milliún mar réamh-mhaoiniú
- an Liotuáin: €2.22 billiún de dheontais (4.59% den OTI) – €289 milliún mar réamh-mhaoiniú
- Lucsamburg: €93.4 milliún de dheontais (0.15% den OTI) – €12 mhilliún mar réamh-mhaoiniú
- Málta: €316.4 milliún de dheontais (2.3% den OTI) – €41.1 milliún mar réamh-mhaoiniú
- an Ísiltír: €4.7 billiún de dheontais (0.7% den OTI)
- an Pholainn: €35.4 billiún san iomlán (6.6% den OTI), €23.9 billiún de dheontais, €11.5 billiún d’iasachtaí
- an Phortaingéil: €13.9 billiún de dheontais, €2.7 billiún d’iasachtaí, iomlán: €16.6 billiún de dheontais (7.82% den OTI) – €2.2 billiún ina réamh-mhaoiniú
- an Rómáin: €29.2 billiún san iomlán (13.1% den OTI), €14.3 billiún de dheontais – €1.9 billiún mar réamh-mhaoiniú, €14.9 billiún in iasachtaí – €1.9 billiún mar réamh-mhaoiniú
- an tSlóvaic: €6.3 billiún de dheontais (6.72% den OTI) – €823 mhilliún mar réamh-mhaoiniú
- an tSlóivéin: €1.8 billiún de dheontais, €705 mhilliún d’iasachtaí, iomlán: €2.5 billiún de dheontais (5.17% den OTI) – €231 mhilliún ina réamh-mhaoiniú
- an Spáinn: €69.5 billiún de dheontais (5.58% den OTI) – €9 mbilliún mar réamh-mhaoiniú
- an tSualainn: €3.29 billiún de dheontais (0.69% den OTI)
Eochair eolais:
- Deontais = acmhainní nach gá do thíortha an Aontais a aisíoc leis an Aontas
- Iasachtaí = acmhainní a gheobhaidh Ballstát ar iasacht ón Aontas ag rátaí an-fhabhrach, a bhuí le rátáil ard bhannaí an Choimisiúin
- Réamh-mhaoiniú = suimeanna a fhaightear mar réamhíocaíocht ar an tsuim iomlán a iarradh, suas le 13%
- In % de OTI (2019)
Foinse: an Coimisiún Eorpach
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024