An chaoi a gcabhraíonn an tAontas le dídeanaithe ón Úcráin
Tar éis mór-ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá roinnt céimeanna tugtha ag an Aontas chun cabhrú le dídeanaithe atá ag teitheadh ón gcogadh, lena n-áirítear trí shásra cosanta sealadaí an Aontais.
Tacaíocht ón Aontas do dhídeanaithe ón Úcráin
Ag eascairt as mór-ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá na milliúin tar éis teitheadh ón gcogadh, agus iad ag lorg tearmainn i dtíortha san Aontas agus i bPoblacht na Moldóive.
Tá an tAontas ag seasamh i ndlúthpháirtíocht iomlán leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine. Mar fhreagairt ar fhogha na Rúise, tá neart agus cur le chéile léirithe ag an Aontas agus tá tacaíocht chomhordaithe pholaitiúil, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta curtha ar fáil aige don Úcráin.
Tá gníomhaíochtaí nithiúla déanta ag an Aontas chun cabhrú le dídeanaithe ón Úcráin, na bearta seo a leanas san áireamh:
- an sásra cosanta sealadaí d’Úcránaigh atá san Aontas
- cabhair dhaonnúil do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin san Úcráin
- tacaíocht cosanta sibhialta don Úcráin, do thíortha a bhfuil dídeanaithe á n‑óstáil acu agus do Ghníomhaireacht Dídeanaithe na Náisiún Aontaithe
- tacaíocht airgeadais agus theicniúil do na Ballstáit a bhfuil dídeanaithe á n‑óstáil acu
- tacaíocht bainistithe teorann do thíortha an Aontais a bhfuil dídeanaithe á n‑óstáil acu agus don Mholdóiv
Sásra cosanta sealadaí
Glacadh an treoir ón Aontas maidir le cosaint shealadach in 2001, tar éis an easáitithe ar mhórscála a tharla san Eoraip de dheasca na gcoinbhleachtaí armtha sna Balcáin Thiar, go háirithe ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus ón gCosaiv.
Is sásra de chuid an Aontais í an chosaint shealadach a ghníomhachtaítear i gcásanna eisceachtúla de mórphlódú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cosaint chomhchoiteann a thabhairt do dhaoine easáitithe
- an brú ar chórais tearmainn náisiúnta thíortha an Aontais a laghdú
Chuir an tAontas an sásra cosanta sealadaí do dhídeanaithe ón Úcráin i ngníomh i mí an Mhárta 2022. Cuireadh síneadh leis an sásra go deireanach go dtí an 4 Márta 2027. Faoin 30 Aibreán 2026, tá 4.37 milliún duine a theith ón Úcráin faoi chosaint shealadach san Aontas.
Tairbhithe de chosaint shealadach
Baineann an scéim cosanta sealadaí leis na daoine seo a leanas, má bhí siad ag cur fúthu san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 nó ar an dáta sin:
- náisiúnaigh den Úcráin agus a mbaill teaghlaigh
- náisiúnaigh nach náisiúnaigh de chuid na hÚcráine iad agus daoine gan stát a thairbhíonn de chosaint idirnáisiúnta san Úcráin (e.g. teifigh agus tairbhithe cosanta coimhdí) agus a mbaill teaghlaigh
- náisiúnaigh nach náisiúnaigh de chuid na hÚcráine iad a bhfuil cead buanchónaithe acu agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha (is féidir feidhm a bheith ag cosaint náisiúnta leordhóthanach freisin)
D'fhéadfadh an scéim seo a bheith infheidhme i gcás daoine eile freisin, ina measc:
- náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a theith as an Úcráin tamall gearr roimh an 24 Feabhra
- náisiúnaigh de chuid na hÚcráin a bhí i gcríoch an Aontais díreach roimh an 24 Feabhra (e.g. ar saoire nó chun críche oibre)
- náisiúnaigh nach náisiúnaigh de chuid na hÚcráine iad a bhfuil cead cónaithe neamhbhuan acu nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha
Deonaítear rochtain ar an Aontas orthu siúd uile atá ag teitheadh ón Úcráin, gan beann ar an gcatagóir, sula bhfilleann siad ar a n-áit tionscnaimh.
Tá na cearta seo a leanas ag tairbhithe de chosaint shealadach:
cónaí agus tithíocht
rochtain ar an margadh saothair
cúnamh leighis
leas sóisialta
caomhnóireacht do leanaí
oideachas do leanaí
Taistealaithe gan víosa iad náisiúnaigh den Úcráin. Nuair a ligtear isteach i gcríoch an Aontais iad, féadfaidh siad:
- gluaiseacht faoi shaoirse ar feadh thréimhse 90 lá
- tír den Aontas a roghnú ar mhaith leo na cearta cosanta sealadaí a theachtadh inti
Má thairbhítear den chosaint shealadach, ní hionann sin is a rá nach féidir cur isteach ar stádas dídeanaí ná ar na cineálacha eile cosanta atá ar fáil i dtíortha an Aontais.
Cé go bhfuil an chosaint shealadach uathoibríoch, ní mór do na tairbhithe cur isteach ar chead cónaithe sa tír den Aontas ar chinn siad fanacht inti, áfach.
An t-aistriú ó chosaint shealadach
An 16 Meán Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle moladh maidir leis an aistriú ó chosaint shealadach do dhaoine easáitithe ón Úcráin. Sainítear creat coiteann sa mholadh chun a chinntiú go bhfillfidh Úcránaigh easáitithe ar an Úcráin agus go ndéanfar iad a athimeascadh san Úcráin ar bhealach inbhuanaithe, nuair is féidir sin, chomh maith le haistriú de réir a chéile chuig stádais chónaithe eile dóibh siúd atá incháilithe.
Leis an moladh sin, tá an tAontas ag ullmhú do chur chuige comhordaithe don tráth a bheidh na dálaí san Úcráin fabhrach chun gur féidir deireadh a chur de réir a chéile leis an stádas cosanta sealadaí.
Oideachas do pháistí na hÚcráine
Faoi threoir an Aontais maidir le cosaint shealadach, tá an ceart dlíthiúil ag leanaí easáitithe ón Úcráin clárú i gcórais oideachais phoiblí áitiúla.
Ó 2022 i leith, tá méadú seasta tagtha ar líon na leanaí ón Úcráin atá cláraithe sna córais oideachais ina dtíortha óstacha Eorpacha. De réir shuirbhé 2024 UNHCR ar léargais shocheacnamaíocha ar 10 dtír (an Bhulgáir, an tSeicia, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, an Mholdóiv, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic), cláraíodh 79% ar an meán de leanaí easáitithe san oideachas éigeantach.
Tacaíonn an tAontas Eorpach leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sa réimse sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- tionscnaimh oideachais a mhaoiniú trí Erasmus+
- Treoir bheartais agus acmhainní a chur ar fáil d’oideoirí
- aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí leis an Úcráin a chur chun cinn
- cistiú ón Aontas a shlógadh chun cabhrú le hiarrachtaí lánpháirtíochta
Fánaíocht saor in aisce
An 1 Eanáir 2026, tugadh an Úcráin isteach i limistéar ‘fánaíocht ar tháillí baile’ an Aontais. Ciallaíonn sé sin go bhfuil muintir na hÚcráine atá ar chríoch an Aontais agus saoránaigh an Aontais atá san Úcráin in ann glaonna a chur, téacsanna a sheoladh agus sonraí móibíleacha a úsáid gan táillí breise.
Sular tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm, bhí comhaontú deonach idir oibreoirí teileachumarsáide an Aontais agus na hÚcráine i bhfeidhm ó mhí Aibreáin 2022 chun a chinntiú go bhféadfadh muintir na hEorpa agus na hÚcráine leas a bhaint as glaonna, téacsanna agus sonraí ar chostas íseal.
Tacaíocht do thíortha an Aontais a bhfuil dídeanaithe á n-óstáil acu
Cuid lárnach de fhreagairt chomhchoiteann na mBallstát ar an gcogadh is ea fáilte an Aontais roimh na daoine sin atá ar a dteitheadh ón mbaile. Is léiriú í an ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ar an dlúthpháirtíocht atá léirithe ag daoine ar fud an Aontais, chomh maith leis na hiarrachtaí ollmhóra atá déanta ag údaráis náisiúnta agus áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachais phobail agus gnólachtaí.
Tá tacaíocht leanúnach á cur ar fáil ag an Aontas do na Ballstáit agus tá bearta breise á ndéanamh aige i ndáil leis an méid sin.
Tacaíocht airgeadais
Tá rialacháin formheasta ag an Aontas chun cistí a chur ar fáil chun cabhrú le daoine atá ag éalú ón gcogadh san Úcráin. Cinnteofar leis na cistí sin go mbeidh dóthain acmhainní ag na Ballstáit a bhfuil dídeanaithe á n-óstáil acu chun freastal ar riachtanais tithíochta, oideachais agus cúraim sláinte, riachtanais atá ag dul i méid.
Chun tacú le tíortha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh éifeachtaí chogadh na Rúise san Úcráin a bhainistiú agus dídeanaithe ón Úcráin a óstáil, tá bearta déanta ag an Aontas ar mhaithe le tuilleadh solúbthachta i dtaobh cistí bheartas comhtháthaithe an Aontais a úsáid, mar shampla, trí leathnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann acmhainní a aistriú idir cláir agus maoiniú 100% a fháil ón Aontas, agus trí fhoráil a dhéanamh do réamh-mhaoiniú breise tionscadal chun fóirithint láithreach a chur ar fáil do na Ballstáit.
Tráth ar thug an Rúis fogha faoin Úcráin, shainaithin an tAontas tuairim is €17 mbilliún de chistí don chomhtháthú agus don téarnamh iarphaindéime, san iomlán, a d'fhéadfadh na Ballstáit a ath-leithdháileadh chun tacú le dídeanaithe ón Úcráin a bhfuil riachtanais phráinneacha acu, mar shampla, tithíocht, oideachas, cúram sláinte agus cúram leanaí. Cuimsíodh leis sin €7 mbilliún de chistí don bheartas comhtháthaithe ón tréimhse 2014 go 2020 nár caitheadh, agus tuairim is €10 mbilliún de chistí a cuireadh i leataobh le haghaidh an téarnaimh iarphaindéime faoin gCúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU).
De bharr na mbeart solúbthachta sin, beidh sé níos éasca réimse leathan gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun tacú le daoine atá ag teitheadh ón gcogadh agus cinnteofar tacaíocht dhíreach leordhóthanach dóibh siúd atá ag obair le dídeanaithe i bpobail áitiúla.
I mí Aibreáin 2022, ghlac an Chomhairle rialachán freisin maidir leis an méid seo a leanas:
- suas le €420 milliún de chistí atá fágtha ó chiste gnóthaí baile 2014-2020 a scaoileadh
- cur ar chumas na mBallstát agus deontóirí poiblí nó príobháideacha eile ranníocaíochtaí breise a dhéanamh faoi Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht 2021-2027
- Tuilleadh solúbthachta ceadaithe ag an gComhairle maidir le húsáid chistí an bheartais chomhtháthaithe mar fhreagairt ar chogadh na Rúise san Úcráin (preaseisiúint, an 13 Deireadh Fómhair 2022)
- An Úcráin: €3.5 billiún de réamh-mhaoiniú breise le fáil ag tíortha an Aontais atá ag glacadh le dídeanaithe (preaseisiúint, an 12 Aibreán 2022)
- An Úcráin: €17 mbilliún de chistí an Aontais chun cabhrú le dídeanaithe (preaseisiúint, an 4 Aibreán 2022)
Tacaíocht theicniúil
D’eisigh an Coimisiún Eorpach treoirlínte oibríochtúla chun tacú leis na Ballstáit an treoir um chosaint shealadach a chur i bhfeidhm.
Ina theannta sin, cuireann sé saineolas teicniúil ar fáil – faoin ionstraim um thacaíocht theicniúil – chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit i ndáil leis an méid seo a leanas:
- cistí an Aontais a ionsú chun críoch glactha agus lánpháirtíochta
- an sásra cosanta sealadaí a chur chun feidhme
- Treoirlínte oibríochtúla chun tacú leis na Ballstáit agus an Treoir um Chosaint Shealadach á cur i bhfeidhm acu (an Coimisiún Eorpach)
- An Úcráin: glao speisialta seolta ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit (an Coimisiún Eorpach)
Tacaíocht do bhainistiú teorainneacha
D’eisigh an Coimisiún Eorpach treoirlínte oibríochtúla chun cuidiú le gardaí teorann na mBallstát bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar líon na ndídeanaithe atá ag teacht chuig na teorainneacha leis an Úcráin agus laghdú a dhéanamh ar na hamanna feithimh agus ardleibhéal slándála a choinneáil ag an am céanna.
An 17 Márta 2022, shínigh an tAontas comhaontú stádais leis an Moldóiv maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla atá a ndéanamh ag Frontex. Leis an gcomhaontú sin, cuirtear ar chumas Frontex cabhrú leis an Moldóiv i dtaca le bainistiú teorainneacha trí fhoirne a imscaradh ar féidir leo tacaíocht a thabhairt d’údaráis na Moldóive i gcúraimí mar chlárú agus seiceálacha teorann.
Bearta eile de chuid an Aontais chun tacú leis an Úcráin
Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi chúnamh an Aontais don Úcráin.
Féach freisin
Cogadh na Rúise ar an Úcráin
Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin
An Comhshocrú maidir le himirce agus tearmann
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Iúil 2026