Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 13/07/2015, 13 Iúil 2015

Príomhthorthaí

Clár oibre na hUachtaránachta

Le linn don Uachtaránacht a clár oibre don talmhaíocht agus do chúrsaí iascaigh a chur i láthair don tréimhse sé mhí atá romhainn, mheabhraigh sí go gcaithfidh an inbhuanaitheacht bheith mar bhunphrionsabal chun talmhaíocht na hEorpa a fhorbairt amach anseo. Chuir an Uachtaránacht in iúl, áfach, a thábhachtaí atá sé freisin an ghné eacnamaíoch agus shóisialta a chur san áireamh, chomh maith leis na fachtóirí sláinte agus comhshaoil ábhartha.

Leis an díospóireacht a bhí againn inniu faoin togra lena gcuirfí ar chumas na mBallstát gan OGManna a úsáid, léirítear go soiléir gur saincheist í seo atá thar a bheith íogair i gcónaí san Aontas. Thug an Uachtaránacht sainordú do Mheitheal de chuid na Comhairle na gnéithe teicniúla den togra a scrúdú.” Fernand Etgen, Aireacht Talmhaíochta Lucsamburg

Togra le haghaidh Rialachán maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna)

Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas maidir le togra le haghaidh Rialachán faoina mbeadh na Ballstáit in ann srian nó cosc a chur ar úsáid bia agus beatha a ndéantar géinmhodhnú orthu ina gcríoch féin.

Le linn an idirphlé a rinneadh ina dhiaidh sin, chuir an chuid is mó de na Ballstáit in iúl go raibh amhras éigin orthu maidir leis an togra. Cheistigh a lán díobh cé chomh sábháilte ó thaobh dlí de a bheadh na clásail faoi rogha an diúltaithe a bheadh ag na Ballstáit. Mheas siad go bhféadfaí an margadh aonair a lagú leis an bpróiseas nua agus go bhféadfadh sé go sárófaí gealltanais idirnáisiúnta an Aontais. Ba oth le roinnt mhaith toscaireachtaí nár ullmhaíodh aon mheasúnú tionchair in éineacht leis an togra.

Forbairtí ar an margadh talmhaíochta 

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin i ndáil le forbairtí ar an margadh talmhaíochta, go háirithe i ndáil le tionchar an toirmisc, a d'fhorchuir an Rúis ar tháirgí talmhaíochta ón Aontas Eorpach ó mhí Lúnasa 2014.

Le linn an chruinnithe, léirigh na Ballstáit gur ábhar imní dóibh na hiarmhairtí do na hearnálacha sin is mó atá thíos leis an toirmeasc, i.e. táirgí déiríochta, muiceoil agus torthaí agus glasraí.  Níl hé an toirmeasc atá forchurtha ag an Rúis an t-aon chúis leis na dálaí deacra eacnamaíocha atá ag earnáil an bhainne agus earnáil na muiceola san Aontas, earnálacha ina bhfuil brú suntasach ar na praghsanna. D’fhógair an Coimisiún bearta margaidh do thorthaí, do ghlasraí agus do bhainne.

Léirigh roinnt toscaireachtaí gur cheart aird an Aontais a dhíriú ar thodhchaí earnáil an tsiúcra freisin. Tá siad ag súil go mbeidh tuirlingt shéimh ann ag deireadh an chórais cuóta atá sceidealaithe don bhliain 2017.

Dar le hUachtarán na Comhairle, Fernand Etgen: "Is é ceann de phríomhthosaíochtaí ár nUachtaránachta súil ghéar a choimeád ar na margaí talmhaíochta. Is mian linn go gcoimeádfar sinn ar an eolas maidir leis an bhforbairt a thiocfaidh ar na hearnálacha a bhfuil deacrachtaí acu, d’fhonn bheith in ann freagairt más gá.”

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025