Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 16/06/2015, 16 Meitheamh 2015

Na príomhthorthaí

Seasamh na Comhairle maidir le feirmeoireacht orgánach  

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoi chur chuige ginearálta le haghaidh Rialachán maidir le feirmeoireacht orgánach.

Tar éis an dianobair a rinneamar le linn na hUachtaránachta agus an plé fada a bhí againn inniu, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil lena bhféadfaimid dul i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcreat dlíthiúil a bheidh ann amach anseo don fheirmeoireacht orgánach”. Jānis Dūklavs, Aire Talmhaíochta na Laitvia

Dírítear leis an togra seo ar athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana maidir le táirgeadh orgánach agus ar lipéadú táirgí orgánacha chun fáil réidh le bacainní atá sa bhealach ar fhorbairt táirgthe orgánaigh san Aontas Eorpach, chun iomaíocht chothrom a chinntiú d’fheirmeoirí agus d'oibreoirí agus chun muinín an tomhaltóra i dtáirgí orgánacha a fheabhsú.

Thug an tAire Jānis Dūklavs na nithe seo leanas ar aird: “Tar éis an dianobair a rinneamar le linn na hUachtaránachta agus an plé fada a bhí againn inniu, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil lena bhféadfaimid dul i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcreat dlíthiúil a bheidh ann amach anseo don fheirmeoireacht orgánach”.

Comhairliúchán maidir le deiseanna iascaireachta do 2016 

Cuireadh na hAirí ar an eolas faoi Theachtaireacht ón gCoimisiún maidir le deiseanna iascaireachta do 2016.  

D’aithin roinnt Ballstát an feabhas foriomlán atá tagtha ar staid na n-acmhainní éisc a luaitear sa Teachtaireacht. Mheabhraigh siad freisin an tábhacht a bhaineann le pleananna ilbhliantúla a bhunú ina mbeidh cur chuige ilspeiceas i leith stoic éisc. Chuir go leor toscaireachtaí béim freisin ar na hiarmhairtí a bheidh ag an gComhbheartas Iascaigh nua (CBI) maidir le deiseanna iascaireachta in 2016, agus go háirithe an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír faoina gcuimseofar iascach grinneallach sa Mhuir Thuaidh agus in Uiscí Atlantacha an Aontais an bhliain seo chugainn freisin.  

Déanfar na deiseanna iascaireachta do 2016, nach mór don Chomhairle teacht ar chomhaontú fúthu faoi Uachtaránacht Lucsamburg, a chinneadh agus tionchar na gcabhlach iascaireachta ar stoic (ráta básmhaireachta san iascaireacht) á chur san áireamh. Is é tátal a bhain roinnt mhaith tíortha as sin go gcaithfear druidim i dtreo leibhéil is gá chun go dtiocfaidh le stoic iad féin a athbhunú go leibhéil bhithmhaise lenar féidir leo uastoradh inbhuanaithe a thabhairt (MSY) agus na gnéithe socheacnamaíochaá n-áireamh.  

Dúirt an tAire Duklavs, Uachtarán na Comhairle: "Sa phlé a rinne an Chomhairle, d'athdhearbhaigh sí an tiomantas láidir atá aici an Comhbheartas Iascaigh nua a chur chun feidhme chun iascach an Aontais a chur ar bhonn níos inbhuanaithe".

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025