Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 18/07/2016, 18 Iúil 2016

Na príomhthorthaí

Chuir an Uachtaránacht a clár oibre agus a cuid tosaíochtaí i réimsí na talmhaíochta agus an iascaigh i láthair. Áit na bhfeirmeoirí sa slabhra soláthair a neartú sin ceann de na príomhthosaíochtaí a bheidh ann chomh maith leis an trédhearcacht a mhéadú sa chaidreamh idir na gníomhaithe éagsúla sa slabhra. Beidh an méid sin mar phríomhthéama ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bheidh ag na hairí talmhaíochta sa Bhratasláiv ar an 11-12 Meán Fómhair 2016.

Staid an mhargaidh agus bearta tacaíochta

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoin méid a thit amach le déanaí sna príomhearnálacha talmhaíochta agus faoin dul chun cinn a bhí déanta ó thaobh bearta tacaíochta margaidh a comhaontaíodh roimhe sin a chur chun feidhme.

Mar fhreagairt don chor leantach chun donais sa mhargadh agus do na hábhair imní a chuir na hAirí in iúl go láidir, thíolaic an Coimisiún tríú pacáiste de bhearta tacaíochta ar fiú €500 milliún é lena dtugtar aghaidh go príomha ar earnáil na déiríochta, ach ar earnáil an bheostoic freisin. Leis na bearta sin féachtar le dul i ngleic leis an ngéarchéim tríd an táirgiúlacht, agus go hindíreach na praghsanna, a chobhsú agus féachtar freisin le leachtacht a chur ar fáil d’fheirmeoirí.

Leithdháilfear, trí bheart uile-Aontais, €150 milliún ar na feirmeoirí sin a bhfuil cinneadh déanta acu go deonach a gcuid táirgí déiríochta a laghdú agus ar an gcaoi sin cuideofar le hathbhunú na cothromaíochta idir an t-éileamh agus an soláthar sa mhargadh. Thairis sin, cuirfear €350million ar fáil go mear trí chlúdaigh airgeadais náisiúnta chun cabhrú le táirgeoirí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sreafa airgid. Beidh an chabhair sin coinníollach ar ghealltanais áirithe a bheith comhlíonta. Díreofar aird faoi leith ar fheirmeoirí gabháltas beag. Beidh an tsolúbthacht is fearr is féidir ag na Ballstáit chun leas a bhaint as na cistí seo chun tacú leis na hearnálacha leochaileacha beostoic agus beidh siad in ann íocaíochtaí breise naisiúnta suas le 100% a sholáthar freisin.

Áirítear le gnéithe eile den phacáiste: athbhreithniú ar chomhaontuithe i ndáil le tacaíocht chúpláilte dheonach don earnáil déiríochta, síneadh na tréimhse maidir le hidirghabháil phoiblí agus stóráil phríobháideach le haghaidh púdar bainne bhearrtha, réamhíocaíochtaí a dhéanfar go luath, a bheidh méadaithe agus nach mbeidh gá le cigireacht ar an láthair a dhéanamh ina leith agus praghsanna aistarraingthe níos airde do thorthaí agus glasraí.

Is lá tábhachtach é seo. Tá comhaontú déanta againn maidir le réitigh chun cabhrú le feirmeoirí na hEorpa aghaidh a thabhairt ar an meath atá tagtha ar a gcaighdeán saoil de bharr an choir chun donais sa mhargadh agus luaineacht na bpraghsanna.” Gabriela Matečná, Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe na Slóvaice

Thacaigh na hairí go ginearálta leis an bpacáiste a thíolaic an Coimisiún agus chuir cuid acu i bhfios a thábhachtaí atá sé go gcloífí leis an mbéim atá ar an margadh sa Chomhbheartas Talmhaíochta agus go dtabharfar aghaidh ar mhíchothromaíochtaí struchtúracha sa mhargadh sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Dúirt Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle Gabriela Matečná an méid a leanas: “Is lá tábhachtach é seo. Tá comhaontú déanta againn maidir le réitigh chun cabhrú le feirmeoirí na hEorpa aghaidh a thabhairt ar an meath atá tagtha ar a gcaighdeán saoil de bharr an choir chun donais sa mhargadh agus luaineacht na bpraghsanna. Leis an bpacáiste seo de bhearta tacaíochta, ar fiú €500 milliún é, deimhnítear ríthábhacht na talmhaíochta ó thaobh gheilleagar na hEorpa agus na sochaí i gcoitinne de, agus tá sé ar aon dul go hiomlán leis an mbéim ar an margadh is dual don Chomhbheartais Talmhaíochta.”

Saincheisteanna maidir le trádáil idirnáisiúnta sa talmhaíocht

Ina theannta sin, phléigh an Chomhairle saincheist na gcomhaontuithe saorthrádála idirnáisiúnta agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag roinnt leis an gcaibidlíocht trádála atá ar siúl le tríú tíortha ar thalmhaíocht na hEorpa.

Tá an tAontas Eorpach tar éis an trádáil talmhaíochta a leathnú tuilleadh le míonna beaga anuas, ar aon dul lena stádas mar mhór-thrádálaí an domhain, agus faoi láthair tá sé ag saothrú comhaontuithe saorthrádála uaillmhianacha le gníomhaithe tábhachtacha domhanda, idir thíortha agus réigiúin. Chuir roinnt airí in iúl go bhfuil gá le comhaontuithe cothroma idirnáisiúnta i ndáil leis an talmhaíocht.

Glasú agus simpliú

Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas maidir le torthaí an athbhreithnithe a rinne sé ar fhorálacha an Chomhbheartais Talmhaíochta i dtaca le glasú. Bhí an t-athbhreithniú bunaithe ar chomhairliúchán poiblí agus rinneadh anailís ann ar an taithí a fuarthas sa chéad bhliain de chur chun feidhme an ghlasaithe sna Ballstáit. Leagadh amach ann freisin na chéad chéimeanna eile maidir le simpliú na gceanglas glasaithe.

Sa díospóireacht a bhí ag na hairí ina dhiaidh sin chuir siad a dtuairimí in iúl maidir leis na gníomhaíochtaí a mhol an Coimisiún, a bhain go príomha le gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, agus chuir siad in iúl an athuair a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí simpliú mar is ceart lena laghdófar an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí agus ar na córais riaracháin phoiblí freisin.

Cuirfidh an Uachtaránacht na príomhtheachtaireachtaí i dtaca le glasú in iúl i litir chuig an gCoimisiún ina mbeidh achoimre ar na príomhcheisteanna a d’ardaigh na Ballstáit.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025