Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 06/11/2017, 6 Samhain 2017

Na príomhthorthaí

Trádáil

Thug an Coimisiún an Chomhairle cothrom le dáta faoi staid reatha roinnt saincheisteanna talmhaíochta a bhaineann le trádáil, agus go háirithe faoin gcaibidlíocht le Meicsiceo, le Mercosur agus an chaibidlíocht san Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Ba dhíol sásaimh do na hairí an dul chun cinn atá déanta ach léirigh siad go raibh imní orthu freisin faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag comhaontuithe saorthrádála ar tháirgí íogaire talmhaíochta amhail mairteoil, eatánól agus siúcra. Spreag siad an Coimisiún freisin ról níos dlúithe a thabhairt do na Ballstáit sa chaibidlíocht.

"Tá comhaontuithe trádála ríthábhachtach don Aontas Eorpach agus féadfaidh siad cabhrú leis na feirmeoirí seo againne chun go mbeidh ráth orthu go hidirnáisiúnta. Is mian linn a chinntiú go gcuirfear san áireamh i gcomhaontú ar bith a bheidh ann amach anseo na híogaireachtaí a bhaineann leis na hearnálacha talmhaíochta, go ndéanfar na feirmeoirí seo againne a chosaint agus go gcuirfear borradh faoina n-iomaíochas" Tarmo Tamm, Aire Gnóthaí Tuaithe na hEastóine.

Bainistíocht inbhuanaithe na hithreach

Thug an Uachtaránacht cuntas gairid ar thoradh na comhdhála ardleibhéil maidir le 'An ithir le haghaidh táirgeadh inbhuanaithe bia agus seirbhísí inbhuanaithe éiceachórais', a tionóladh i dTaillinn i mí Dheireadh Fómhair. Ba dhíol sásaimh do na hairí an tionscnamh agus phléigh siad an bealach chun an leibhéal ard táirgeachta talmhaíochta atá ann faoi láthair a choimeád agus ag an am céanna a áirithiú go ndéanfar ithreacha talmhaíochta a bhainistiú go hinbhuanaithe, mar aon le straitéisí féideartha chun ithreacha luachmhara talmhaíochta a chosaint. Thug na hairí aghaidh ar an ábhar sainiúil maidir le séalú ithreach agus le caillteanas talún talmhaíochta, d’aithin siad go mbeadh na réitigh ag brath ar shainiúlachtaí náisiúnta den chuid is mó agus gur cheart malartú dea-chleachtas a spreagadh.

“Tá ról tábhachtach ag bainistíocht inbhuanaithe na hithreach chun slándáil bia a áirithiú. Tá bealaí ann chun spreagadh a thabhairt don diansaothrú inbhuanaithe ar tháirgeadh bia, agus caighdeán na n-ithreacha talmhaíochta a áirithiú. Is le haistriú eolais agus leis an nuálaíocht, mar shampla, is féidir é sin a dhéanamh. Ina theannta sin, is tábhachtach feasacht a mhúscailt agus dreasachtaí breise a chruthú d’fheirmeoirí trí bhearta tacaíochta. Ba cheart na gnéithe sin a chur san áireamh sa chomhbheartas talmhaíochta amach anseo.” Tarmo Tamm, Aire Gnóthaí Tuaithe na hEastóine

Lotnaidicídí

Chuir an Coimisiún torthaí a thuarascála maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí in iúl don Chomhairle. Le linn na díospóireachta a tharla i ndiaidh an chur i láthair, roinn na hairí smaointe faoi na bearta reatha agus na bearta a bheadh ann amach anseo chun cuspóirí na treorach Eorpaí maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach, agus an bealach chun dlús a chur le cur chun feidhme na bprionsabal comhtháite maidir le bainistíocht lotnaidí.

"Tá úsáid lotnaidicídí tábhachtach do na saoránaigh s’againne, ní hamháin go bhfuil bia sábháilte uathu, ach bia a thairgtear lena n-urramaítear ar an gcaighdeán is airde dá bhfuil ann sláinte an duine agus an comhshaol. Táimid ag iarraidh feabhas a chur ar an staid mar atá chun gur fearr an chosaint a bheidh ag muintir an Aontais ar fud na mór-roinne ó thaobh an tsláinte de". Tarmo Tamm, Aire Gnóthaí Tuaithe na hEastóine

Ábhair eile ar an gclár oibre

Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoi thoradh an chruinnithe mullaigh 'Táirgí ar chomhcháilíocht do chách' agus torthaí chruinniú an ghrúpa Visegrad ar an 21 Meán Fómhair, agus go háirithe an plé a bhí aige faoin treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite agus faoin tionscnamh BIOEAST atá ar bun i réimse na talmhaíochta, an dobharshaothraithe agus na foraoiseachta eolas-bhunaithe sa bhithgheilleagar.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025