- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 09/10/2017, 9 Deireadh Fómhair 2017
Na príomhthorthaí
Iascach
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis na deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt do 2018.
Tar éis caibidlíochta a mhair an lá ar fad, tháinig na hAirí ar chomhaontú maidir leis an uasmhéid éisc a cheadófar d’iascairí an Aontais a ghabháil an bhliain seo chugainn as an deich bpríomhchinn de stoic thráchtála i Muir Bhailt, méid dá ngairtear an “Ghabháil Iomlán is Incheadaithe” (TAC) fosta.
“Is fusa gaineamh a chur i ngad ná deiseanna iascaireachta a shocrú. Rinneamar é agus lánurraim á tabhairt do chuspóirí an chomhbheartais iascaigh, d'fhorálacha an phlean do Mhuir Bhailt agus do chomhairle eolaíoch. Tá an inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil fite fuaite sa chomhaontú deiridh.”
Siim Kiisler,Aire Comhshaoil na hEastóine agus Uachtarán na Comhairle
Bhí malartú tuairimí ag na hAirí, fosta, maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh ag an Aontas ag na comhairliúcháin bhliantúla idir an tAontas agus an Iorua faoi chuimsiú a gcomhaontaithe iascaigh dhéthaobhaigh, agus ag an gcruinniú bliantúil den Choimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) atá le bheith ar siúl ar an 14-21 Samhain 2017 i Maracó.
Talmhaíocht
Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí sna margaí talmhaíochta is tábhachtaí. Bhí na hAirí ar aon tuairim, a bheag nó a mhór, le measúnú an Choimisiúin go raibh na margaíag téarnamh, ach d’athdhearbhaigh siad, fosta, gur gá súil ghéar a choinneáil amach anseo ar fhorbairtí bainteach le deireadh chuótaí siúcra an Aontais, le dálaí dúshlánacha aeráide i roinnt de na Ballstáit agus le fiabhras Afracach na muc, as measc nithe eile. I rith an phlé seo, bhí deis ann na hairí a chur ar an eolas faoin gcomhaontú saorthrádála le Mercosur.
Bhí malartú tuairimí ansin ar ról na talmhaíochta i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na himpleachtaí a bhféadfadh a bheith ag an gclár sin maidir le talmhaíocht an Aontais, ag féachaint di go háirithe don chomhbheartas talmhaíochta a bheidh ann amach anseo.
Sa díospóireacht a bhí ann ina dhiaidh sin, bhí na hAirí den tuairim chéanna, go ginearálta, go bhfuil an talmhaíocht fíorthábhachtach chun roinnt spriocanna a bhaint amach maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe agus go gcaithfear feabhas a chur ar a n-ionstraimí beartais amach anseo chun na spriocanna sin a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt fosta ar na dúshláin úra a bhaineann leis an tslándáil bia agus leis anathrú aeráide.
“Féadfaidh an talmhaíocht cuidiú go mór chun fás inbhuanaithe cuimsitheach a ghiniúint, trí phoist a chruthú san earnáil agraibhia agus trína áirithiú go ndéanfar bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha.”
Tarmo Tamm, Aire Gnóthaí Tuaithe na hEastóine agus Uachtarán na Comhairle
Ábhair eile ar an gclár oibre
Cuireadh na hAirí ar an eolas maidir le roinnt saincheisteanna eile, lena n-áirítear an obair leantach i ndáil leis an teagmhas fiprinil uibhe, maoiniú áis comhordúcháin mionúsáide an Aontais, an nós imeachta frith-fhóirdheontais agus frithdhumpála arna oscailt ag na Stáit Aontaithe i gcoinne ológa dubha boird na Spáinne, agus slabhraí soláthair inbhuanaithe nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu, agus staid chur chun feidhme chiste Eorpach muirí agus iascaigh.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- An clár táscach - An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, an 9 Deireadh Fómhair 2017
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 9 Deireadh Fómhair 2017
- Liosta na míreanna A, plé ar théacsanna reachtacha, an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 9 Deireadh Fómhair 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 9 Deireadh Fómhair 2017
Preaseisiúintí
- An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le teorainneacha gabhála i Muir Bhailt do 2018
- 09/10/2017
- Acmhainní géiniteacha plandaí do bhia agus don talmhaíocht: conclúidí ón gComhairle
- 09/10/2017
- Le sonraí oscailte cruthaítear seirbhísí digiteacha níos fearr do shaoránaigh
- 09/10/2017
- Aontas na margaí caipitil: Rialacha nua glactha maidir le caipiteal fiontair
- 09/10/2017
- Poblacht na Cirgise: An tAontas le tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú nua
- 09/10/2017
- Comhar níos dlúithe agus comhpháirtíocht atreisithe le slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú
- 09/10/2017
- Dearbhaítear an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSile i dtaca le trádáil táirgí orgánacha
- 09/10/2017
- Baill theo saor in aisce WiFi4EU: le teacht ar an bhfód
- 09/10/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Miruna Georgescu Press officer
- +32 471 33 53 34
- +32 2 281 47 70
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #AGRIFISH
Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025