Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 19/02/2018, 19 Feabhra 2018

Na príomhthorthaí

Todhchaí an bhia agus na feirmeoireachta: An Comhbheartas Talmhaíochta i ndiaidh 2020

Bhí plé fiúntach againn inniu ar roinnt de na gnéithe is tábhachtaí den Chomhbheartas Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo: an tacaíocht dhíreach, an comhshaol agus an fhorbairt tuaithe. Tá sé d’fhreagracht orainn an bhunchloch a leagan do bheartas nua-aimseartha lena dtabharfar luach a saothair d’fheirmeoirí mar is ceart, as earraí ardluacha poiblí a chur ar fáil, amhail an tslándáil bia, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus cosaint na limistéar tuaithe. Rumen Porodzanov, aire talmhaíochta, foraoiseachta agus bia Phoblacht na Bulgáire agus uachtarán na Comhairle

Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin teachtaireacht maidir le todhchaí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT). Le linn seisiún poiblí, dhírigh an Chomhairle go háirithe ar an tacaíocht dhíreach a sholáthraíonn an tAontas d’fheirmeoirí na hEorpa, ar ghné chomhshaoil an CBT, agus ar fhorbairt na tuaithe.

Le linn na díospóireachta, leag na hairí béim ar thábhachtna n-íocaíochtaí díreacha agus dúirt siad go bhféadfaí ceapadh na n-íocaíochtaí sin a fheabhsú tuilleadh trína ndéanamh níos cothroime,níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí d’fheirmeoirí ar fud an Aontais. Dhírigh na hairí aird freisin ar an méid a dhéanann feirmeoirí chun an comhshaol a chosaint agusan t-athrú aeráide a mhaolú. D’iarr siad go ndéanfaí an CBT a bheith níos uaillmhianaí i ndáil leis an gcomhshaol ach ar an gcoinníoll go ndéanfaí feirmeoirí a chúiteamh mar is ceart as na hearraí poiblí sin a chur ar fáil. Leag siad béim freisin ar a riachtanaí a bhí sé limistéir tuaithe a bheadh beo láidir a choinneáil, go háirithe trí phoist a chruthú, an fás a chur chun cinn agus athnuachan na nglúnta a chothú in earnáil na feirmeoireachta. Dhearbhaigh siad a éifeachtaí atá dara colún an CBT agus d’iarr siad go ndéanfaí na cláir forbartha tuaithe a shimpliú mar is ceart.

Talmhaíocht agus an bithgheilleagar

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle faoi ról na talmhaíochta maidir le hathbhreithniú straitéis an Aontais don bhithgheilleagar don bhliain 2012. Is é atá sa bhithgheilleagar na codanna sin den gheilleagar ina n-úsáidtear acmhainní in-athnuaite bitheolaíocha ón talamh agus ón bhfarraige chun táirgí breisluacha a tháirgeadh, amhail bia, beatha, ábhair agus fuinneamh.

Tá deiseanna eacnamaíocha iontacha ar fáil leis an mbithgheilleagar dár bhfeirmeoirí agus dár bhforaoiseoirí. Caithfimid a chinntiú go mbeidh siad in ann an deis seo a thapú agus caithfimid cabhrú leo páirt a ghlacadh i slabhraí luacha an bhithgheilleagair. Rumen Porodzanov, aire talmhaíochta, foraoiseachta agus bia Phoblacht na Bulgáire agus uachtarán na Comhairle

Plean próitéine an Aontais

Thug an Coimisiún eolas don Chomhairle maidir lena bhfuil ar intinn aige dá phlean próitéine chun aghaidh a thabhairt ar sheanfhadhb mhóreasnamh próitéine beatha an Aontais. Tá an plean le bheith foilsithe faoi dheireadh 2018 agus beidh sé dírithe ar an taighde agus an nuálaíocht, ar dhúshláin agranamaíocha agus ar thairbhí comhshaoil na mbarr próitéine, ar shlabhraí soláthair/luacha a fhorbairt agus ar acmhainneacht chun margaidh phróitéiní plándaí an Aontais i ndeighleoga éagsúla den mhargadh.

Ba dhíol sásaimh do na hairí na tionscnaimh ón gCoimisiún agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé go dtabharfaí aghaidh ar an gceist sin ar bhealach atá comhoiriúnach do chosaint an chomhshaoil agus don chomhrac i gcoinne an dífhoraoisithe.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil ag na hairí ag an lón ar an ábhar 'roghanna straitéiseacha don CBT' agus cuireadh ar an eolas iad faoin méid seo a leanas:

  • ráiteas ó ghrúpa Visegrád + an Chróit faoin CBT tar éis 2020
  • an méid a chuirfidh an beartas comhtháthaithe agus beartais eile de chuid an Aontais leis an bhforbairt tuaithe tar éis 2020
  • An tascfhórsa don Afraic tuaithe, a bheidh á sheoladh go luath amach anseo

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025