Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 29/01/2018, 29 Eanáir 2018

Na príomhthorthaí

Thíolaic an Uachtaránacht a clár oibre agus a tosaíochtaí i réimsí na talmhaíochta agus an iascaigh. Go sonrach, stiúraigh sí an díospóireacht maidir le nuachóiriú agus simpliú a dhéanamh aran gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) tar éis 2020 agus an díospóireacht maidir leis an mbuiséad talmhaíochta sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Ar na tosaíochtaí eile, áirítear cleachtais éagóracha trádála, foraoiseacht, faireachán a dhéanamh ar staid an mhargaidh agus an chaibidlíocht trádála atá ar siúl faoi láthair. Beidh bainistiú inbhuanaithe shláinte na n-ainmhithe agus an pacáiste maidir le cógais d’ainmhithe mar chuid thábhachtach den chéad chlár oibre sé mhí eile, freisin, mar aon le pleananna ilbhliantúla bainistíochta agus bearta teicniúla i réimse an iascaigh.

Todhchaí an bhia agus na feirmeoireachta: Comhbheartas talmhaíochta i ndiaidh 2020

Ní hamháin gurb é todhchaí CBT príomhthosaíocht na hUachtaránachta againn don chéad sé mhí eile, ach, ina theannta sin, is saincheist ríthábhachtach é don Aontas seo againne ina iomláine. Sin é an fáth ar bheartaíomar ár ndíospóireachtaí uile a chur ar bun go poiblí. Is mian linn bheith rannpháirteach i ndíospóireacht oscailte a chuirfidh feabhas ar thodhchaí CBT agus lena dtabharfar na huirlisí cearta don chomhbheartas chun bheith iomaíoch agus chun dul i ngleic le dúshlán na hinbhuanaitheachta. Rumen Porodzanov, an tAire Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia ó Phoblacht na Bulgáire agus uachtarán na Comhairle

Mhalartaigh na hairí tuairimí maidir leis an teachtaireacht i ndáil le "Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta", ina leagtar amach fís an Choimisiúin dá mbeidh i ndán do CBT tar éis 2020. Le linn seisiún poiblí, dhírigh an Chomhairle go háirithe ar bhreisluach CBT, príomhchuspóirí an Aontais atá le coinneáil ar bun, agus an leibhéal iomchuí coimhdeachta.

Leag na hairí béim ar an mbreisluach a ghabhann le CBT d’fheirmeoirí, do na saoránaigh agus don tsochaí ina hiomláine, agus ar an bpríomhról atá aige chun rannchuidiú le feirmeoirí ioncam cóir a fháil, chun an tslándáil bhia agus an táirgeadh bia ar fud an Aontais a áirithiú, chun dul i ngleic leis an dúshlán maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an maolú aeráide, agus chun limistéir thuaithe a choimeád láidir, inbhuanaithe. D’aontaigh na hairí freisin go raibh sé tábhachtach, chun go gcaomhnófar an breisluach sin, go ndéanfaí CBT a chistiú go leordhóthanach.

Maidir leis an inbhuanaitheacht, thug na hairí rabhadh i gcoinne athnáisiúnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an mbeartas is seanbhunaithe de chuid an Aontais, agus chuir siad i bhfios go láidir, cé go raibh sé tábhachtach go mbeadh CBT níos solúbtha agus níos inoiriúnaithe do shainiúlachtaí náisiúnta agus do riachtanais náisiúnta, go raibh an baol ann go bhféadfadh sé, leis an tsamhail nua seachadta, go gcuirfí leis an ualach riaracháin, go ndéanfaí an iomaíocht a shaobhadh agus go bhfágfaí moille ar íocaíochtaí díreacha a aisíoc.

Margaí agus Trádáil

Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoina bhfuil ag titim amach le tamall anuas sna margaí talmhaíochta is tábhachtaí, go háirithe margaí na déiríochta, an tsiúcra agus na muiceola, agus faoin staid mar atá i leith saincheisteanna talmhaíochta a bhaineann le trádáil, agus béim ar leith á leagan ar an gcaibidlíocht le Meicsiceo agus le Mercosur agus laistigh den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT).

Ba dhíol sásaimh do na hairí an staid dhearfach agus an dearcadh dearfach eacnamaíoch atá ann i gcoitinne sna príomh-mhargaí talmhaíochta, ach gheall siad an athuair go ndéanfaidís dlúthfhaireachán ar a dtitfidh amach sa todhchaí, go háirithe i ndáil leis an méid seo a leanas: saincheisteanna sláintíochta agus fíteashláintíochta, dálaí aimsire dúshlánacha agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag comhaontuithe saorthrádála ar tháirgí talmhaíochta íogaire.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil ag na hairí ag am lóin maidir le cur chuige comhordaithe a d’fhéadfadh a bheith ag an Aontas i leith rannpháirtíocht an Aontais san Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta agus i leith an phróisis atá ar an bacáin chun ard-stiúrthóir na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta a thoghadh.

Cuireadh na hairí ar an eolas faoin méid seo a leanas:

  • an staid maidir le margaí siúcra agus muiceola na Polainne
  • bainistiú na stoc poiblí den phúdar bainne bhearrtha
  • na conclúidí ón gcomhdháil aireachta a bhí ann le déanaí maidir le Xylella fastidiosa
  • fiabhras Afracach na muc
  • teacht le chéile an Fhóraim Dhomhanda um Bia agus Talmhaíochta don 10ú huair

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025