- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Físchomhdháil na n-airí talmhaíochta agus iascaigh, 13 Bealtaine 2020
Na príomhthorthaí
Talmhaíocht
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le héifeachtacht bhearta an Aontais a rinneadh go dtí seo chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 ar an talmhaíocht.
Bhreathnaigh na hairí ar an staid mar atá agus rinne siad measúnú ar na gníomhaíochtaí éagsúla a rinne an Coimisiún Eorpach chun a chinntiú, go háirithe, gluaiseacht oibrithe séasúracha, bunú ‘lánaí glasa’, agus an deis atá ann do na Ballstáit réamhíocaíochtaí níos airde, státchabhair bhreise agus cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach a chur ar fáil. Ba dhíol sásaimh do na hairí na céimeanna sin agus leagadh béim ar an ngá atá le bearta breise. Shainaithin siad réimsí breise a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu, mar atá earnálacha na déiríochta, na laofheola, na mairteola, na héineola agus an fhíona, agus d’iarr siad go ndéanfaí raon feidhme scéimeanna cabhrach le haghaidh an stóráil phríobháideach a leathnú. D’iarr roinnt mhaith airí freisin go mbeadh buiséad láidir ann don chomhbheartas talmhaíochta tar éis 2020.
Pléadh freisin na tograí reachtacha reatha, go háirithe togra chun Rialachán 1305/2013 a leasú d'fhonn leachtacht a chur ar fáil chun leanúnachas gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus gnólachtaí beaga a bhfuil baint acu le táirgí talmhaíochta a phróiseáil, a mhargú agus/nó a fhorbairt a chinntiú.
Iascach
Bhreathnaigh na hairí ar an méid a bhfuil ag tarlú maidir le géarchéim COVID-19 in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe ó bhí an cruinniú neamhfhoirmiúil deireanach acu. Thug siad eolas freisin maidir le cur chun feidhme na gclár reatha um an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) agus rinne siad tagairt don rialachán nuaghlactha lena leasaítear Rialachán CEMI agus don Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí.
Ag deireadh an chruinnithe, d’eisigh Uachtaránacht na Cróite preaseisiúint.
COVID-19: Tacaíocht an Aontais do thalmhaíocht agus iascach (Grafaic faisnéise)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Miruna Georgescu Press officer
- +32 471 33 53 34
- +32 2 281 47 70
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #AGRIFISH
Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025