COVID-19: Tacaíocht an Aontais do thalmhaíocht agus iascach
Príomhchuspóirí:
• infhaighteacht bia do shaoránaigh an Aontais
• tacú le ról ríthábhachtach na bhfeirmeoirí agus na n-iascairí
• freagairt chomhordaithe ón Aontas a ghlacadh
• acmhainní an Chomhbheartais Talmhaíochta agus an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh a úsáid
Na príomhphrionsabail:
• solúbthacht sna cláir atá ann cheana
• tacaíocht airgeadais dhíreach
• an athléimneacht a fhorbairt, lena n-áirítear dúshláin eile (amhail dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol)
Soláthar bia a éascú ar fud na hEorpa:
• lánaí glasa chun an sreabhadh bia a éascú
• oibrithe séasúracha aitheanta ina gcáil mar oibrithe criticiúla
Maidir le feirmeoirí:
• réamhíocaíochtaí níos airde ar íocaíochtaí díreacha (ó 50 % go 70 %) roinnt íocaíochtaí forbartha tuaithe (ó 75 % go 85 %)
• síneadh míosa ar iarratais ar íocaíocht
• cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach chun táirgí a aistarraingt go sealadach ar feadh tréimhse suas le 6 mhí
• iasachtaí nó ráthaíochtaí ar choinníollacha fabhracha chun costais oibriúcháin suas le € 200 000 a chumhdach
• státchabhair suas le € 800 000 do chuideachtaí próiseála agus margaíochta bia agus suas le € 120 000 in aghaidh na feirme
• cúnamh éigeandála ó chistí forbartha tuaithe suas le € 7 000 in aghaidh an fheirmeora agus suas le € 50 000 in aghaidh an ghnó bhig
Bearta eile don earnáil:
• riarachán simplithe agus níos lú seiceálacha ar an láthair
• maoluithe sealadacha ar rialacha iomaíochta áirithe de chuid an Aontais
• solúbthacht i gcláir tacaíochta margaidh i gcás táirgí áirithe
• athdhíriú na dtosaíochtaí cistiúcháin faoi na cláir atá ann cheana
Maidir le hiascairí agus táirgeoirí dobharshaothraithe:
• tacaíocht do ghníomhaíochtaí iascaireachta a chur ar ceal go sealadach (uasráta cómhaoinithe de 75 %, iascairí de chois agus soithí nua san áireamh)
• tacaíocht do scor sealadach nó laghdú ar tháirgeadh agus ar dhíolacháin dobharshaothraithe
• cabhair chun táirgí a stóráil agus dálaí níos fearr chun leas a bhaint as an sásra stórála
• níos mó solúbthachta maidir le cistí a úsáid
• simpliú breise ar nósanna imeachta le haghaidh cláir oibríochtúla
• cúiteamh a d'fhéadfadh na Ballstáit a thabhairt ar chaillteanais eacnamaíocha sna réigiúin is forimeallaí
An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Eanáir 2025