Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Físchomhdháil na n-airí talmhaíochta agus iascaigh, 29 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Talmhaíocht

Athchóiriú an chomhbheartais talmhaíochta

Chuir Uachtaránacht na Cróite airí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh maidir le gníomhartha reachtacha le haghaidh athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT). Rinneadh achoimre ar an obair ar na comhaid sin i dtuarascáil ar dhul chun cinn, ina sainaithníonn an Uachtaránacht réimsí freisin ina measann sí go bhfuil gá le tuilleadh oibre.

Marija Vučković, aire talmhaíochta na Cróite
Is suntasach an dul chun cinn a rinneadh ar athchóiriú CBT. Is fíre sin arís mar gheall ar na cúinsí thar a bheith deacair faoina raibh ar Uachtaránacht na Cróite agus ar na Ballstáit oibriú chun a áirithiú nach gcuirfear aon am luachmhar amú. Anuas air sin, bhíomar in ann freagairt go tapa ar na dúshláin a bhain le COVID-19 agus bearta a ghlacadh chun a chinntiú go mbeadh bia ar fáil ar fud an Aontais agus chun tacaíocht a thabhairt d‘fheirmeoirí, d’iascairí agus do tháirgeoirí dobharshaothraithe is mó a d’fhulaing i ngeall ar an ngéarchéim.
Marija Vučković, aire talmhaíochta na Cróite
Marija Vučković, aire talmhaíochta na Cróite

Iascach

Deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021

Phléigh na hairí an teachtaireacht ón gCoimisiún “I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2021”. Bhí malartú tuairimí acu maidir leis na treoshuíomhanna is mó a mhol an Coimisiún chun deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 a shocrú. Leis an bplé, cuireadh tús leis an ngnáthphróiseas bliantúil comhairliúcháin leis na Ballstáit, le comhairlí comhairleacha, le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal chun leibhéal na ngabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus na gcuótaí éisc a shocrú.

Grafaic faisnéise - teorainneacha gabhála agus cuótaí a shocrú
Teorainneacha gabhála agus cuótaí a shocrú (Grafaic faisnéise)

Teorainneacha gabhála agus cuótaí a shocrú (Grafaic faisnéise)

Tograí reachtacha reatha

Chuir Uachtaránacht na Cróite na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le tograí reachtacha reatha i réimse an iascaigh, lena n-áirítear an rialachán maidir le rialú ar iascach agus an rialachán maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI).

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025