Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 21 Feabhra 2022

Na príomhthorthaí

Talmhaíocht

An comhleanúnachas idir beartais feirmeoireachta, trádála agus chomhshaoil

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le bealaí chun an comhleanúnachas a neartú idir an Comhaontú Glas, an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus an beartas trádála, chun tacú leis an aistriú chuig córais bhia inbhuanaithe.

Tríd is tríd, d'aithin na hairí an gá atá le comhleanúnachas a neartú idir beartais earnála agus trádála an Aontais chun aidhmeanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na straitéisí earnála a bhaineann leis a bhaint amach.

Leag go leor airí béim ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an gcomhleanúnachas idir caighdeáin sláinte agus chomhshaoil an Aontais féin agus na caighdeáin sin a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí agraibhia allmhairithe, i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála agus i gcomhar le comhpháirtithe trádála an Aontais, go háirithe trí athbhreithniú a dhéanamh ar na huasteorainneacha iarmhar fíteacógaisíochta agus trí chlásail chomhuaineacha a thabhairt isteach i ndlí an Aontais.

Is mar chuid den aidhm i ndáil le luachanna na hEorpa a chur chun cinn i gcomhthéacs na caibidlíochta idirnáisiúnta, go háirithe trí chuimsiú gné inbhuanaitheachta a chur chun cinn, atá glacadh na gconclúidí ón gComhairle maidir le ‘tiomantas an Aontais do Codex Alimentarius uaillmhianach, agus é feiliúnach do na dúshláin atá ann anois agus a bheidh ann amach anseo.’

Julien Denormandie, Aire Talmhaíochta agus Bia na Fraince
Ag cruinniú na Comhairle díríodh ar chómhalartacht na gcaighdeán agus ar chaighdeáin agus luachanna na hEorpa a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ón dá phlé a bhí ann faoin gcomhleanúnachas idir an Comhaontú Glas don Eoraip, CBT agus an beartas trádála, agus faoin rialachán atá beartaithe maidir le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí, mar aon le glacadh na gconclúidí ón gComhairle maidir le Codex Alimentarius, ba léir nach mbeidh aon ghlacadh ag muintir na hEorpa a thuilleadh le táirgí a thiocfadh salach ar ár n-iarrachtaí ár gcórais bhia a dhéanamh níos inbhuanaithe.
Julien Denormandie, Aire Talmhaíochta agus Bia na Fraince
Julien Denormandie, Aire Talmhaíochta agus Bia na Fraince

Táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí talmhaíochta faoin togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu, arb aidhm dó a chinntiú nach gcuirfidh na táirgí arna dtomhailt ar mhargadh an Aontais le dífhoraoisiú ná le díghrádú foraoisí ar fud an domhain. Déanfaidh sé an méid sin trí rialacha maidir le dícheall cuí a leagan síos le haghaidh oibreoirí ionas go laghdófar an baol atá ann go mbeidh baint ag tráchtearraí arna gcur ar mhargadh an Aontais, amhail soighe, mairteoil, ola pailme, adhmad, cócó agus caife, le dífhoraoisiú.

Tríd is tríd, ba dhíol sásaimh do na hairí an rialachán atá beartaithe. Go háirithe, leag siad béim ar an ngá atá le sainmhínithe soiléire gan débhrí a bhunú i gcomhréir le beartas foraoise an Aontais, ualaí díréireacha riaracháin agus airgeadais a sheachaint (go háirithe i gcás oibreoirí beaga), a chinntiú go gcuirfear an rialachán chun feidhme go comhsheasmhach ar fud an Aontais, comhlíonadh rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála a fhíorú agus dea-chaidreamh a bhunú le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

Beidh díospóireacht bheartais maidir leis an togra ar siúl le linn na Comhairle Comhshaoil an 17 Márta 2022.

Staid an mhargaidh

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le staid an mhargaidh i gcás táirgí talmhaíochta, bunaithe ar eolas a chuir an Coimisiún agus na Ballstáit ar fáil. Le linn an phlé, leag na Ballstáit béim ar roinnt ábhair imní, go háirithe an tionchar a bhíonn ag an ardú ar chostais fuinnimh, leasúcháin agus bheatha ar an talmhaíocht. Labhair toscaireacht na Polainne freisin chun eolas a sholáthar faoi na dúshláin atá le sárú ag earnáil na muiceola san Eoraip; chuir an pointe seo le pointí comhchosúla a ardaíodh ag na cruinnithe a bhí ag an gComhairle roimhe seo agus thacaigh Ballstáit eile leis. Ar na hábhair eile a pléadh, bhí an tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag galair tréidliachta, amhail fiabhras Afracach na muc agus fliú éanúil ardphataigineach, mar aon leis na forbairtí a thuairiscigh na Ballstáit go bhfuil tionchar ar leith acu ar an talmhaíocht. Thug na hairí dá n-aire an togra ón gCoimisiún le haghaidh grúpa ardleibhéil maidir le hearnáil na muiceola, a d'oibreodh chun teacht ar réiteach ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair sa mheántéarma go dtí an fadtéarma.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Le linn an chruinnithe, fuair na hairí eolas ó na Ballstáit maidir leis an athbhreithniú ar bheartas an Aontais i ndáil le cur chun cinn na talmhaíochta agus maidir le dálaí triomaigh sa Phortaingéil agus sa Spáinn. Phléigh siad freisin an gá atá le hioncam cóir a chinntiú d’fheirmeoirí.

Fuair na hairí eolas ón gCoimisiún faoi thuarascálacha ar na bearta fíteashláintíochta ar allmhairí isteach san Aontas agus ar leathnú ar úsáid na bpasanna plandaí. Ar na hábhair eile a pléadh, bhí an gá le feabhas a chur ar dhea-bhail agus sláinte madraí a phóraítear chun críocha tráchtála agus lipéadú uibheacha saor-raoin.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhain le liosta na míreanna A neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025