"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 21 Márta 2022
Na príomhthorthaí
Staid an mhargaidh tar éis an ionraidh ar an Úcráin
D’iarr an Chomhairle ar Aire Talmhaíochta na hÚcráine, Roman Leshchenko, labhairt trí bhíthin nasc físe faoin staid talmhaíochta agus faoi na riachtanais atá forleathan ina thír féin, nithe a phléigh na hairí ina dhiaidh sin. Bhí malartú tuairimí ag na hairí ina dhiaidh sin maidir le staid an mhargaidh i gcás táirgí talmhaíochta agus agraibhia agus staid earnáil talmhaíochta an Aontais, i bhfianaise thionchar an ionraidh a rinne an Rúis ar an Úcráin. Phléigh siad na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh ní hamháin chun leanúint desholáthairtí bia a chosaintsa ghearrthéarma, ach freisin chun slándáil bia agus biafhlaitheas an Aontais a fheabhsú sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Pléadh freisin an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim ar an tslándáil bia i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Fógraíodh an rogha chun talamh a cuireadh ar leataobh a shaothrú in 2022 mar chuid de na bearta sin.
Ina theannta sin, chuir toscaireacht na Gearmáine achoimre ar fáil do na hairí ar chruinniú G7 na n-airí talmhaíochta a bhí ar siúl an 11 Márta, agus fuair siad eolas ó thoscaireacht na hÍsiltíre maidir le húsáid leasachán bithbhunaithe.
Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, bhí sé ríthábhachtach dúinn ár ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin a léiriú. Bhí plé againn le hAire na hÚcráine lena chinneadh cén sórt cúnaimh ba cheart a chur ar fáil gan mhoill. Thairis sin, b’éigean dúinn bearta práinneacha a dhéanamh ní hamháin chun biafhlaitheas a chinntiú san Aontas, ach chun an tslándáil bia a chinntiú ar leibhéal domhanda chomh maith. Léirigh airí talmhaíochta an Aontais inniu go bhfuil siad tiomanta réitigh éifeachtacha a úsáid sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus tacaíocht a thabhairt d’earnáil feirmeoireachta na hÚcráine chomh maith.
Julien Denormandie, Aire Talmhaíochta agus Bia na Fraince
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir lena mheastóireacht ar na pleananna straitéiseacha faoin gComhbheartas Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo. Bhí malartú tuairimí ann ina dhiaidh sin inar díríodh go háirithe ar an méid seo a leanas:
an gá leis na pleananna a fhormheas go tapa lena chinntiú go mbeidh feirmeoirí ar an eolas faoi na rialacha nua
an gá le solúbthacht chun na pleananna a chur in oiriúint d’fhonn an tslándáil bia a chinntiú i bhfianaise an chogaidh san Úcráin
na critéir arna n-úsáid ag an gCoimisiún chun na pleananna a fhormheas
trédhearcacht an phróisis
Labhair toscaireacht na hUngáire chomh maith chun dearbhú a chur i láthair thar cheann Ghrúpa Visegrad, na Bulgáire, na Cróite, na Rómáine agus na Slóivéine maidir le bearta ina bpleananna straitéiseacha CBT a mheasann siad a chuirfeadh le talmhaíocht Eorpach níos cothroime agus níos glaise.
Beartas talmhaíochta an Aontais a bheidh níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe (Grafaic faisnéise)
Ábhair eile ar an gclár oibre
Le linn an chruinnithe, chuir na toscaireachtaí eolas ar fáil faoi na hábhair seo a leanas: barra próitéine (an Ostair); an t-athbhreithniú ar shonraí geografacha (an Spáinn); an t-athbhreithniú ar an treoir maidir le lotnaidicídí inbhuanaithe (an Pholainn), tionchar an ardaithe ar phraghsanna breosla ar ghníomhaíochtaí iascaireachta (an Spáinn); agus roghanna malartacha ar tháirgí cosanta plandaí (an tSlóivéin).
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.