Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 09/11/2015, 9 Samhain 2015

Na príomhthorthaí

An tionscal cruach

Ag cruinniú urghnách na Comhairle Iomaíochais, a chomóir Uachtaránacht Lucsamburg, pléadh na dúshláin mhóra atá os comhair thionscal cruach na hEorpa faoi láthair agus an méid a chaithfear a dhéanamh chun feabhas a chur ar chumas iomaíochta an tionscail sin.

Díríodh ar na saincheisteanna is tábhachtaí maidir leis an iomaíochas san earnáil chruach, go háirithe: iomaíocht ó thionscail eile ar fud an domhain lena n-áirítear uirlisí an bheartais trádála, tionscadail infheistíochta a chur ar bun an athuair, beartas an Aontas maidir leis an athrú aeráide agus ardchostais fuinnimh.

Táim thar a bheith sásta leis an toradh a bhí ar an gcruinniú. Is é an cúram atá ar an gComhairle féachaint go mion ar na saincheisteanna go léir a théann i bhfeidhm go mór ar chumas iomaíochta na hEorpa, agus is léir go gcaithfear dul i ngleic láithreach, ar bhealach cuimsitheach, leis an ngéarchéim san earnáil chruach.” Etienne Schneider, Leas-Phríomh-Aire Lucsamburg agus an tAire Gnóthaí Eacnamaíocha agus Uachtarán na Comhairle

Bhí an méid a leanas le rá ag Leas-Phríomh-Aire Lucsamburg, agus an tAire Gnóthaí Eacnamaíocha, Etienne Schneider:  "Táim thar a bheith sásta leis an toradh a bhí ar an gcruinniú. Is é an cúram atá ar an gComhairle féachaint go mion ar na saincheisteanna go léir a théann i bhfeidhm go mór ar chumas iomaíochta na hEorpa, agus is léir go gcaithfear dul i ngleic láithreach, ar bhealach cuimsitheach, leis an ngéarchéim san earnáil chruach. Bhíomar ar aon intinn go gcaithfí gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh, amhail an úsáid is fearr a bhaint as na hionstraimí cosanta trádála atá ar fáil agus as na deiseanna atá ann le Státchabhair an Aontais agus faoi phlean Juncker, agus shocraíomar freisin obair leantach a dhéanamh maidir leis an méid a pléadh ag an gcruinniú seo".

D’iarr roinnt toscaireachtaí athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Tionscal Cruach Iomaíoch, Inbhuanaithe san Eoraip, a ghlac an Coimisiún i mí an Mheithimh 2013. 

Aontaíodh comhdháil speisialta ardleibhéil do gheallsealbhóirí an tionscail chruach a chomóradh a luaithe is féidir, a mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach inti chun breathnú ar an dul chun cinn a bheidh déanta agus gníomhaíochtaí leantacha a phlé. Maidir leis an méid sin, cuireadh i dtreis a thábhachtaí atá sé leanúint leis an idirphlé idir Ballstáit an Aontais agus an Coimisiún i gcomhar le hionadaithe ó na ceardchumainn agus ón tionscal féin.

Ag deireadh an chruinnithe, tháinig an Uachtaránacht ar na conclúidí seo a leanas:

Beoshruth, físeáin agus grianghraif

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025