- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 30/11-01/12/2015, 30 Samhain - 1 Nollaig 2015
Príomhthorthaí
An Limistéar Eorpach Taighde
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le sláine taighde, maidir le comhionannas inscne a chur chun cinn i ndáil leis an Limistéar Eorpach Taighde (LET) agus maidir leis an athbhreithniú ar struchtúr comhairleach LET.
Tuigimid go maith a thábhachtaí atá sláine taighde chun ardchaighdeán taighde a bhaint amach agus a thábhachtaí atá sé d'ábharthacht shocheacnamaíoch. Marc Hansen, Státrúnaí Ardoideachais agus Taighde Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle
Bhí malartú tuairimí ag na hAirí maidir leis an gcaoi a mbainfí an leas is fearr is féidir as an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chun taighde agus infheistíocht a spreagadh.
Bhí an méid a leanas le rá ag Cathaoirleach an chruinnithe Marc Hansen, Státrúnaí Ardoideachais agus Taighde Lucsamburg:
“Tugadh chun críche inniu an obair dhúshlánanch a tosaíodh an samhradh seo caite. Tuigimid go maith a thábhachtaí atá sláine taighde chun ardchaighdeán taighde a bhaint amach agus a thábhachtaí atá sé d'ábharthacht shocheacnamaíoch. Ar an dara dul síos, tá an t-athrú institiúideach agus cultúrtha faoi chuimsiú LET ríthábhachtach chun comhionannas inscne a chur chun cinn i réimse an taighde. Agus ar an tríú dul síos, tá struchtúr comhairleach LET athbreithnithe againn lena áirithiú gur fearr agus gur éifeachtúla a fheidhmeodh sé.
Is colúin bhunúsacha iad siúd go léir chun margadh inmheánach do chúrsaíocht eolais agus nuálaíochta atá fíor agus éifeachtúil a chur ar bun".
Cigireacht ar an iomaíochas
Reáchtáil an Chomhairle an dara “cigireacht ar an iomaíochas” mar a ndearna na hAirí plé ar na tosaíochtaí agus ar na saincheisteanna is práinní san fhíorgheilleagar. Bhí an díospóireacht dírithe ar iomaíochas ghnólachtaí an Aontais Eorpaigh sna margaí domhanda, lena n-áirítear in earnálacha atá dian ar fhuinneamh amhail cruach.
Mar chuid den chigireacht, thíolaic Uachtaránacht Lucsamburg tuarascáil maidir le cur chun feidhme príomhshruthuithe an iomaíochais, ina ndéantar achoimre ar an dul chun cinn a rinneadh le linn na sé mhí a chuaigh thart i dtaca leis an iomaíochas a áireamh níos mó i ngach réimse beartais.
Thaispeánamar go bhfuil an Chomhairle in ann freagairt thapa a thabhairt ar ghéarchéimeanna, amhail an cor chun donais i dtionscal cruach an Aontais nó scannal na n-astaíochtaí ó ghluaisteáin.” Etienne Schneider, Leas-Phríomh-Aire Lucsamburg agus an tAire Gnóthaí Eacnamaíocha agus Uachtarán na Comhairle
Ag deireadh an chruinnithe bhí an méid a leanas le rá ag Etienne Schneider, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eacnamaíocha Lucsamburg: "Tá dianobair déanta ag Uachtaránacht Lucsamburg chun bunús a chur leis an bpríomhsruthú iomaíochais. Tá modhanna nuálaíocha oibre curtha le chéile againn chun feabhas a chur ar fheidhmiú na Comhairle Iomaíochais agus an tionchar atá aici a mhéadú. Thaispeánamar go bhfuil an Chomhairle in ann freagairt thapa a thabhairt ar ghéarchéimeanna, amhail an cor chun donais i dtionscal cruach an Aontais nó scannal na n-astaíochtaí ó ghluaisteáin."
An straitéis nua don mhargadh aonair
Thionóil an Chomhairle an chéad mhalartú tuairimí maidir leis an straitéis nua don mhargadh aonair in earraí agus seirbhísí. Díríodh sa phlé ar bhearta chun cuidiú le FBManna nuálaíocha a gcuid gníomhaíochtaí a leathnú ar fud an Aontais. Bhí tacaíocht leathan ann don straitéis agus a cuspóir bacainní a laghdú sa mhargadh inmheánach.
Phléigh an Chomhairle freisin conas úsáid a bhaint as an gclár oibre maidir le rialáil níos fearr chun feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú agus chun fás agus poist a chruthú. Léiríodh mian láidir chun a áirithiú go bhfuil an reachtaíocht níos fusa, níos éifeachtúla agus níos spriocdhírithe.
Údaráis náisiúnta iomaíochais
Phléigh an Chomhairle an moladh ón gCoimisiún údaráis iomaíochais neamhspleácha a chruthú i ngach Ballstát chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-athchóirithe struchtúracha. Chuir líon mór toscaireachtaí a n-imní in iúl go gcothódh sé sin ualaí agus moilleanna breise sa chinnteoireacht.
Astaíochtaí ó ghluaisteáin
Ar deireadh, fuair an Chomhairle nuashonrú maidir leis an obair leantach tar éis an scannail astaíochtaí ó ghluaisteáin agus na forbairtí is déanaí i ndáil le nósanna imeachta fíorthástála astaíochtaí ó thiomáint a thabhairt isteach.
Beoshruth, físeáin agus grianghraif
Comhaid na gcruinnithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025