Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 28-29/05/2015, 28-29 Bealtaine 2015

Na príomhthorthaí

An margadh aonair digiteach: an t-aistriú digiteach i dtionscal na hEorpa

Phléigh an Chomhairle an straitéis nua maidir le margadh aonair digiteach agus ghlac sí conclúidí maidir leis an aistriú digiteach i dtionscal na hEorpa. Leagadh béim ar roinnt gnéithe tábhachtacha, lena n-áirítear an tábhacht a bhaineann le díriú ar réimsí ina bhfuil gá le gníomhaíocht chun aistriú digiteach sa tionscal a bhaint amach agus le forbairt fiontraíochta digití a spreagadh, go háirithe cuideachtaí nuathionscanta. 

Le margadh aonair digiteach ardfheidhmíochta, féadfar níos mó ná EUR 400 billiún a chur le geilleagar na hEorpa gach bliain agus féadfar an t-iliomad post nua a chruthú. Dana Reizniece-Ozola, Aire Eacnamaíochta na Laitvia

Dúirt Dana Reizniece-Ozola, Aire Eacnamaíochta na Laitvia, go bhféadfar "níos mó ná EUR 400 billiún a chur le geilleagar na hEorpa gach bliain" le margadh aonair digiteach ardfheidhmíochta "agus go bhféadfar an t-iliomad post nua a chruthú".

Pacáistí taistil

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i ndáil le rialacha athbhreithnithe maidir le taisteal láneagraithe a ceapadh chun an margadh taistil a chur in oiriúint don aois dhigiteach agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí ar bhealach níos fearr. Leis an reachtaíocht sin, neartófar cearta taistealaithe agus turas á chur in áirithe acu ar líne agus cuirfear sochair ar fáil do ghnólachtaí, go háirithe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Cuideachta phríobháideach aonchomhalta faoi dhliteanas teoranta  

Tháinig na hAirí ar chomhaontú i dtaca le cur chuige ginearálta chun cineál nua cuideachta príobháidí aonchomhalta faoi dhliteanas teoranta a chruthú.

Agus í mar chathaoirleach ar an gcruinniú a bhí ag an gComhairle, dúirt Dana Reizniece-Ozola go raibh "sampla nithiúil sa sainchomhad seo de na buntáistí ar féidir leis an margadh aonair a bhaint as digitiú. Cuirfear sochair ar fáil leis dóibh siúd ar mian leo cuideachtaí dá gcuid féin a bhunú, d’fhostaithe, do FBManna atá ag iarraidh leathnú, agus do riaracháin phoiblí a bheidh níos digití. Spreagfar an fás leis agus beidh sé ina chabhair i ndáil le poist a chruthú.”

An Limistéar Eorpach Taighde — Taighde sonraíshaothraithe agus líonraithe - Eolaíocht oscailte  

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Treochlár an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) le haghaidh 2015-2020 agus maidir le struchtúr comhairleach LET. Ghlac sí conclúidí freisin maidir le taighde oscailte, sonraíshaothraithe agus líonraithe.

Bhí plé ginearálta ag an hAirí maidir le clár oibre Eorpach don eolaíocht oscailte.  

Tar éis an chruinnithe, dúirt Mārīte Seile, Aire Oideachais agus Eolaíochta na Laitvia, go "gur gá an Limistéar Eorpach Taighde agus an Clár Oibre Digiteach don Eoraip a fhorbairt chun córas eacnamaíoch nua-aimseartha agus nuálaíoch a bhunú san Eoraip. Caithfear rathúnas a chothú leis an nuáil agus caithfear freastal ar shaoránaigh an Aontais Eorpaigh léi".

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025