Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 29/02/2016, 29 Feabhra 2016

Na príomhthorthaí

Ní mór a cheadú do ghnólachtaí feidhmiú i bhfíormhargadh aonair gan bhacainní agus a gcuid earraí agus seirbhísí á ndíol acu... Henk Kamp, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle

An margadh aonair le haghaidh seirbhísí agus earraí 

Tar éis plé a dhéanamh, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an straitéis don mhargadh aonair le haghaidh earraí agus seirbhísí, ag díriú ar réimsí tábhachtacha maidir le fás agus poist a chruthú: tacaíocht do FBManna, do chuideachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí nuálacha, leas a bhaint as an acmhainneacht neamhshaothraithe a bhaineann le seirbhísí, agus rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú go héifeachtúil.

Dúirt Henk Kamp, cathaoirleach na Comhairle agus Aire Gnóthaí Eacnamaíocha na hÍsiltíre an méid seo a leanas: "Ní mór a cheadú do ghnólachtaí feidhmiú i bhfíormhargadh aonair gan bhacainní agus a gcuid earraí agus seirbhísí á ndíol acu. Ní hamháin go rachaidh sin chun a dtairbhe féin, ach rachaidh sé chun tairbhe tomhaltóirí na hEorpa toisc rogha níos mó agus praghsanna níos ísle a bheith ann.  Is é seo an tslí is scioptha chun geilleagar an Aontais a dhéanamh níos fuinniúla, níos iomaíche agus níos réamhbhreathnaithí”.

An tionscal cruach 

Scrúdaigh na hAirí an staid maidir le hiomaíochas domhanda thionsclaíocht an hEorpa agus béim á leagan acu ar thionscail dianfhuinnimh. Thug siad aghaidh go háirithe ar staid dhoiligh an tionscail cruach

Ag deireadh an chruinnithe, tháinig an Uachtaránacht ar na conclúidí seo a leanas:

Ar an gcéad dul síos, sa ghearrthéarma, ní mór dúinn dlús a chur le bearta frithdhumpála. Ar an dara dul síos, ba cheart don tionscal cruach bheith in ann maoiniú an Aontais a úsáid le haghaidh nuála, treoirthionscadal agus samhlacha nua gnó. Sa tríú háit, is gá dúinn an rialáil neamhriachtanach a chuireann bac ar a iomaíche atá ár dtionscail dianfhuinnimh a sheachaint. Ba cheart an chothroime iomaíochta a bheith ann ar fud an domhain agus ár gcuideachtaí ag feidhmiú. Henk Kamp, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle

Dúirt an tAire Kamp an méid seo a leanas: "Leagamar béim ar an ngá tá le teacht ar réitigh in áit na mbonn chun déileáil leis na géarchéimeanna ollmhóra sa tionscal cruach. D'fhéadfaidís sin a bheith bailí i gcás earnálacha eile tionsclaíocha freisin ó tharla gur cosúil lena chéile iad bunúis na ngéarchéimeanna.
Ar an gcéad dul síos, sa ghearrthéarma, ní mór dúinn dlús a chur le bearta frithdhumpála. Ar an dara dul síos, ba cheart a bheith in ann maoiniú an Aontais a úsáid, sa tionscal cruach, le haghaidh nuála, treoirthionscadal agus samhlacha nua gnó. Sa tríú háit, is gá dúinn an rialáil neamhriachtanach a chuireann bac ar a iomaíche atá ár dtionscail dianfhuinnimh a sheachaint. Ba cheart an chothroime iomaíochta a bheith ann ar fud an domhain agus ár gcuideachtaí ag feidhmiú."

Seiceáil ar an iomaíochas: tacaíocht do FBManna - Bacainní ar an bhfás agus ar an infheistíocht 

Rinne na hAirí "seiceáil ar iomaíochas" an fhíorgheilleagair, ag díriú go háirithe ar an mbealach is fearr chun cabhrú le FBManna méadú a dhéanamh agus poist a chruthú

Phléigh siad tuairimí freisin maidir le cur chun feidhme moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le bacainní ar an bhfás agus ar an infheistíocht in earnáil na seirbhísí.   

An geilleagar ciorclach

Chuir na hAirí tús le plé ar an bpacáiste don gheilleagar ciorclach chun go sainaithneofar príomhthosaíochtaí a chuirfear san áireamh sna DréachtChonclúidí a thíolacfar ag an gComhairle Comhshaoil i mí an Mheithimh.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025