- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 01/10/2015, 1 Deireadh Fómhair 2015
Na príomhthorthaí
Phléigh na hAirí saincheisteanna práinneacha micreacnamaíocha agus bhí díospóireacht acu faoin mbealach le breisluach Eorpach a uasmhéadú trína chinntiú go rannchuideoidh rialáil an Aontais le deireadh a chur leis na bacainní ar an Margadh Aonair. Le linn an lóin neamhfhoirmiúil oibre, phléigh na hAirí an t-athchóiriú ar Scéim an Aontais maidir le Trádáil Astaíochtaí agus an méid a tháinig chun solais le gairid maidir le rialúchán astaíochtaí ghluaisteán in earnáil na ngluaisteán.
'Seiceáil' a dhéanamh ar an iomaíochas
Sheol Uachtaránacht Lucsamburg modh oibre nua .i. “Seiceáil a dhéanamh ar an Iomaíochas” a bhfuil mar aidhm leis aghaidh a thabhairt ar nithe tábhachtacha a mbíonn tionchar acu ar an bhfíorgheilleagar. Díríodh sa phlé go háirithe ar an ngá atá le rialacha níos soiléire agus níos comhsheasmhaí ar leibhéal an Aontais chun borradh a chur faoi chúrsaí gnó.
Táimid tar éis modh oibre nuálach a thionscnamh inniu chun scrúdú a dhéanamh ar an tionchar nithiúil a bhíonn ag cinntí polaitiúla ar an bhfíorgheilleagar agus ar gach saoránach agus ar gach gnó maille leis.” Is mar sin a labhair Etienne Schneider, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eacnamaíocha Lucsamburg.
Le linn na “Seiceála” phléigh na hAirí an chaoi ab fhearr chun foráil do phríomhshruthú an iomaíochais, agus é mar aidhm a chinntiú go gcuirfí tionchar na mbeart nua ar an bhfíorgheilleagar san áireamh go córasach mar aon leis na bearta atá ann cheana. D'fhonn solaoid nithiúil den 'phríomhshruthú ' a thabhairt, rinne na hAirí an t-athchóiriú ar Scéim an Aontais maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS)a phlé go neamhfhoirmiúil agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an iomaíochas. "Is sampla maith é an t-athchóiriú ETS de thionscnamh inar gá dea-chothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá leis an athrú aeráide a chosc, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, iomaíochas thionscal an Aontais a chothabháil. Ní mór dúinn tuilleadh dreasachtaí a chruthú chun aitheantas a thabhairt do na feidhmeoirí is fearr agus chun infheistíocht a spreagadh sna réitigh is glaise agus is nuálaí", a dúirt Etienne Schneider tar éis an chruinnithe.
Tionscail na ngluaisteán
I gcuibhreann dóibh thrácht na hAirí freisin ar ar tháinig chun solais le gairid in earnáil na ngluaisteán maidir le rialúchán ar astaíochtaí truailleán aeir ó ghluaisteáin. Thug an Chomhairle dá haire an ghníomhaíocht a d’fhógair an Coimisiún Eorpach go neartófaí rialúcháin ar astaíochtaí gluaisteán mar aon leis na míniúcháin a thug rialtas na Gearmáine faoi na céimeanna atá glactha aige chun na himeachtaí a tharla le gairid i Volkswagen a iniúchadh.
“Ní mór dúinn na margaí a chur ar a suaimhneas agus a thaispeáint go bhfuil na céimeanna is gá á nglacadh againn chun muinín a athbhunú. Is cúis soirbhíochais dom na míniúcháin a thug an Coimisiún agus na comhghleacaithe thart ar an mbord, go háirithe comhghleacaí na Gearmáine. Bhraith mé go raibh fonn láidir ar mo chomhghleacaithe gníomhú agus labhairt d’aon ghuth”, a dúirt Etienne Schneider tar éis an chruinnithe.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Indicative programme, Competitiveness Council, 01 October 2015
- Liosta na míreanna "A", plé reachtach, an Chomhairle Iomaíochais, an 1 Deireadh Fómhair 2015
- Liosta na míreanna "A", gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iomaíochais, an 1 Deireadh Fómhair 2015
- Faisnéis chúlra
- List of participants
Preaseisiúintí
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: comhaltaí nua á gceapadh don chúig bliana atá le teacht - 01/10/2015
EDT: Formheasann an Chomhairle prótacal maidir le héascú trádála - 01/10/2015
Tugtar an comhaontú saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Chóiré Theas chun críche - 01/10/2015
Trádáil i dtáirgí róin: déantar toirmeasc an Aontais Eorpaigh a oiriúnú do rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) - 01/10/2015
Rialacha maidir leis an bhfánaíocht agus leis an idirlíon oscailte arna nglacadh ag an gComhairle - 01/10/2015
An Bhurúin: Glacann an tAontas Eorpach smachtbhannaí i gcoinne 4 duine - 01/10/2015
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025