- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 29/09/2016, 29 Meán Fómhair 2016
Na príomhthorthaí
An geilleagar comhoibríoch
Phléigh na hairí an geilleagar comhoibríoch.
Léiríodh le linn na díospóireachta go bhfuil tacaíocht mhaith ann le haghaidh geilleagar comhoibríoch a fhorbairt san Eoraip ar bhealach cothrom a rachadh chun sochair do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí chomh maith.
Bíodh go bhfuil an geilleagar comhoibríoch in ann fás a agus fostaíocht a chruthú gan aon agó, ardaítear saincheisteanna faoin gcothroime agus faoin gcóir chomhionann leis, freisin.
Leis an ngníomhaíocht a bhíonn ar siúl ag soláthraithe príobháideacha ócáidiúla ardaítear saincheisteanna faoi stádas dlíthiúil, dliteanas agus neamhspleáchas. Gabhann an tábhacht chéanna le cearta an fhostaí, cánachas agus saincheisteanna eile a bhaineann le leas an phobail.
Mhínigh roinnt mhaith Ballstát go bhfuil an reachtaíocht intíre á nuashonrú nó á hathbhreithniú acu chun aird chuí a thabhairt ar chuspóirí beartais phoiblí, gan gníomhaíochtaí gnó a shrianadh ag an am céanna.
Chun go leanfaidh an Eoraip de bheith iomaíoch, ní mór dúinn imreoirí nua a spreagadh agus na tionscail thraidisiúnta a chosaint chomh maith céanna. D’áitíomar go láidir inniu go bhfeabhsófaí an rochtain ar dár gcomhlachtaí agus go háirithe le haghaidh fiontair atá ag iarraidh fairsingiú. Shocraíomar go dtacóimís leis an ngeilleagar comhoibríoch a fhorbairt ar bhealach cothrom freisin. Is cúis imní do chách i gcónaí an staid ina bhfuil an tionscal cruach i ngeall ar an ról fíorthábhachtach atá aige inár ngeilleagair go léir. Ní foláir dúinn bealaí a aimsiú chun déileáil leis an staid sin go prap agus go héifeachtach.” arsa Peter Žiga, cathaoirleach na Comhairle agus Aire Gheilleagar na Slóvaice
Shocraigh na Ballstáit agus an Coimisiún go bhfairfidís go géar forbairtí eacnamaíocha agus gnó d’fhonn pé gníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo a mheá.
An tionscal cruach
Phléigh an Chomhairle na forbairtí is déanaí i dtionscal cruach na hEorpa.
Léirigh sí tacaíocht, maille leis an gCoimisiún, do bhearta agus do ghníomhaíochtaí chun iomaíochas na hearnála sin a mhéadú, chun í a nuashonrú agus chun cothroime iomaíochta dhomhanda a ghabháil de láimh.
Rochtain ar mhaoiniú do chuideachtaí agus d’ fhiontair AE atá ag iarraidh fairsingiú
Phléigh an Chomhairle an tseiceáil is déanaí ar iomaíochas, ar “tástáil sláinte” í ar fhíorgheilleagar na hEorpa, agus aird á díriú aici ar bhealaí chun rochtain ar mhaoiniú do chuideachtaí an Aontais a fheabhsú agus do na fiontair atá ag iarraidh fairsingiú.
Beoshruthú, físeáin agus grianghraif
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Outcome of the Council meeting
- Clár táscach - an Chomhairle Iomaíochais an 29/09/2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Iomaíochais, 29 Meán Fómhair 2016
- Aguisín 1 a ghabhann le liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iomaíochais, 29 Meán Fómhair 2016
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Iomaíochais, 29 Meán Fómhair 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iomaíochais, 29 Meán Fómhair 2016
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025