- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 26-27/05/2016, 26-27 Bealtaine 2016
Na príomhthorthaí
An Margadh Inmheánach - Tionsclaíocht - Beartas i ndáil leis an Spás
An margadh aonair digiteach
Rinne an Chomhairle measúnú ar an dul chun cinn a bhí déanta i ndáil le straitéis an mhargaidh aonair, bliain tar éis di bheith seolta. Sa chomhthéacs sin, rinne an Chomhairle an méid a leanas:
Bhunaigh muid clocha míle tábhachtacha inniu ó thaobh margadh aonair fíordhigiteach a chruthú san Aontas Eorpach chun an nuálaíocht agus an fás a spreagadh. Molaim dóibh siúd ar fad atá páirteach gníomhú gan mhoill chun leas iomlán a bhaint as an réabhlóid dhigiteach.” Henk Kamp, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha na hÍsiltíre
- chomhaontaigh sí na príomhphrionsabail chun inaistritheacht seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú sa mhargadh inmheánach
- ghlac sí conclúidí freisin maidir le teicneolaíochtaí an mhargaidh aonair dhigitigh agus nuachóiriú na seirbhísí poiblí
- phléigh sí an tionchar a bheidh ag an digitiú ar tháirgiúlacht earnáil na seirbhísí faoin seiceáil iomaíochais
- phléigh sí bealaí chun feabhas a chur ar an gcaoi a n-úsáidtear sonraí spáis ó chláir spáis an Aontais Eorpaigh chun fás agus fostaíocht a chruthú
D’fhonn a áirithiú go dtairbheoidh na gníomhaíochtaí seo agus gníomhaíochtaí nach iad a dhéanfar amach anseo de thimpeallacht a bheidh neamhdhíobhálach don nuálaíocht, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le rialáil níos fearr.
Tar éis an chruinnithe, bhí an méid seo a leanas le rá ag uachtarán na Comhairle agus aire gnóthaí eacnamaíocha na hÍsiltíre, Henk Kamp: “Bhunaigh muid clocha míle tábhachtacha inniu ó thaobh margadh aonair fíordhigiteach a chruthú san Aontas Eorpach chun an nuálaíocht agus an fás a spreagadh. D’eagraigh mé “Lá digiteach na Comhairle” toisc go gcreidim gurb í an tírdhreach dhigiteach atá ós ár gcomhair amach anois is mó a chuirfidh deiseanna ar fáil chun cabhrú le daoine agus le gnóthaí nascadh agus idirghníomhú lena chéile tríd an spás fisiciúil agus na bacainní eadrainn a chur de dhroim seoil agus trí mhargaí nua a oscailt suas mar aon le deiseanna nua fostaíochta. Molaim dóibh siúd ar fad atá páirteach gníomhú gan mhoill chun leas iomlán a bhaint as an réabhlóid dhigiteach.”
Taighde agus Nuálaíocht
Tar éis díospóireacht faoin eolaíocht oscailte, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an aistriú chun córas eolaíochta oscailte.
Ceist í an eolaíocht oscailte atá gar dár gcroí. Le linn Uachtaránacht na hÍsiltíre, d’oibrigh muid le go mbeadh an Eoraip ar thús cadhnaíochta na n-athruithe domhanda agus ról ceannaireachta aici san aistriú go bealaí nua taighde agus eolaíochta, bunaithe ar an oscailteacht, ar mhórshonraí agus ar néalríomhaireacht.” Sander DEKKER, Státrúnaí Oideachais, Cultúir agus Eolaíochta na hÍsiltíre
Ghlac sí freisin conclúidí maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón 7ú Clár Réime don taighde agus a mbeidh ann amach anseo agus maidir le timpeallacht a chruthú atá neamhdhíobhálach don taighde agus don nuálaíocht.
Rinne Sander Dekker, Státrúnaí Oideachais, Cultúir agus Eolaíochta na hÍsiltíre a bhí mar chathaoirleach ar an gComhairle, an ráiteas seo a leanas: “Ceist í an eolaíocht oscailte atá gar dár gcroí. Le linn Uachtaránacht na hÍsiltíre, d’oibrigh muid le go mbeadh an Eoraip ar thús cadhnaíochta na n-athruithe domhanda agus ról ceannaireachta aici san aistriú go bealaí nua taighde agus eolaíochta, bunaithe ar an oscailteacht, ar mhórshonraí agus ar néalríomhaireacht. Leis an eolaíocht oscailte, bristear síos na bacainní thar timpeall ollscoileanna agus áirithítear go dtairbhíonn an tsochaí de gach dul chun cinn eolaíochta a mhéid is féidir. Ar an mbealach sin, is féidir an leas is fearr a bhaint ó ionchur lucht taighde, ollscoileanna agus institiúidí eolais”.
Inniu, agus muid ag tógáil ar an obair a rinneadh le roinnt míonna anuas, go háirithe ag comhdháil mhí Aibreáin nuair a d’fhormheas muid “Glao Amstardam ar Ghníomhú maidir leis an Eolaíocht Oscailte”, is féidir liom a rá go bhfuil céim mhór chun tosaigh déanta againn”.
Beoshruthú, físeáin agus grianghraif
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- List of A items, legislative deliberation, Competitiveness Council, 26-27 May 2016
- List of A items, non-legislative activities, Competitiveness Council, 26-27 May 2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Iomaíochais, 26-27 Bealtaine 2016
- Clár táscach - an Chomhairle Iomaíochais, 26-27/05/2016
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
- Rúin trádála a chosaint: Glacann an Chomhairle treoir nua
- 27/05/2016
- Better regulation to strengthen competitiveness
- 26/05/2016
- Iniomparthacht ábhair dhigitigh: Comhaontú ón gComhairle ar na príomhphrionsabail
- 26/05/2016
- Teicneolaíochtaí don mhargadh aonair digiteach agus nuachóiriú ar sheirbhísí poiblí
- 26/05/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025