- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 20/02/2017, 20 Feabhra 2017
Na príomhthorthaí
Cosaint an tomhaltóra sa ré digiteach
Chomhaontaigh an Chomhairle cur chuige ginearálta chun an comhar i ndáil le cosaint tomhaltóirí a neartú sa mhargadh inmheánach. Is éard is cuspóir leis sin an bealach a dtéann riaracháin náisiúnta i mbun comhair le chéile a fheabhsú d’fhonn an díobháil a dhéantar do thomhaltóirí de bharr sáruithe trasteorann ar dhlí tomhaltais an Aontais a sheachaint agus a laghdú. Ionas gur cosaint éifeachtach an tomhaltóra atá ann, ní mór gur freagairt í ar dhúshláin an gheilleagair dhigitigh agus ar dhúshláin fhorbairt na siopadóireachta trasteorann san Aontas.
“Tá gá le córas iontaofa i ndáil le cosaint an tomhaltóra le gur féidir muinín i margadh aonair digiteach na hEorpa a chothú. “Leis an gcomhaontú ar thángthas air inniu, cuirfear le forfheidhmiú cearta tomhaltóirí. Rachaidh sé chun tairbhe gnólachtaí chomh maith, le rialacha atá níos soiléire agus níos aonfhoirmí.”
Christian Cardona, Aire Geilleagair, Infheistíochta agus Gnólachtaí Beaga Mhálta
Athchóiriú ar an gcóras cineálcheadaithe le haghaidh gluaisteán
Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn na hoibre chun an córas cineálcheadaithe agus faireachais margaidh i gcomhair mótarfheithiclí a athchóiriú.
“Tá sé mar rún ag an Uachtaránacht leanúint dá cuid oibre chun na saincheisteanna atá fós gan réiteach a fhuascailt. Tá súil againn go seasfaidh na toscaireachtaí go léir agus an Coimisiún linn inár n-iarrachtaí teacht ar chomhréiteach maith sna seachtainí romhainn amach. Tá rún againn téacs cur chuige ghinearálta a chur faoi bhráid na Comhairle Iomaíochais i mí na Bealtaine.”
Christian Cardona, Aire Geilleagair, Infheistíochta agus Gnólachtaí Beaga Mhálta
Cabhrú le go mbeidh gnólachtaí nuathionscanta an Aontais in ann fás
Rinne na hairí plé ar bhealaí nithiúla chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun méadaithe le gur fearr a bheifear in ann deiseanna margaidh a thapú agus gnó a dhéanamh sa mhargadh aonair.
Bainfear leas as toradh an phlé sin in oirchill an chruinnithe neamhfhoirmiúil aireachta faoin iomaíochas a thionólfar i Vaileite, Málta, ar an 5 agus 6 Aibreán.
Seiceáil ar an iomaíochas: infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe
Leis an tseiceáil ar iomaíochas, díríodh ar infheistíochtaí doláimhsithe (mar shampla, scileanna, bogearraí, dearadh agus maoin intleachtúil) i ngnólachtaí an Aontais. Foinse luachmhar nuálaíochta agus feabhais ar tháirgiúlacht do ghnólachtaí atá sna sócmhainní sin.
Soláthar poiblí
Phléigh na hairí na bealaí a bhféadfaí soláthar poiblí a fheabhsú i gcomhthéacs phróiseas Sheimeastar Eorpach 2017. Leag siad béim go háirithe ar an ngá atá ann soláthar poiblí a dhéanamh níos éifeachtúla, cáilíocht an chaiteachais a fheabhsú agus an riarachán poiblí a nuachóiriú.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh an chruinnithe
- Clár táscach, an Chomhairle Iomaíochais, 20 Feabhra 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Iomaíochais, 20 Feabhra 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Iomaíochais, 20 Feabhra 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iomaíochais, 20 Feabhra 2017
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025