- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 29-30/05/2017, 29-30 Bealtaine 2017
Na príomhthorthaí
An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht - 29 Bealtaine
Cineálcheadú gluaisteán agus athchóiriú faireachais margaidh
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta chun go ndéanfaí athchóiriú ar an gcóras cineálcheadaithe agus faireachais margaidh le haghaidh mótarfheithiclí.
Leis an mór-athchóiriú sin, déanfar an córas reatha a nuachóiriú agus feabhsófar na sonraí maidir le tástálacha rialúcháin ar astaíochtaí ó ghluaisteáin.
“Tá an tsláinte phoiblí, caílíocht aeir agus an nuálaíocht i gcroílár an chomhaontaithe seo. Is trí chabhrú le forbairt teicneolaíochtaí glana agus sábháilte agus ar an dóigh sin amháin a dhéanfar muinín as tionscal gluaisteán na hEorpa a athbhunú agus a mhéadú. Bunófar tástálacha iontaofa rialúcháin le haghaidh gluaisteán ionas nach bhfeicfear arís amach anseo na neamhrialtachtaí astaíochtaí a bhí againn roimhe seo”
Chris Cardona, Cathaoirleach na Comhairle agus Aire Eacnamaíochta, Infheistíochta agus Gnóthaí Beaga Mhálta.
Is é an aidhm atá leis sin leibhéal ard sábháilteachta agus feidhmíochta comhshaoil mótarfheithiclí a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar na príomhlaigí a sainaithníodh sa chóras cineálcheadaithe atá ann cheana.
An pacáiste seirbhísí: soláthar seirbhísí agus soghluaisteacht gairmithe
Chomhaontaigh an Chomhairle cur chuige ginearálta i ndáil le dhá thogra atá sa “pacáiste seirbhísí” lena gcuirfear le héifeacht an mhargaidh inmheánaigh:
- dréacht-treoir lena ndírítear ar fheabhas a chur ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt in earnáil na seirbhísí, agus
- dréacht-treoir lena ndírítear ar shoghluaisteacht trasteorann gairmithe san Aontas Eorpach
“Nuair a sholáthraíonn gnóthaí agus gairmithe seirbhísí thar theorainneacha bíonn rialáil dhíréireach ina constaic i gcónaí. Is uirlis fhíor-riachtanach é an pacáiste seirbhísí chun éascaíocht a dhéanamh ar ghluaiseacht daoine agus seirbhísí. Bainfidh cuideachtaí, gairmithe agus tomhaltóirí an-leas as an rochtain níos fearr a bheidh acu ar ghníomhaíochtaí agus seirbhísí gairmiúla éagsúla”
Chris Cardona, Cathaoirleach na Comhairle agus Aire Eacnamaíochta, Infheistíochta agus Gnóthaí Beaga Mhálta.
An beartas tionsclaíoch san Eoraip
Bhí díospóireacht ag an gComhairle maidir leis an mbeartas tionsclaíoch. Ghlac sí conclúidí freisin inar iarr sí ar an gCoimisiún straitéis beartais tionsclaíochta de chuid an Aontais don todhchaí a thíolacadh in am don chruinniú a bheidh ag an gComhairle Eorpach in earrach na bliana 2018.
“Ós rud é go bhfuil dúshláin mhóra os comhair ár dtionscail, tá an t-ábhar seo thar a bheith ábhartha don Eoraip ó thaobh na polaitíochta de. Ní mór don Eoraip a bheith réamhghníomhach agus beartas tionsclaíochta AE atá iomlánaíoch a bhaint amach ionas go mbeifear in ann plé leis na hathruithe teicneolaíocha agus iomaíochas domhanda a áirithiú dár ngeilleagar. Beidh digitiú, samhlacha nua gnó, infheistíocht i scileanna agus rochtain níos fearr ar mhaoiniú rí-thábhachtach maidir le hiomaíochas tionsclaíoch na hEorpa a áirithiú”
Chris Cardona, Cathaoirleach na Comhairle agus Aire Eacnamaíochta, Infheistíochta agus Gnóthaí Beaga Mhálta.
Taighde agus Spás - 30 Bealtaine
Straitéis spáis don Eoraip
Bhí díospóireacht ag an gComhairle maidir le cur chun feidhme na straitéise spáis don Eoraip agus ghlac sí conclúidí inar leag sí amach na tosaíochtaí atá aici.
"The Council conclusions will contribute to the implementation of priority areas of the space strategy. The EU space programmes Galileo and Copernicus are successful examples of the benefits and strengths that European integration can deliver not only to European citizens, but to the whole world."
Chris Agius, Rúnaí Parlaiminte Mhálta don Taighde, don Nuálaíocht, don Óige agus don Spórt
Faireachán agus tuairisciú ar thaighde agus nuálaíocht (T&N)
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le “Faireachán agus tuairisciú a dhéantar i réimse an taighde agus na nuálaíochta a shruthlíniú”.
Bhí díospóireacht aici freisin maidir le bunús eacnamaíoch agus éifeacht an mhaoinithe phoiblí a thugtar do T&N.
Comhpháirtíocht AE-an Mheánmhuir maidir le tionscadail taighde (PRIMA)
Thug an Chomhairle dá haire na hullmhúcháin a rinneadh le haghaidh chur chun feidhme na Comhpháirtíochta maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), cur chun feidhme atá mar thoradh ar thabhairt chun críche rathúil an phlé reachtaigh ar PRIMA a rinneadh faoi chuimsiú Uachtaránacht Mhálta ar an gComhairle.
“Meastar go bhfuil PRIMA chun acmhainní a fhothú agus maoiniú a chur ar fáil le haghaidh taighde agus nuálaíocht sna hearnálacha agraibhia agus uisce i limistéar na Meánmhara. Ba cheart go gcuideodh sin agus aghaidh á tabhairt ar chuid de na bunchúiseanna leis an imirce agus go gcuirfí neart leis an gcomhar Eora-Mheánmhara.”
Chris Agius, Rúnaí Parlaiminte Mhálta don Taighde, don Nuálaíocht, don Óige agus don Spórt
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár táscach - Comhairle Iomaíochais an 29 agus an 30 Bealtaine 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Iomaíochais, 29-30 Bealtaine 2017
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Iomaíochais, 29 agus 30 Bealtaine 2017
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iomaíochais, 29 agus 30 Bealtaine 2017
- Cúlra faisnéise
Preaseisiúintí
- Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis spáis don Eoraip
- 30/05/2017
- Conclúidí maidir le straitéis beartais tionsclaíochta de chuid an Aontais don todhchaí
- 29/05/2017
- Poblacht Dhaonlathach an Chongó: Glacann an tAontas Eorpach smachtbhannaí i gcoinne 9 duine sa bhreis
- 29/05/2017
- An Pacáiste Seirbhísí: Comhaontaíonn an Chomhairle coinníollacha maidir le soláthar seirbhísí agus soghluaisteacht gairmithe a éascú
- 29/05/2017
- Rialuithe astaíochtaí gluaisteán: Tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcóras cineálcheadaithe agus faireachais margaidh
- 29/05/2017
- An tSiria: Cuireann an tAontas síneadh bliana leis na smachtbhannaí i gcoinne an réimis
- 29/05/2017
- Seachaint cánach corparáide: Treoir á glacadh maidir le neamhréireanna hibrideacha
- 29/05/2017
- Tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir le síniú an chomhaontaithe árachais idir AE agus SAM:
- 29/05/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025