Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 28-29/11/2016, 28-29 Samhain 2016

Príomhthorthaí

28 Samhain

Geobhlocáil: bacainní ar an r-thráchtáil a bhaint 

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta chun geobhlocáil nach bhfuil údar léi a thoirmeasc laistigh den mhargadh inmheánach.

Is é is aidhm leis an dréachtrialachán an t-idirdhealú a chosc i dtaca le díolacháin trasteorann earraí agus seirbhísí bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí.

“Bíonn coinne ag roinnt saoránach sa lá atá inniu ann go bhféadfaí siopadóireacht a dhéanamh ar líne ó thír eile de chuid an Aontais Eorpaigh díreach mar a dhéanann muintir na háite amhlaidh. Tiocfaidh feabhas mór ar gheilleagar na r-thráchtála leis na rialacha nua chun deireadh a chur le geobhlocáil nach bhfuil údar maith léi agus beidh rochtain ag saoránaigh ar réimse níos leithne earraí agus seirbhísí”.

Peter Žiga, Aire Geilleagair na Slóvaice

Dul chun cinn maidir leis an straitéis don mhargadh aonair 

Rinne na hairí measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an straitéis don mhargadh aonair bliain amháin tar éis a seolta. Shainaithin siad roinnt tionscnamh tosaíochta freisin laistigh den straitéis lena mbaineann ardacmhainn chun fás eacnamaíoch agus fostaíocht a chruthú.

“Leis an margadh aonair mar atá inniu, tá gá le hidirghabhálacha spriocdhírithe tomhaiste pragmatacha. Thar aon ní eile, ní mór dúinn dul chun cinn a dhéanamh maidir le seirbhísí, óir is in earnáil na seirbhísí a chruthaítear 9 as gach 10 bpost sa lá atá inniu ann, cé nach bhfuil iontu ach 5 % de na poist a chruthaítear i gcásanna trasteorann. Éilítear freisin, maidir leis an margadh aonair, timpeallacht chobhsaí intuartha ina bhféadfaidh an iontaoibh atá ag gnólachtaí agus tomhaltóirí bláthú agus ina bhféadfaidh rath teacht ar infheistíocht chun tairbhe saoránach, tomhaltóirí agus gnólachtaí”.

Peter Žiga, Aire Geilleagair na Slóvaice

Clár Oibre Nua Scileanna don Eoraip - seiceáil ar iomaíochas 

Phléigh na hairí an Clár Oibre Scileanna don Eoraip i gcomhthéacs na seiceála ar iomaíochas. Dhírigh siad ar an neamhréir scileanna agus na riachtanais a bheidh ann amach anseo, ar na dlúthnaisc idir inniúlachtaí a fhoghlaim agus an saol oibre, agus ar an méadú atá ag teacht ar éilimh ó chuideachtaí maidir le scileanna digiteacha.

Córas cosanta na paitinne aonadaí 

Roinn na hairí a dtuairimí le chéile maidir le córas cosanta na paitinne aonadaí. Ba dhíol sásaimh dóibh an dearbhú a rinne toscaireacht na Ríochta Aontaithe go gcuirfí tús leis an ullmhúchán do dhaingniú an chomhaontaithe maidir le Cúirt na Paitinne Aonadaí a bhunú.

Réitíonn an fógra sin an bealach chun córas cosanta na paitinne aonadaí a chur i ngníomh a luaithe is féidir in 2017.

29 Samhain

Tacú le taighdeoirí óga 

Ghlac an Chomhairle conclúidí faoi bhearta chun tacú le taighdeoirí luathchéime agus chun tarraingteacht na ngairmeacha eolaíochta a ardú.

“Leis na conclúidí ón gComhairle tógtar ar dhearbhú na Bratasláive a d’fhormhuinigh airí taighde an Aontais an samhradh seo caite agus é mar aidhm go dtacófaí le glúine nua de thaighdeoirí agus d’eolaithe le go mbeidh siad in ann a bheith ar thús cadhnaíochta chun rath na hEorpa a chur chun cinn. Tá gá ann tarraingteacht na ngairmeacha eolaíochta a ardú do dhaoine óga, a mbua a chothú agus deiseanna d’fhorbairt gairme iomchuí a thairiscint”.

Peter Plavčan, Aire Oideachais, Eolaíochta, Taighde agus Spóirt na Slóvaice

Straitéis spáis don Eoraip 

Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an straitéis nua spáis don Eoraip. Bhí díospóireacht phoiblí freisin ag díriú ar na gníomhaíochtaí sin sa straitéis a d’fhéadfadh tionchar dearfach mór a bheith acu ar an iomaíochas agus sochair nithiúla a thabhairt do shaoránaigh agus do chuideachtaí na hEorpa.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025