Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 29 Bealtaine 2017 16:05

Poblacht Dhaonlathach an Chongó: Glacann an tAontas Eorpach smachtbhannaí i gcoinne 9 duine sa bhreis

Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne 9 duine a bhfuil poist freagrachta i riarachán an Stáit agus i slabhra ceannais na bhfórsaí slándála i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) acu, le héifeacht láithreach. Tá an méid seo sa bhreis ar an 7 duine ar cuireadh smachtbhannaí an Aontais i bhfeidhm maidir leo amhail ón 12 Nollaig 2016 mar gheall ar an mbac a cuireadh ar an bpróiseas toghchánaíochta agus na sáruithe ar chearta an duine a lean as sin.

***

Dearbhú ón Aontas maidir leis an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó  

Is cúis mhór imní don Aontas Eorpach fós é meathlú na staide i bPobal Dhaonlathach an Chongó (PDC).

Tá leibhéal eisceachtúil sroichte ag an ngéarchéim i gCúige Kasai i dtéarmaí slándála agus daonnúla agus maidir le cearta an duine freisin. Cé go gcáineann an tAontas Eorpach gach gníomh foréigin beag beann ar a té a dhéanann é, is ábhar imní don Aontas go bhfuiltear ag tuairisc go bhfuil an lámh láidir in úsáid ar bhonn díréireach ag comhlachtaí an Stáit, go háirithe na fórsaí slándála, chun an ghéarchéim a bhainistiú. Iarrann sé ar údaráis Phoblacht Dhaonlathach an Chongó gníomhú i gcomhréir le cearta an duine agus leis na saoirsí bunúsacha agus, gan tuilleadh moille, imscrúduithe follasacha inchreidte a thionscnamh, á dtacú le saineolas idirnáisiúnta ardleibhéil chun feabhas a chur ar inchreidteacht agus neamhspleáchas na n-imscrúduithe, d’fhonn iad siúd atá freagrach as gníomhartha foréigneacha agus sléachtanna a shainaithint. Leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé go bhfuil MONUSCO in ann a shainordú a fheidhmiú go hiomlán agus chun rochtain dhaonnúil sna limistéir atá buailte ag an ngéarchéim a ráthú.

Is ábhar eile imní i gcónaí don Aontas iad na srianta leanúnacha ar an spás daonlathach agus ar chearta bunúsacha freisin, lena n-áirítear srianta ar na meáin agus an bac ar léirsithe.

Ar an taobh polaitiúil de, is cúis imní don Aontas í an easpa comhthola chun an t-aistriú a chur ar aghaidh. Chun teacht slán ón ngéarchéim ar bhonn inbhuanaithe, cuirtear in iúl arís nach mór go dtiocfaidh toghcháin dhaonlathacha oscailte mar thoradh ar an aistriú agus é sin a luaithe is féidir agus i gcomhréir leis an mBunreacht agus leis an gComhaontú Polaitiúil a rinneadh an 31 Nollaig 2016. Tá sé thar a bheith riachtanach go ngníomhófar de mheon macánta chun institiúidí idirthréimhseacha atá iomlán cuimsitheach a bhunú agus bearta a chur i bhfeidhm chun an teannas a mhaolú, dhá ghné atá mar bhunchloch chun timpeallacht oscailte réidh a dheimhniú do na toghcháin. Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh spás ar fáil le haghaidh na saorchainte agus na díospóireachta le go mbeidh na saoránaigh in ann labhairt go hoscailte roimh na toghcháin.

Is é an próiseas toghchánaíochta an príomhdhúshlán atá ann don tréimhse atá romhainn, agus is iad céad chéimeanna an phróisis sin buiséad agus féilire toghchánaíochta a leagan amach a bheidh inghlactha do chách agus a bheidh i gcomhréir leis an gComhaontú Polaitiúil. Má chomhlíontar rún 2348 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus na gealltanais a tugadh faoin gComhaontú Polaitiúil freisin, beidh an tAontas Eorpach in ann tacú leis an bpróiseas sin. Tríd an amchlár a leagan síos sa bhealach seo, déanfar an próiseas a stiúradh agus déanfar cinnte de go mbeidh tacaíocht ar fáil ó chomhpháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta in am is i dtráth. Maidir leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chuige sin ag na Náisiúin Aontaithe, ag an Aontas Afracach, ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta do Dhomhain na Fraincise agus ag comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, spreagann an tAontas iad agus tacaíonn leo freisin.

Leis an staid chriticiúil shocheacnamaíoch, ar níos measa go mór í de bharr an drochrialachais agus an mhíleithreasú a dhéantar ar acmhainní náisiúnta, fágfar cuid mhaith den daonra, go háirithe daoine óga, ar ghannchuid deiseanna don todhchaí agus is mó an baol go n-imeoidh cúrsaí as smacht. I bhfianaise mheathlú suntasach na staide, agus mar a léirítear sna conclúidí uaidh ón 6 Márta 2017, rinne an tAontas cinneadh inniu bearta sriantacha nua a chur ar 9 duine aonair atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

Leanfaidh an tAontas Eorpach de ghrinnscrúdú a dhéanamh ar a dtarlóidh ó thaobh na polaitíochta agus ó thaobh chearta an duine sna míonna amach anseo agus, ag brath ar a dtarlóidh, d’fhéadfaí tuilleadh bearta sriantacha a chur i bhfeidhm nó, más iomchuí, roinnt díobh a aisghairm. I ndáil leis sin, cuireann sé in iúl an athuair go bhfuil sé réidh le dul i mbun idirphlé polaitiúil ag an leibhéal is airde i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chonradh Cotonou.

***
Baineann cinneadh an lae inniu le hiar-Aire agus le hAire reatha Gnóthaí Baile, le gobharnóir Kasaï Láir, le hiar-ghobharnóir Katanga Uachtarach, le beirt oifigeach shinsearacha, le ceannaire mílísteach, agus le stiúrthóir na Seirbhíse Faisnéise Náisiúnta toisc go bhfuil siad liostaithe mar dhaoine a ghlac páirt i ngníomhartha ar sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine iad i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, tríd na gníomhartha sin a phleanáil, a stiúradh nó a chur i gcrich. Liostaítear an tAire Cumarsáide agus na Meán, arb eisean urlabhraí an rialtais freisin, mar dhuine atá freagrach as an mbeartas diansmachtúil a cuireadh i bhfeidhm ar na meáin in PDC, beartas a sháraíonn an ceart ar fhaisnéis agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus a bhaineann an bonn de réiteach síochánta agus comhthoilíoch trína bhféadfaí toghcháin a reáchtáil.

In Iris Oifigiúil an 29 Bealtaine 2017, luaitear ainmneacha na ndaoine lena mbaineann agus na cúiseanna a rinne an Chomhairle iad a liostú. Beidh éifeacht láithreach ag na bearta sriantacha. Cuimsíonn na bearta seo toirmeasc ar theacht isteach san Aontas Eorpach, reo a gcuid sócmhainní agus cosc a chur ar chistí nó acmhainní airgeadais a chur ar fáil do na daoine liostaithe.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024