- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 12 Márta 2018 13:15
Straitéis maidir le beartas tionsclaíochta: Conclúidí glactha ag an gComhairle
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID A LEANAS,
Ag meabhrú di na conclúidí ón gComhairle i mí na Bealtaine[1] agus i mí na Samhna 2017[2], chomh maith leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2017[3], ar leagadh béim iontu uile ar an ngá atá le straitéis thionsclaíoch chuimsitheach fhadtéarmach de chuid an Aontais a fhorbairt,
- CUIREANN SÍ I dTREIS an tábhacht a bhaineann leis an mbunús tionsclaíoch a láidriú mar phríomh-chomhpháirt de thodhchaí na hEorpa, agus í airdeallach gur mórghné don táirgiúlacht, don fhás, don nuálaíocht agus don fhostaíocht í an tionsclaíocht Eorpach agus í mar bhunchloch den rathúnas eacnamaíoch san Eoraip; MEASANN SÍ, i bhfianaise an mhéid sin, gur comhartha tábhachtach atá sa teachtaireacht ón gCoimisiún in 2017 dar teideal “Straitéis athnuaite de chuid an Aontais dá bheartas tionsclaíoch”[4] agus gur céim áisiúil thosaigh í d’fhonn straitéis thionsclaíoch de chuid an Aontais a fhorbairt lena ndíreofar ar an todhchaí;
- ATHDHEARBHAÍONN SÍ gur colún bunúsach é margadh inmheánach lánfheidhmiúil sa ré dhigiteach chun iomaíochas tionsclaíoch a neartú agus CUIREANN SÍ I bhFIOS an tábhacht a bhaineann le rialacha an mhargaidh inmheánaigh a fhorfheidhmiú agus a chur chun feidhme sa chomhthéacs sin; Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus chun leas a bhaint as na deiseanna atá ag teacht chun cinn, CREIDEANN SÍ gur gá timpeallacht rialála a bheidh soiléir intuartha agus neamh-idirdhealaitheach a chur ar fáil don tionsclaíoch d'fhonn infheistíochtaí a dhéanamh a bheidh dírithe ar an todhchaí; MEABHRAÍONN sí sa chomhthéacs sin an tábhacht a bhaineann le seirbhísí a bhaineann le cúrsaí gnó agus CUIREANN SÍ I dTREIS gur gá aon bhac nach bhfuil údar leis nó atá díréireach agus atá fós ann a bhaint; dá bharr sin, CUIREANN SÍ I bhFÁTH go bhfuil gá le cur chuige straitéiseach fadtéarmach struchtúraithe cuimsitheach;
- MEASANN SÍ, i bhfianaise na mbeartas agus na mbeart tionsclaíoch fadtéarmach atá ag réigiúin eile ar fud an domhain, gur gá don Aontas cur chuige comhpháirteach a bheith aige, lena bhforbrófar buntáistí ár ngeilleagair agus ár ngnólachtaí ó thaobh an iomaíochais de, lena gcuirfear san áireamh an tsamhail Eorpach gona hardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta, agus lena leagfar amach fís fhadtéarmach lena bhféadfadh tionsclaíocht an Aontais feidhmiú, faoi cheann deich mbliana agus ina dhiaidh sin, chun leas na saoránach agus an gheilleagair; Maidir leis na mórathruithe atá ag tarlú sa tionsclaíocht, athruithe a mbíonn suaitheadh i gceist leo uaireanta, AITHNÍONN SÍ go bhféadfaidís cabhrú le fostaíocht a chruthú, go bhféadfaí an monarú san Eoraip a mhéadú agus dúshláin a iompú ina ndeiseanna, ach aghaidh chuí a thabhairt ar na hathruithe sin;
- IS DÍOL SÁSAIMH DI na tionscnaimh a rinne an tAontas sa réimse digiteach, agus, i bhfianaise a chinniúnaí atá an luas agus an scála chun go mbeidh rath ar an margadh, IARRANN SÍ go ndéanfaí iarrachtaí ní ba láidre mar aon le mearchur chun feidhme na dtosaíochtaí beartais maidir le digitiú na tionsclaíochta lena leagfaí béim speisialta ar fheabhas a chur ar thionscnaimh amhail moil nuálaíochta digití agus tionscnaimh eile faoin ardán Eorpach maidir leis an tionsclaíocht a dhigitiú, lena dtabharfaí tacaíocht d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) chun a gclaochlú digiteach a chur i gcrích; ATHDHEARBHAÍONN SÍ an tábhacht a bhaineann le caighdeáin uaillmhianacha comhleanúnacha comhsheasmhacha thráthúla agus faoi stiúir na tionsclaíochta don idir-inoibritheacht, d’iomaíochas na dtionscal Eorpach ar na margaí domhanda;
- Chun go bhfeidhmeoidh cuideachtaí i ngeilleagar sonraíbhunaithe, CUIREANN SÍ I bhFÁTH gur gá dóibh díriú i gcónaí ar fhorbairt nuálach agus ar ghlacadh príomhthreochtaí réamhbhreathnaitheacha lena n-áirítear Idirlíon na Rudaí Nithiúla, an intleacht shaorga, róbataic, mórshonraí agus na hardáin a ghabhann leo, córais nasctha agus uathrialacha, 5G, priontáil 3D, caighdeánú, slándáil TFC agus blocshlabhra; Ós rud é gurb iad na sonraí atá ag teacht chun cinn mar phríomhghné an iomaíochais ar na saolta nasctha seo, CUIREANN SÍ I bhFIOS gur cheart an stóráil sonraí, an néalríomhaireacht chomh maith le teicneolaíochtaí agus cumas ardfheidhmíochta próiseála a neartú san Aontas chun leibhéal uaillmhianach cibearshlándála, cosanta sonraí agus seirbhísí iontaofa TFC a áirithiú; AITHNÍONN SÍ go bhfuil baol suntasach ann ó sháruithe TFC-chumasaithe agus ó mhíleithreasú maoine intleachtúla agus a thábhachtaí atá sé teacht ar fhreagairt don bhagairt sin;
- CUIREANN SÍ I bhFIOS go mbeidh cumas an Aontais leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua ag brath ar a chumas nuálaithe agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbainfí amach infheistíochtaí suntasacha agus ní ba éifeachtaí mar aon leis an gcreat cuí don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht, agus gur gá é sin a chur san áireamh sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chomh maith céanna; MEASANN SÍ gur den bhunriachtanas é go mbeadh aistriú níos fearr feasachta ann agus glacadh níos fearr leis na hardteicneolaíochtaí agus na príomhtheicneolaíochtaí cumasaithe sa bhonn tionsclaíoch d'fhonn gnóthachain táirgiúlachta agus an t-iomaíochas foriomlán tionsclaíochta a chur chun cinn; MEABHRAÍONN SÍ go bhfuil na naisc idir saol an ghnó agus taighde, saol na forbartha agus na nuálaíochta bunriachtanach le haghaidh chur chun feidhme agus ghlacadh an mhargaidh agus chun feasacht a iompú i dtáirgí agus seirbhísí nua agus gur cheart cuidiú le moil nuálaíochta a chruthú, a mhéadú agus a idirnascadh ar fud na hEorpa d’fhonn éiceachóras na nuálaíochta a neartú;
- IARRANN SÍ go ndéanfaí an beartas Eorpach maidir le braislí a fhorbairt tuilleadh, agus é mar chuspóir go ndéanfaí braislí réigiúnacha a chomhnascadh agus a mhéadú ina mbraislí tras-Eorpacha den chéad scoth, ar bhonn phrionsabail an speisialaithe chliste, chun tacú le teacht chun cinn slabhraí nua luacha ar fud na hEorpa;
- AITHNÍONN SÍ go bhféadfaí teacht i dtír níos fearr ar thionscnaimh nuálaíocha Eorpacha agus gur ceart tacú le mórthionscaimh nuálaíochta agus leis an nuálaíocht shuaiteach; CUIREANN SÍ I bhFIOS a thábhachtaí atá na tionscnaimh reatha do chomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, don nuálaíocht agus d’infheistíochtaí agus IS DÍOL SÁSAIMH DI an teachtaireacht maidir le nuachóiriú a dhéanamh ar státchabhair an Aontais ina leagtar amach critéir maidir le tacaíocht do thionscnaimh thábhachta don leas comhchoiteann Eorpach lena ndírítear ar mhórthionscnaimh nuálaíochta de chineál trasnáisiúnta a éascú;
- CUIREANN SÍ I dTREIS an tábhacht a bhaineann leis an soláthar poiblí, lena n-áirítear soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí maidir le nuálaíocht, d’fhonn an nuálaíocht a chur chun cinn agus feabhas a chur ar iomaíochas thionscal an Aontais agus IS DÍOL SÁSAIMH DI tionscnaimh amhail an teachtaireacht a glacadh le déanaí dar teideal "Making Public Procurement work in and for Europe" chun go mbainfí úsáid as an soláthar poiblí mar uirlis straitéiseach lena gcothófaí trasdul i dtreo geilleagar ní ba nuálaí, ní ba neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus ní ba chuimsithí don tsochaí;
- Ag tabhairt dá haire go mbíonn tábhacht thar na bearta ag baint leis an iomaíochas i ngeilleagar margaidh do chlaonadh an gheilleagair i dtreo na nuálaíochta, AITHNÍONN SÍ, a mhéid a bhaineann leis an nuálaíocht agus leis an trasdul digiteach, gur cheart don Aontas agus dá chuid Ballstát, agus iad ag iarraidh dul in iomaíocht ar ardán domhanda, tacú le hinfheistíochtaí agus dálaí fabhracha a chruthú do chistí infheistíochtaí príobháideacha, lena n-áirítear cineálacha nuálacha maoinithe agus bearta spriocdhírithe tacaíochta fáis do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta mar bhunchloch gheilleagar an Aontais; TUGANN SÍ LE FIOS, ina theannta sin, go bhfuil gá leanúnach le beartais a bheadh tiomanta do ghnólachtaí atá i mbun fáis agus do chuideachtaí lárchaipitlithe mar aon le tacaíocht a chur ar fáil don nuálaíocht lena mbaineann ardriosca teicneolaíoch agus ionchas fadtéarmach infheistíochta; CUIREANN SÍ I dTREIS go bhfuil gá leis an meascán ceart idir infheistíocht agus uirlisí maoinithe ón Aontas, ó na Ballstáit, ó na réigiúin agus ón earnáil phríobháideach;
- CUIREANN SÍ I bhFÁTH go bhfuil gá leis na scileanna cearta chun fás tionsclaíoch an Aontais a chothú, agus chun leas a bhaint as an trasdul digiteach go mbeidh sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar an leibhéal neamhleor scileanna digiteacha i measc lucht saothair na hEorpa agus ar an easpa gairmithe TCF agus céimithe eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice; ATHDHEARBHAÍONN SÍ an acmhainneacht a bhaineann le treoirphleananna breise earnála mar bhunús le riachtanais earnáilsonracha scileanna a shainaithint ón mbun aníos, le comhpháirtíochtaí gnó-oideachais a mhéadú agus le hinfheistíochtaí tiomanta a dhéanamh i scileanna daoine óga agus san fhoghlaim fhadsaoil;
- MEASANN SÍ go bhfuil an trádáil bunriachtanach chun fás agus fostaíocht a chruthú; AITHNÍONN SÍ a thábhachtaí atá slabhraí luacha domhanda agus an trádáil do thionsclaíocht an Aontais; TUGANN SÍ DÁ hAIRE an t-athrú domhanda i mbeartas trádála agus ATHDHEARBHAÍONN SÍ a thábhachtaí atá cur chuige an Aontais beartas stóinseach trádála a shaothrú lena gcothófar córas iltaobhach trádála atá oscailte agus bunaithe ar rialacha, ina mbíonn ról lárnach ag EDT, agus í diongbháilte nach mbeidh an trádáil agus an infheistíocht saor ach amháin má bhíonn siad cóir agus chun leas a chéile freisin; i gcomhthéacs an bheartais stóinsithe trádála sin, agus í ag iarraidh fíorchothrom na Féinne a bhaint amach, GRÍOSAÍONN SÍ na páirtithe uile lena mbaineann freagra a ullmhú maidir leis an gcaoi a ndéanfaí straitéisí tionsclaíocha tríú tíortha a láimhseáil [...] lena n-éascófaí comhtháthú cuideachtaí Eorpach le slabhraí domhanda luacha, agus aird á tabhairt ar an ngné fhadtéarmach den iomaíochas ag an am céanna;
- CUIREANN SÍ I bhFIOS gur den bhunriachtanas rannchuidiú na hearnála príobháidí chun na spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach maidir leis an athrú aeráide a chomhrac agus an inbhuanaitheacht a áirithiú; TUGANN SÍ DÁ hAIRE nach bhféadfar torthaí sásúla a bhaint amach ach trí bhíthin físe agus comhpháirtíochta amháin agus trí na dálaí iomchuí creata a chruthú le go mbláthóidh an nuálaíocht agus múnlaí nua gnó agus monaraithe, lena n-áirítear trí bhearta a dhéanamh chun tacú leis an trasdul íseal-charbóin in earnálacha tionsclaíocha; IS DÍOL SÁSAIMH DI na hiarrachtaí atá déanta ag earnálacha éagsúla treochláir fhadtéarmacha trasdula a fhorbairt go dtí 2030 agus ina dhiaidh sin, chomh fada le 2050, agus IARRANN SÍ ar an gCoimisiún, i dteannta na tionsclaíochta agus na mBallstát, obair ghníomhach a dhéanamh leis na hearnálacha uile chun treochláir den chineál sin agus na hidirnaisc a bhaineann leo a fhorbairt tuilleadh mar ionchur do straitéis thionsclaíoch fhadtéarmach de chuid an Aontais amach anseo;
- IARRANN SÍ go mbeidh beartas tionsclaíoch cuimsitheach ann a bhainfidh an leas is fearr as na deiseanna a eascraíonn ón trasdul i dtreo teicneolaíochtaí sábháilte inbhuanaithe, i dtreo geilleagar íseal-charbóin ciorclach agus a bheidh comhleanúnach le beartais aeráide agus fuinnimh an Aontais, lena ndíreofar ar bhonn tionsclaíoch Eorpach a chruthú a bheidh láidir, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch; CUIREANN SÍ I dTREIS gur cheart go gcuirfí san áireamh sa bheartas cuimsitheach seo soláthar inbhuanaithe amhábhar agus an ghné shóisialta de bheartas aeráide an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt ar dhul i ngleic le ceist na gcostas ard fuinnimh agus míbhuntaistí suntasacha á seachaint san iomaíochas idirnáisiúnta, go háirithe i gcás tionscail dhianfhuinnimh;
- ATHDHEARBHAÍONN SÍ gur cheart ábhair imní maidir leis an iomaíochas tionsclaíoch a phríomhshruthú go córasach ar fud réimsí beartais an Aontais agus iarrann sí ar an gCoimisiún tionchar phríomshruthú an bheartais thionsclaíoch isteach i dtionscnaimh straitéiseacha an Aontais a mheas agus moltaí a dhéanamh faoin gcaoi a bhféadfaí príomhshruthú ní ba éifeachtaí a dhéanamh; TUGANN SÍ LE FIOS gur dlúthchuid d'aon iarracht chuimsitheach tacaíocht a thabhairt d'iomaíochas domhanda thionscal an Aontais iad measúnuithe carnacha costais agus laghdú a dhéanamh ar ualaí neamhriachtanacha rialála; CUIREANN SÍ I dTREIS mar sin an tábhacht a bhaineann le spriocanna nithiúla chun aon ualaí rialála nach bhfuil gá leo a laghdú, agus na caighdeáin reatha cosanta á n-urramú ag an am céanna agus gan an bonn a bhaint de chuspóirí foluiteacha na reachtaíochta; CUIREANN SÍ I bhFIOS go bhféadfaí, le céimeanna córasacha ar leibhéal an Aontais, bearta a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus ar an gcaoi sin go bhféadfaí feabhas a chur ar an gcomhordú agus ar na sineirgí idir beartais an Aontais agus beartais na mBallstát; IARRANN SÍ ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaí an tástáil FBM a chur i bhfeidhm ar bhonn ní ba chuimsithí tráth a ndéanfaí tionscnaimh a ullmhú;
- Maidir le creataí beartais iomchuí, MEABHRAÍONN SÍ gur cheart go mbeadh tionscnaimh ag gabháil leo, nuair is gá, chun spreagadh a thabhairt d'earnálacha nua agus d'earnálacha atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil ardacmhainneacht fáis ag roinnt leo, agus d'earnálacha atá ag tabhairt aghaidh ar athrú eacnamaíoch;
- Maidir le beartas tionsclaíoch cuimsitheach de chuid an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach, TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur gá cuspóirí straitéiseacha a bhunú agus nach mór faireachán a dhéanamh de shíor ar an dul chun cinn chun iad a bhaint amach; Mar sin IARRANN SÍ ar an gCoimisiún dlús a chur faoin obair atá ar bun aige, i gcomhar leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí, maidir le cuspóirí iomchuí don bheartas tionsclaíoch a bheidh le baint amach faoi 2030 agus ina dhiaidh sin féin, lena ndéanfaí na hiarrachtaí atá déanta faoi bheartais thionsclaíocha, fuinnimh agus comhshaoil (lena n-áirítear an t-athrú aeráide) a shioncrónú; TUGANN SÍ DÁ hAIRE Lá Tionsclaíochta an Aontais a bhí ann le déanaí, lena n-áirítear bunú an Chruinnithe Comhchéime Ardleibhéil “Tionsclaíocht 2030", a bhfuiltear ag súil go gcuirfidh sé le forbairt straitéis thionsclaíoch chuimsitheach fhadtéarmach an Aontais ar bhealach dearfach tráthúil, agus IARRANN SÍ ar an gCoimisiún na Ballstáit a choinneáil ar an eolas i dtaobh obair an Chruinnithe Comhchéime;
- CUIREANN SÍ I bhFIOS an gá atá le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcuspóirí maidir leis an mbeartas tionsclaíoch agus, níos tábhachtaí fós, ar na treochtaí i bhforbairt thionscal an Aontais le táscairí iomchuí, ag meabhrú di gur gá go mbeadh na táscairí sin intomhaiste agus íogair ó thaobh ama de, agus gur cheart go mbeifí in ann comparáid a dhéanamh ar leibhéal domhanda, nuair is féidir;
- Chun go mairfidh an Eoraip mar fhórsa iomaíoch ar fud na cruinne, LEAGANN SÍ BÉIM ar an ngéarghá atá le straitéis thionsclaíoch chuimsitheach fhadtéarmach de chuid an Aontais, rud ba cheart a bheith ann ar a dhéanaí faoin gcéad timthriall institiúideach eile de chuid an Aontais; Chun na críche sin, IARRANN SÍ ar an gCoimisiún tógáil ar an struchtúr rialachais atá ann cheana agus díriú ar na gnéithe uile a bheidh mar chuid den straitéis amach anseo, lena n-áirítear plean gníomhaíochta, a ullmhú; TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur gá go mbeadh dlúthbhaint ag na Ballstáit sa phróiseas seo agus ATHDHEARBHAÍONN SÍ an ról straitéiseach a ghlacann an Chomhairle Iomaíochais maidir le treoir pholaitiúil agus dlús a chur ar fáil.
[1] Doc. 9760/17.
[2] Doc. 15223/17.
[3] Doc. EUCO 8/17, mír 15.
[4] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún, agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta - Infheistíocht a dhéanamh ar mhaithe le tionscal cliste, nuálach, inbhuanaithe - Straitéis athnuaite de chuid an Aontais dá bheartas tionsclaíoch, 12202/17 + ADD 1.
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
- @TarradellasEU
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025