Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 27-28/05/2019, 27-28 Bealtaine 2019

Na príomhthorthaí

An spás agus an taighde, 28 Bealtaine

Phléigh an Chomhairle bealaí le ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda a neartú agus an comhar idirnáisiúnta i réimse an spáis a chur chun cinn. D’iarr na hairí go n-infheisteofaí níos mó sa taighde agus sa nuálaíocht i ndáil leis an spás. Leag siad béim ar thábhacht an chomhair idirnáisiúnta agus na taidhleoireachta spáis do thionscal spáis an Aontais agus d’aontaigh siad gur gá don Aontas páirt réamhghníomhach a ghlacadh sa phlé reatha ar rialachas domhanda an spáis.

Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin maidir leis an spás mar chumasóir do gheilleagar níos iomaíche de chuid an Aontais.

Tá an-acmhainneacht ag baint leis an spás ó thaobh deiseanna chun cur lenár n-iomaíochas, lenár nuálaíocht agus lenár bhfiontraíocht. Caithfimid ár n-iarrachtaí a shaothrú agus a neartú i dtaca le forbairt scileanna agus acmhainní chun gur féidir linn ár ról ceannaireachta a chaomhnú ar an leibhéal domhanda. Nicolae Hurduc, Aire Taighde agus Nuálaíochta na Rómáine

Ar imeall na Comhairle, bhí an 9ú cruinniú dá cuid ag an gComhairle Spáis. Fóram is ea an Chomhairle Spáis atá dírithe ar ghníomhaíochtaí spáis a chomhordú idir an tAontas agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE). D’eisigh Uachtarán na Comhairle Iomaíochais agus Uachtarán Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa ar leibhéal na n-airí na conclúidí seo a leanas.

Príomhphointí ón gComhairle Iomaíochais maidir leis an spás a bhí ar siúl ar an 28 Bealtaine 2019

Bhí díospóireacht beartais ag an gComhairle faoin mbealach le cur le dea-thionchar bheartas an Aontais maidir le taighde agus nuálaíocht ar iomaíochas gheilleagar an Aontais. Chuir na hairí i dtreis go bhfuil gá le buiséad leordhóthanach do “Fís Eorpach”, an chéad chlár réime eile ilbhliantúil um thaighde agus um nuálaíocht. D’iarr siad freisin go mbeadh beartas ann lena n-áiritheofaí sineirgí idir cláir chistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais ar mhaithe lena n-éifeachtaí a uasmhéadú. Ar deireadh, leag siad béim ar na dea-éifeachtaí a bhíonn ag creat iomchuí rialála, lena n-áirítear státchabhair, ar an nuálaíocht.

A bhuí le plé an lae inniu, tá ar ár gcumas na príomhroghanna straitéiseacha sin a shainaithint atá de dhíth le háirithiú go mbeidh an taighde agus an nuálaíocht ina spreagadh i gcónaí do gheilleagar níos iomaíche san Aontas i gcoitinne. Nicolae Hurduc, Aire Taighde agus Nuálaíochta na Rómáine
Fís-sleachta ón gComhairle Iomaíochais maidir leis an taighde a bhí ar siúl ar an 28 Bealtaine 2019

An margadh aonair agus an tionsclaíocht, 27 Bealtaine

Bhí díospóireacht beartais ag an gComhairle maidir leis na gnéithe is tábhachtaí is gá a chur san áireamh agus straitéis beartais tionsclaíochtafhadtéarmach, chuimsitheach an Aontais agus cur chuige uaillmhianach i leith margadh aonair iomaíoch á ndearadh agus ghlac sí conclúidí maidir le gach ceann de na hábhair sin.

Chomhaontaigh na hairí i gcoitinne go raibh gá le bonn tionsclaíoch láidir don Aontas a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar an iomaíochas domhanda, deiseanna a thapú agus dul i ngleic leis na dúshláin atá nasctha leis an gclaochclú digiteach agus leis an aistriú i dtreo geilleagair atá ciorclach agus neodrach ó thaobh na haeráide de. D’athdhearbhaigh siad an iarraidh ón gComhairle Eorpach ar an gCoimisiún straitéis beartais tionsclaíochta fhadtéarmach, chuimsitheach an Aontais a chur i láthair faoi dheireadh 2019, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí.

Maidir leis an gcur chuige i leith an mhargaidh aonair, chuir na hairí i dtreis go bhfuil siad toilteanach fáil réidh leis na bacainní gan údar roimh thrádáil trasteorann laistigh den Aontas, go háirithe in earnáil na seirbhísí. D’iarr siad go bhfágfaí go mbeadh margadh aonair ann amach anseo a bheadh digiteach, slán i bhfad na haimsire agus dírithe ar riachtanais na ngnólachtaí agus na saoránach agus ar thaithí trasteorann. Iarradh ar an gCoimisiún Eorpach plean gníomhaíochta fadtéarmach a chur i láthair faoi mhí an Mhárta 2020 chun rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin maidir leis an gcaoi le borradh a chur faoi iomaíochas earnáil turasóireachta an Aontais mar thionscnóir d'fhás inbhuanaithe, do phoist agus do chomhtháthú sóisialta san Aontas sna deich mbliana atá romhainn. Leis na conclúidí seo, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún tabhairt faoi ghrinnanailís ar fhorbairtí le déanaí agus ar threochtaí amach anseo a mbeadh éifeacht acu ar earnáil na turasóireachta agus an beartas is ábhartha a shaothrú maidir le turasóireacht ag féachaint ar an mbliain 2030 d’fhonn seasamh an Aontais mar cheannaire domhanda san earnáil sin a chaomhnú. Iarrann sí freisin ar na Ballstáit a gcomhar a neartú, mar aon lena malartú dea-chleachtais agus torthaí na hanailíse a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo a chur san áireamh agus beartais náisiúnta turasóireachta á ndearadh acu.

Faoin gnáthsheiceáil ar iomaíochas, phléigh na hairí impleachtaí na hiomaíochta margaidh ar an iomaíochas.

Le plé agus conclúidí an lae inniu, tugtar tús maith don Choimisiún chun straitéis fhadtéarmach agus uaillmhianach beartais tionsclaíochta an Aontais a shaothrú, chomh maith le fís fhadtéarmach do mhargadh aonair níos éifeachtúla agus níos iomaíche. Tá an méid sin ríthábhachtach d’iomaíochas domhanda ár ngeilleagair amach anseo agus do rathúnas ár ngnólachtaí agus ár saoránach. Nicolae Hurduc, Aire Taighde agus Nuálaíochta na Rómáine
Fís-sleachta ón gComhairle Iomaíochais maidir leis an margadh aonair agus tionscal a bhí ar siúl ar an 27 Bealtaine 2019

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025