Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 27-28 Bealtaine 2021

Na príomhthorthaí

Taighde agus nuálaíocht, 28 Bealtaine 2021

Rialachán maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (HPC) a bhunú

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i ndáil leis an rialachán thuasluaite.

Manuel Heitor, Aire Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Ardoideachais na Portaingéile
Réitíonn comhaontú an lae inniu an bealach d’fhorbairt na chéad ghlúine eile de theicneolaíochtaí digiteacha san Eoraip. Is iad na sár-ríomhairí agus an ríomhaireacht chandamach na hinnill a chumhachtaíonn an geilleagar sonraí, a bhaineann leas as teicneolaíochtaí amhail an intleacht shaorga (AI), an anailísíocht sonraí agus an chibearshlándáil chun feidhmchláir a sholáthar arb é an toradh a bheidh orthu dul chun cinn a dhéanamh i réimsí tábhachtacha amhail an tsláinte agus an t-athrú aeráide. Braitheann ár n-aistriú chuig geilleagar digiteach orthu sin.
Manuel Heitor, Aire Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Ardoideachais na Portaingéile
Manuel Heitor, Aire Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Ardoideachais na Portaingéile

Conclúidí maidir leis ‘an Limistéar Eorpach Taighde Nua a Dhoimhniú: gairmeacha agus dálaí oibre tarraingteacha inbhuanaithe a chur ar fáil do thaighdeoirí agus cúrsaíocht daoine oilte a fhíorú’

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le bealaí a bhféadfaí feabhas a chur ar tharraingteacht na ngairmeacha taighde san Aontas d’fhonn taighdeoirí den scoth a mhealladh agus a choinneáil san ilchríoch.

An Limistéar Eorpach Taighde a athnuachan: cé mar is féidir LET uaillmhianach a leathadh amach as seo go ceann deich mbliana

Ar bhonn nóta ón Uachtaránacht, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na gnéithe is tábhachtaí de Limistéar Eorpach Taighde uaillmhianach don chéad deich mbliana eile. Bhí comhaontú maidir leis an ngá le fís choiteann réamhbhreathnaitheach don LET amach anseo, ina gcuirfear san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime.

Gnó eile

Togra reachtach reatha: Cinneadh maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht Eorpach maidir leis an Méadreolaíocht atá ar siúl go comhpháirteach ag roinnt Ballstát

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh atá beartaithe á scrúdú laistigh de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle.

Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a mhéid a bhaineann leis an rialachán atá beartaithe á scrúdú laistigh de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle.

Misean um Nuálaíocht: ballraíocht

Ar bhonn nóta ón gCoimisiún, cuireadh an Chomhairle ar an eolas maidir leis an rún atá ag an gCoimisiún leanúint dá rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí agus i rialachas an Mhisin um Nuálaíocht le linn an dara céim den tionscnamh, a seolfar an 31 Bealtaine.

Commission communication on the global approach to research and innovation [Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le Cur chuige domhanda i leith taighde agus nuálaíochta]

Ar bhonn nóta ón gCoimisiún, cuireadh an Chomhairle ar an eolas maidir le cur chuige domhanda i leith taighde agus nuálaíochta a leagadh amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún a glacadh le déanaí. Leis an teachtaireacht, cuirtear i láthair peirspictíocht an Choimisiúin ar straitéis an Aontais maidir le comhar idirnáisiúnta i réimse an taighde agus na nuálaíochta.

Clár oibre na hUachtaránachta inteachta

Chuir toscaireacht na Slóivéine an Chomhairle ar an eolas faoi chlár oibre Uachtaránacht inteachta na Slóivéine i réimse an taighde.

An Spás - 28 Bealtaine 2021

Conclúidí maidir le ‘Spás Nua do Dhaoine’

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an ngá le cur chuige Eorpach i ndáil le Spás Nua mar spreagadh d’earnáil spáis nuálach, athléimneach agus iomaíoch de chuid an Aontais.

Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘An spás do dhaoine i limistéir Eorpacha cois cósta’

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an ngá atá le leas iomlán a bhaint as cláir Copernicus, Galileo agus EGNOS chun feabhas a chur ar mhaolú ar an athrú aeráide agus ar cháilíocht saoil na ndaoine i limistéir Eorpacha cois cósta.

I dtreo seasamh níos fearr an Aontais maidir le bainistiú an spástráchta

Ar bhonn nóta ón Uachtaránacht, a raibh dréacht-treochlár ag gabháil leis, phléigh na hairí na príomhbhloic thógála de phróiseas as a dtiocfaidh seasamh an Aontais maidir le bainistiú an spástráchta amach anseo. Thángthas ar chomhaontú maidir leis an treochlár atá beartaithe agus maidir le cur chuige céim ar chéim, lena n-urramaítear na geallsealbhóirí ábhartha uile agus roinnt na n-inniúlachtaí.

Tá bainistiú an spástráchta ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí agus is práinní ar chlár oibre lucht ceaptha beartas Spáis ar fud an domhain. Leis an díospóireacht a seoladh inniu maidir le seasamh coiteann Eorpach i ndáil leis an tsaincheist sin, agus inniúlachtaí gach gníomhaí á n-urramú go hiomlán, cuirtear i dtreis ár dtiomantas gníomhú le chéile chun an leas is fearr is féidir a bhaint as úsáid inbhuanaithe an spáis. Manuel Heitor, Aire Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Ardoideachais na Portaingéile

Gnó eile

Clár oibre na hUachtaránachta inteachta

Chuir toscaireacht na Slóivéine an Chomhairle ar an eolas faoi chlár oibre Uachtaránacht inteachta na Slóivéine i réimse an spáis.


An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht, an 27 Bealtaine 2021

Rialachán maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE

Ar bhonn tuarascáil ón Uachtaránacht, cuireadh an Chomhairle ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a mhéid a bhaineann leis an rialachán atá beartaithe á scrúdú laistigh de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle.

Rialachán maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach (an Ionstraim um Margaí Digiteacha)

Ar bhonn tuarascáil ón Uachtaránacht, cuireadh an Chomhairle ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a mhéid a bhaineann leis an rialachán atá beartaithe á scrúdú laistigh de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle.

Iomaíochas agus tionchar domhanda an Aontais Eorpaigh a luamhanú trí phacáiste uaillmhianach seirbhísí digiteacha

Ar bhonn nóta ón uachtaránacht, bhí a gcéad díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis na gnéithe den phacáiste digiteach (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha) a mheasann siad a bheith riachtanach chun neartú an mhargaidh aonair dhigitigh agus spás ar líne níos sábháilte, ina gcosnaítear cearta bunúsacha agus ina mbeidh an iomaíocht cothrom agus saor, a ráthú.

Chuir na toscaireachtaí in iúl go raibh siad sásta leis an dul chun cinn suntasach atá déanta go dtí seo maidir le scrúdú an phacáiste dhigitigh sa Chomhairle. Chuir siad i bhfios go láidir an gá atá le rialacha soiléire, comhréireacha a sheasfaidh an aimsir, lena ráthaítear an meascán ceart de dheimhneacht dhlíthiúil agus solúbthacht agus lena gcothaítear nuálaíocht agus iomaíocht i margadh aonair digiteach an Aontais. Luadh sásraí forfheidhmithe éifeachtúla ar leibhéal an Aontais, le rannpháirtíocht na n-údarás náisiúnta ábhartha, mar shásraí ríthábhachtacha chun go n-éireodh leis an tionscadal.

Pedro Siza Vieira, Aire Stáit na Portaingéile don Gheilleagar agus don Aistriú Digiteach
Tá obair ar siúl chun creat dlíthiúil a chruthú san Eoraip a bheidh oiriúnach don gheilleagar sonraí agus a mbeidh muinín ag gnólachtaí agus tomhaltóirí araon as. Creat a chothaíonn ár n-iomaíochas trí chothrom na Féinne a áirithiú agus trí rannpháirtíocht ár n-acmhainní cruthaitheacha go léir a spreagadh.
Pedro Siza Vieira, Aire Stáit na Portaingéile don Gheilleagar agus don Aistriú Digiteach
Pedro Siza Vieira, Aire Stáit na Portaingéile don Gheilleagar agus don Aistriú Digiteach

An straitéis tionsclaíochta nua don Eoraip a thabhairt cothrom le dáta – an ríthábhacht a bhaineann le rochtain a fháil ar amhábhair chriticiúla

Ar bhonn nóta ón Uachtaránacht, bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an straitéis tionsclaíochta nua nuashonraithe, agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá sé rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla.

Ba dhíol sásaimh do na toscaireachtaí an teachtaireacht is déanaí ón gCoimisiún maidir le straitéis tionsclaíochta nua de chuid an Aontais. Thacaigh siad go láidir leis na bearta a moladh chun lánpháirtiú agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh a dhoimhniú chun leasa na ngníomhaithe uile, go háirithe FBManna. Roinn siad go bhfuil gá le líonra níos cuimsithí agus níos éagsúlaithe de shlabhraí soláthair le haghaidh amhábhar criticiúil chun a áirithiú go leanfaidh tionscal an Aontais de bheith athléimneach in am an ghátair, go háirithe in earnálacha a mbaineann tábhacht straitéiseach leo, amhail cógaisíocht, leathsheoltóirí etc.

Léiríonn na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19 gur gá don Aontas a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú, chun seasamh na hEorpa mar ghníomhaí domhanda atá athléimneach, i gceannas ar a todhchaí féin, agus in ann clár oibre dá cuid féin a chur chun cinn, a atreisiú. Tá measúnú á dhéanamh agus aghaidh á thabhairt againn ar ár leochaileachtaí agus ár spleáchas ar thríú tíortha maidir le hearraí, seirbhísí, teicneolaíochtaí agus bonneagar straitéiseach, táimid i mbun freagairtí beartais iomchuí agus comhleanúnacha a aimsiú, agus táimid ag féachaint ar fhéidearthachtaí do comhghuaillíochtaí lenár gcomhpháirtithe ar fud an domhain chun na slabhraí luacha domhanda atá ann cheana a neartú agus chun foinsí seachtracha soláthair a éagsúlú. Sa chomhthéacs sin, is réamhchoinníoll bunúsach riachtanach é rochtain a fháil ar amhábhair chriticiúla má táthar le haistriú rathúil chuig geilleagar glas agus digiteach a bhaint amach. Pedro Siza Vieira, Aire Stáit na Portaingéile don Gheilleagar agus don Aistriú Digiteach

Conclúidí dar teideal Tourism in Europe for the next decade: sustainable, resilient, digital, global and social [Turasóireacht san Eoraip don chéad deacáid eile: inbhuanaithe, athléimneach, digiteach, domhanda agus sóisialta]

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le todhchaí na turasóireachta san Eoraip.

Conclúidí maidir le teicneolaíochtaí sonraí chun feabhas a chur ar ‘Rialáil Níos Fearr’

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le cé mar is féidir úsáid na dteicneolaíochtaí sonraí a chur chun cinn chun tacú le reachtaíocht a bheidh sonraíbhunaithe, digiteach mar réamhshocrú agus ar ardchaighdeán, agus aird chuí á tabhairt ar an gcreat foriomlán um rialáil níos fearr.

Gnó eile

Tograí reachtacha reatha

Rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga

Chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle an togra uaidh arb é is aidhm dó creat dlíthiúil d’intleacht shaorga iontaofa agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil do chórais intleachta saorga a bhunú.

Rialachán maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach

Ar bhonn nóta ón gCoimisiún, cuireadh an Chomhairle ar an eolas maidir le príomhchuspóirí an togra le haghaidh rialachán maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach, a tíolacadh le déanaí.

Trade Policy Review - An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Cuimsitheach]

Chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle an teachtaireacht, a tháinig uaidh le déanaí, maidir le hathbhreithniú ar bheartas trádála an Aontais.

Iomaíochas tionsclaíoch an Aontais agus caighdeánú comhchuibhithe éifeachtach

Ar bhonn nóta comhpháirteach, chuir 17 dtoscaireacht a tuairimí maidir leis na dúshláin atá roimh an gcóras Eorpach um chaighdeánú in iúl don Chomhairle.

Bloic thógála riachtanacha chun dlí iomaíochta agus creat státchabhrach a chur ar bun lena gcumasaítear an t-iomaíochas Eorpach

Ar bhonn nóta, chuir toscaireacht na hOstaire a tuairimí in iúl don Chomhairle maidir lena bhfuil ag teastáil chun creat dlíthiúil an Aontais maidir le hiomaíocht agus státchabhair a thabhairt cothrom le dáta.

Clár oibre na hUachtaránachta inteachta

Chuir toscaireacht na Slóivéine an Chomhairle ar an eolas faoi chlár oibre Uachtaránacht inteachta na Slóivéine i réimse an mhargaidh inmheánaigh agus na tionsclaíochta.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025