Skip to content

Comhaontú maidir le reachtóireacht níos fearr

Cad is brí leis an gclár oibre maidir le rialáil níos fearr?

Is é is aidhm don chomhaontú maidir le reachtóireacht níos fearr feabhas a chur ar an mbealach a ritheann an tAontas reachtaíocht agus a chinntiú go bhfreastalaítear ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí ar bhealach níos fearr le reachtaíocht an Aontais. Leis an gclár oibre sin, ba cheart go mbeadh próiseas reachtach an Aontais níos trédhearcaí, níos oscailte ó thaobh ionchur ó gheallsealbhóirí agus níos éasca lena leanúint. Cabhrófar leis freisin measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn dlí an Aontais ar na fiontair bheaga agus mheánmhéide, ar thionscail áitiúla agus ar ghnáthshaoránaigh. Tabharfar comhaontú nua idir institiúidí an Aontais isteach leis, atá ceaptha comhar a éascú eatarthu a bheidh níos réidhe agus níos soiléire.

Ceann de na haidhmeanna is mó a bhaineann leis an gcomhaontú maidir le reachtóireacht níos fearr, ar a dtugtar 'rialáil níos fearr' nó 'rialáil chliste' freisin, is ea a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí beartais agus dlíthe an Aontais ar an gcostas is ísle agus gan ualach riaracháin róthrom a bheith i gceist leis sin. Is bealach é lena áirithiú go ndéanfar cinntí polaitiúla a ullmhú ar bhealach oscailte, trédhearcach, bunaithe ar an bhfianaise is fearr a bheidh ar fáil agus go mbeadh ról cuimsitheach á imirt ag na geallsealbhóirí. Cumhdaítear le rialáil níos fearr an timthriall beartais ar fad - ceapadh beartais agus ullmhúchán, glacadh, cur chun feidhme, feidhmiú, meastóireacht agus athbhreithniú. Beidh prionsabail, cuspóirí, uirlisí agus nósanna imeachta sonracha i gceist le gach céim den phróiseas seo lena chinntiú go ndéanfaidh an tAontas an rialáil is fearr agus is féidir.

Cén fáth a bhfuil sin uainn?

Níl sé éasca a thuiscint conas a thagann togra reachtach chun cinn ar leibhéal an Aontais agus conas a théann an togra sin trí na hinstitiúidí uile go dtí go ndéantar é a thrasuí sa dlí náisiúnta. Próiseas casta agus fadálach a bhíonn ann go minic. Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar cáilíocht na rialála a áirithiú agus a chinntiú go bhfreagrófar léi do riachtanais na sochaí agus na ngnólachtaí. Sin é an fáth a mbíonn institiúidí an Aontais i gcónaí ag machnamh ar conas feabhas a chur ar an mbealach a ritheann an tAontas Eorpach reachtaíocht. Is é is aidhm dóibh freisin feabhas a chur ar an gcomhar idir an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh chun freastal níos fearr ar shaoránaigh an Aontais.

Is cuid lárnach í rialáil níos fearr den dóigh a bhfeidhmíonn an tAontas, rialáil atá bunriachtanach ó thaobh cur leis an iomaíochas, leis an bhfás agus le poist trí dhlíthe a shimpliú agus iad a shaincheapadh do chuideachtaí agus do shaoránaigh ar bhealach níos fearr.

Na mionsonraí

dhá phríomhchuid sa chlár oibre cuimsitheach maidir le rialáil níos fearr a mhol Coimisiún Juncker.

Togra le haghaidh comhaontú idirinstitiúideach maidir le rialáil níos fearr

Cumhdaítear leis sin, go háirithe, clársceidealú agus pleanáil, cur i bhfeidhm na n-uirlisí maidir le rialáil níos fearr agus cur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Ba cheart go gcuirfí an comhaontú seo in ionad Chomhaontú Idirinstitiúideach 2003 maidir le reachtóireacht níos fearr.

Teachtaireacht maidir le rialáil níos fearr le haghaidh torthaí níos fearr - clár oibre an Aontais

Sa Teachtaireacht, leagtar amach cur chuige an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr agus is léi a cheanglaítear ar an gCoimisiún a bheith níos oscailte agus níos trédhearcaí ina chuid oibre. Leagtar amach inti freisin na huirlisí a úsáidfidh an Coimisiún, lena n-áirítear na treoirlínte comhtháite nua maidir le rialáil níos fearr. Mínítear sa Teachtaireacht freisin an chaoi a neartóidh an Coimisiún Clár REFIT.

REFIT

Is clár de chuid an Choimisiúin é an Clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) lena chinntiú go mbeidh reachtaíocht an Aontais oiriúnach dá feidhm i gcónaí agus go mbainfear amach léi an méid a bhí ceaptha ag reachtóirí an Aontais di.

Gabhann roinnt doiciméad leis an gclár oibre maidir le rialáil níos fearr a bhfuil nasc díreach acu leis na gnéithe atá á scrúdú ag an gComhairle. Áirítear ar na doiciméid sin treoirlínte maidir le rialáil níos fearr, agus doiciméid a bhaineann le clár REFIT.

Sa Chomhairle

Is tosaíocht leanúnach de chuid na Comhairle é reachtóireacht níos fearr a bheith ann. Ba mhian leis an gComhairle reachtaíocht fhianaise-bhunaithe ar cháilíocht níos fearr a bheith ann chomh maith le ceapadh beartais a bheadh éifeachtach agus a mbeadh ualach níos lú ag baint leis. Agus í ag iarraidh a chinntiú go mbeadh reachtaíocht an Aontais 'oiriúnach dá feidhm’, ghlac an Chomhairle Iomaíochais conclúidí maidir le rialáil níos fearr roinnt mhaith uaireanta. D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach na conclúidí sin freisin.

I mí an Mhárta 2015, rinne an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (CGB) na hullmhúcháin a sheoladh don chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach. D'iarr sí ar Coreper freisin scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna a d'fhéadfaí a áireamh sa chomhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr (ar a dtugtar IIA) a bheidh ann amach anseo. Tar éis plé a dhéanamh ar an leibhéal teicniúil agus in Coreper ina dhiaidh sin, tháinig na hairí ar chomhaontú faoi thosaíochtaí na Comhairle maidir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach (clársceidealú, rialáil níos fearr agus comhairle ó shaineolaithe maidir le gníomhartha tarmligthe) ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta a bhí ar siúl i mí Aibreáin 2015. Léirítear an seasamh sin i litir ó Edgar Rinkevics, Cathaoirleach na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, chuig Frans Timmermans, an Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún, ar seasamh é a bheidh mar bhonn don chaibidlíocht leis an dá institiúid eile.

Rinne an Coimisiún an Clár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr a ghlacadh ar an 19 Bealtaine 2015. Rinne an Chomhairle tuairimí faoin gclár oibre a mhalartú le linn cruinniú den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta ar an 23 Meitheamh 2015. Bhreathnaigh an Chomhairle ar an obair a rinneadh sa Chomhairle, go háirithe maidir leis an gcomhaontú idirinstitiúideach atá le caibidliú idir an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún. Ina theannta sin phléigh na hairí, ar bhonn níos leithne, an t-ábhar atá ar an gClár Oibre maidir le Rialáil níos Fearr, go háirithe ó thaobh gnólachtaí agus saoránach de.

Ar an 15 Nollaig 2015, rinne an Chomhairle comhaontú sealadach maidir le reachtóireacht níos fearr a fhormheas, comhaontú ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún.

Ar an 15 Márta 2016 ghlac an Chomhairlean comhaontú maidir le reachtóireacht níos fearr. Chomh maith leis sin d'fhormheas na hairí na socruithe maidir le clársceidealú bliantúil lena gcuimsítear forálacha an chomhaontaithe idirinstitiúidigh i sraith de chéimeanna nithiúla, praiticiúla agus d'amlínte táscacha.

Rinneadh an comhaontú a shíniú ar an 13 Aibreán 2016 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an lá sin. Foilsíodh é san Iris Oifigiúil ar an 12 Bealtaine 2016.