Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí sláinte, 16 Márta 2021

Na príomhthorthaí

An plean Eorpach maidir leis an gceann is fearr a fháil ar an ailse

Le linn sheisiún na maidine, phléigh na hairí an plean Eorpach maidir leis an gceann is fearr a fháil ar an ailse, a foilsíodh le déanaí, agus chuir siad in iúl go dtacaíonn siad go láidir leis agus go bhfuil siad tiomanta dó. Chuir go leor toscaireachtaí i dtábhacht go raibh an plean comhlántach lena straitéisí náisiúnta agus chuir siad i bhfios go láidir gur gá a chur san áireamh nach é an túsphointe céanna atá ag gach Ballstát.

Is é an Coimisiún a réitigh an bealach trí chur i láthair a dhéanamh ar an bplean ailse a bhfuil ceithre phríomhréimse gníomhaíochta mar bhunús leis: cosc, luathbhrath, diagnóisiú agus cóireáil, cáilíocht saoil a fheabhsú. De dheasca phaindéim COVID-19, imrítear tionchar mór ar an moill a chuirtear ar chásanna ailse a bhrath agus a chóireáil agus, dá bhrí sin, is den riachtanas é go leanfar de thús áite a thabhairt do chomhrac na hailse.

Sa chomhthéacs sin, shainaithin na hairí cosc agus luathbhrath mar chuspóirí tosaíochta i roinnt mhaith Ballstát, go háirithe bearta lena ndírítear ar úsáid tobac agus ar ólachán díobhálach alcóil. Chuir roinnt airí i dtreis freisin a thábhachtaí atá sé an neamhionannas i gcosc agus cúram na hailse a laghdú ar fud an Aontais, ó Bhallstát go Ballstát agus laistigh díobh araon.

Lena chois sin, chuir roinnt toscaireachtaí i dtábhacht a thábhachtaí atá sé go mbeadh na Ballstáit rannpháirteach i gcur chun feidhme an phlean Eorpaigh maidir leis an gceann is fearr a fháil ar an ailse, agus go n-úsáidfí táscairí sonracha chun faireachán a dhéanamh air.

Chomh maith leis sin, chuir na hairí i bhfios gur féidir le húsáid agus comhroinnt sonraí leighis agus eolaíocha a bheith ríthábhachtach chun an ailse a chomhrac. Dar leis na hairí, is deis do na Ballstáit digiteáil na seirbhísí leighis chun tuilleadh comhair a dhéanamh, faisnéis a mhalartú agus cabhrú le chéile. Chuir go leor díobh i dtreis a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh sonraí sláinte slán agus anaithnidithe.

COVID-19 – an bealach chun cinn

San iarnóin, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le cur chun feidhme idirghabhálacha agus beartas neamhchógaisíochta in aghaidh COVID-19 ar fud an Aontais. Ag tús an tseisiúin, rinne Andrea Ammon, stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), na hairí a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an staid eipidéimeolaíoch atá san Aontas faoi láthair, agus chuir sí béim ar scaipeadh leathan athraitheacha áirithe víris san Aontas agus ar an ngá atá le bearta coisctheacha a choimeád i bhfeidhm go dtí go mbeidh dul chun cinn leordhóthanach déanta ag feachtais vacsaínithe. Chuir Fergus Sweeney, ceannaire ar Thascfhórsa um Staidéir Chliniciúla agus um Monarú na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA), na hairí ar an eolas go bhfuil measúnú agus imscrúdú iomlán ar bun ag an ngníomhaireacht faoi láthair ar an gcomhghaol idir vacsaín COVID-19 AstraZeneca agus imeachtaí troimbeambólacha (tar éis do roinnt Ballstát vacsaíniú AstraZeneca a chur ar fionraí); táthar ag súil le cinneadh ón ngníomhaireacht maidir leis sin Déardaoin an 18 Márta.

D’admhaigh roinnt mhaith airí go bhfuil an staid eipidéimeolaíoch fós dúshlánach, go príomha mar gheall ar athraitheacha nua víris, agus chuir siad i bhfios go bhfuil staid shíceolaíoch an phobail, na córais cúraim sláinte agus na geilleagair faoi bhrú mór dá dheasca. D’athdhearbhaigh siad gur gá dlús a chur le feachtais vacsaínithe, agus dúirt nach mór srianta agus vacsaíní a bheith ann i rith an ama go ceann tamall eile.

Chuir na hairí chun suntais freisin go leantar de thús áite a thabhairt d’idirghabhálacha neamhchógaisíochta (amhail sláinteachas lámh agus riospráide, maisc, scaradh sóisialta) sna hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na Ballstáit chun scaipeadh an víris a rialú fad is atá feachtais vacsaínithe ar siúl. Ina theannta sin, chuir siad i dtábhacht an gá atá le comhar níos fearr maidir le comhroinnt faisnéise agus bearta coisctheacha ríthábhachtacha.

Marta Temido, Aire Sláinte na Portaingéile
Is den riachtanas é, ar an leibhéal Eorpach, barr feabhais a chur ar chur chun feidhme na n-idirghabhálacha neamhchógaisíochta ionas gur fearr is féidir linn plé a dhéanamh ar an gcaoi is féidir tús a chur go sábháilte le srianta COVID-19 a scaoileadh de réir a chéile. Mar sin féin, ba cheart dúinn freisin díriú ar ár bhfeachtais náisiúnta vacsaínithe agus a chinntiú go n-éireodh leo. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimid gach iarracht, i gcomhar leis an gCoimisiún, chun a áirithiú go seachadfar vacsaíní in aghaidh COVID-19 go tráthúil, chomh maith le táirgeadh treisithe vacsaíní a chur chun cinn.
Marta Temido, Aire Sláinte na Portaingéile
Marta Temido, Aire Sláinte na Portaingéile

Aon ghnó eile

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i dtaca le pacáiste Aontas Sláinte na hEorpa agus an togra le haghaidh rialachán maidir le measúnú ar theicneolaíochtaí sláinte, ina mínítear an rún atá aici sainordú Coreper a ghlacadh chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an bpacáiste sin a luaithe is féidir.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025