"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iomaíochais (Taighde), 28 Meán Fómhair 2021
Na príomhthorthaí
Tháinig airí taighde an Aontais le chéile sa Bhruiséil chun plé a dhéanamh ar chur chuige domhanda an Aontais i leith taighde agus nuálaíochta agus ar an Limistéar Eorpach Taighde nua.
Cur chuige domhanda i leith taighde agus nuálaíochta
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an gcur chuige domhanda i leith taighde agus nuálaíochta. Sainaithnítear sa chur chuige domhanda na príomhghníomhaíochtaí chun straitéis an Aontais maidir le comhar idirnáisiúnta i réimse na taighde agus na nuálaíochta (T&N) a neartú, agus leagtar béim láidir ar oscailteacht agus ar luachanna agus ar phrionsabail chomhroinnte bhunúsacha.
Tugtar teachtaireacht shoiléir leis na conclúidí gur cheart don Aontas oscailteacht agus iltaobhachas riailbhunaithe a chur chun cinn sa chomhar le tríú tíortha i gcúrsaí a bhaineann le taighde agus nuálaíocht. Tá comhar ríthábhachtach chun feabhas a chur ar an Limistéar Eorpach Taighde, agus tá áthas orainn gur fháiltigh na toscaireachtaí roimh an gcur chuige domhanda seo i leith taighde agus nuálaíochta.
Simona Kustec, Aire Oideachais, Eolaíochta agus Spóirt na Slóivéine
Mhalartaigh airí an Aontais tuairimí maidir le rialachas agus cur chun feidhme an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET).
Tá ról tábhachtach ag taighde agus nuálaíocht ó thaobh Aontas Eorpach athléimneach cumhachtach a chruthú. Trí thaighde agus nuálaíocht, beifear in ann aistriú chuig geilleagar glas iomaíoch ar bhealach inbhuanaithe chun a chinntiú go mbeidh an tsochaí a bheidh againn amach anseo níos athléimní.
Simona Kustec, Aire Oideachais, Eolaíochta agus Spóirt na Slóivéine
Le linn an tseisiúin phoiblí, chomhaontaigh na hairí gur gá cur leis an aitheantas polaitiúil a thugtar don ról a imríonn T&Nd’fhonn go mbeidh an Eoraip níos athléimní agus d’fhonn beart a dhéanamh de réir briathar i ndáil leis an aistriú digiteach agus an aistriú glas.
Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad leis an athchóiriú atáthar a dhéanamh ar LET, ina dtugtar láidreachtaí na n-institiúidí poiblí, rialtas agus geallsealbhóirí le chéile agus na róil, na freagrachtaí agus na próisis éagsúla atá acu á n-urramú ag an am céanna. Ba cheart an t-athchóiriú sin a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.
Chomhaontaigh na hairí a chinntiú go mbeadh dlúthpháirt ag na comhpháirtithe idirnáisiúnta sa LET nua. D’áitigh a lán de na hairí, áfach, gur cheart comhar níos dlúithe a bheith ann le tíortha comhpháirtíochta a bhfuil ceangal níos láidre eatarthu agus prionsabail agus luachanna comhchosúla acu i ndáil le T&N.
Thagair cuid mhór díobh don ghá atá le struchtúr rialachais nua-aimseartha, éifeachtúil agus simplithe chun tionchar na ngníomhaíochtaí LET a uasmhéadú. Beidh sé chomh tábhachtach céanna foráil a dhéanamh do chóras láidir faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí LET a bhaint amach.
Chuir Uachtaránacht na Slóivéine na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe. Mar chuid de phacáiste Fís Eorpach 2020, tá ról ríthábhachtach ag na comhpháirtíochtaí sin maidir le ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais.
Áirítear an Chomhpháirtíocht Eorpach Mhéadreolaíochta, arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát, ar cheann de na comhpháirtíochtaí sin. Maidir leis an gcomhad tábhachtach seo, chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcaibidlíocht pholaitiúil le Parlaimint na hEorpa atá le bheith ar siúl an 28 Meán Fómhair san iarnóin. Dúirt an uachtaránacht go raibh sí dóchasach go dtiocfar ar chomhaontú deiridh le linn na caibidlíochta sin.
An chomhdháil GenderAction agus dearbhú Liúibleána
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcomhdháil fhíorúil GenderAction a tionóladh sa tSlóivéin an 8 agus an 9 Iúil. Le linn na comhdhála, chuir Uachtaránacht na Slóivéine i láthair dearbhú Liúibleána maidir le comhionannas inscne sa taighde agus nuálaíocht.
D’iarr Uachtaránacht na Slóivéine ar na toscaireachtaí an dearbhú a fhormhuiniú, mar gur tosaíocht thábhachtach é an comhionannas inscne. Cuirtear i dtreis i nDearbhú Liúibleána a thábhachtaí atá sé seasamh leis an gcomhionannas inscne agus a bheith réamhghníomhach i bpríomhshruthú comhionannais inscne i réimse an taighde agus na nuálaíochta, chun a chinntiú go mbeidh an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach cóir, agus modhanna maireachtála nua cuimsitheacha a spreagadh do chách chomh maith le deiseanna nua le haghaidh post agus taighde.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le comhlachas tríú tíortha le cláir de chuid an Aontais, go háirithe le FísEorpach. Thug an Coimisiún léargas ar a phleananna go dtí deireadh na bliana agus chuir sé na toscairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta go dtí seo.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.