Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 22-23 Bealtaine 2023

Na príomhthorthaí

An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht

Rialachán maidir le hinnealra

Thug na hairí an formheas deiridh don rialachán maidir le hinnealra.

Paulina Brandberg, an tAire Comhionannais Inscne agus Saoil Oibre
Leis na rialacha nuashonraithe, tabharfar deimhneacht dhlíthiúil do thionscal innealra na hEorpa go ceann i bhfad. Cinnteoidh siad ardleibhéal cosanta dár n-oibrithe agus dár saoránaigh, agus ag an am céanna, méadófar cáil na n-meaisíní a dhéantar san Aontas.
Paulina Brandberg, an tAire Comhionannais Inscne agus Saoil Oibre
Paulina Brandberg, an tAire Comhionannais Inscne agus Saoil Oibre

An rialachán maidir le héicidhearthóireacht

Ghlac na hairí an seasamh ón gComhairle (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an rialachán maidir le héicidhearthóireacht.

Tógann an rialachán nua sin ar an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht 2009 (2009/125/CE), lena gcumhdaítear táirgí a bhaineann le fuinneamh amháin, agus déantar rialachán di, rialachán a bheidh infheidhme i ndáil le beagnach gach catagóir táirgí.

Ebba Busch, An tAire Fuinnimh, Gnó agus Tionscail agus an Leas-Phríomh-Aire
Más mian linn táirgí Eorpacha atá inbhuanaithe go fírinneach ar an margadh, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist ón túsphointe: a ndearadh. Cinnteofar leis an rialachán maidir le héicidhearthóireacht go mbeidh na táirgí a dhíoltar i margadh an Aontais oiriúnach agus réidh don aistriú glas.
Ebba Busch, An tAire Fuinnimh, Gnó agus Tionscail agus an Leas-Phríomh-Aire
Ebba Busch, An tAire Fuinnimh, Gnó agus Tionscail agus an Leas-Phríomh-Aire

Ábhair eile ar an gclár oibre

Phléigh na hairí ceithre chomhad thábhachtacha a bhaineann le hiomaíochas na hEorpa:

  • Iomaíochas fadtéarmach
  • An gníomh um an tionscal glan-nialasachta
  • 30 bliain den Mhargadh Aonair agus na blianta ina dhiaidh sin (le linn lóin oibre), agus
  • An gníomh um amhábhair chriticiúla.

Deis a bhí sna ceithre sheisiún sin fís dhomhain na Ballstát a léiriú i ndáil leis an bpacáiste tábhachtach maidir le hiomaíochas a thíolaic an Coimisiún an 16 Márta.

Leis an díospóireacht sin ar leibhéal na n-airí, beidh an Chomhairle in ann dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na seasaimh chaibidlíochta do na comhaid sin.

Córas na bPaitinní Aonadacha

Thapaigh an uachtaránacht an deis freisin chun ceiliúradh a dhéanamh ar theacht i bhfeidhm Chóras na bPaitinní Aonadacha, rud a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Meitheamh seo chugainn, tar éis próiseas fada casta ar cuireadh tús leis in 2012.

Le Córas na bPaitinní Aonadacha, beidh rochtain níos éasca ar an gcóras Eorpach paitinne agus beidh sé níos saoire freisin agus feabhsófar leibhéal na cosanta paitinne leis, trína bheith in ann cosaint aonfhoirmeach phaitinne a fháil i mBallstáit rannpháirteacha uile an Aontais.

Taighde

Foilsitheoireacht léinn

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le ‘foilsitheoireacht léinn atá ar ardchaighdeán, trédhearcach, oscailte, iontaofa agus cothromasach’ ina n-iarrann sí rochtain oscailte láithreach agus gan srian ar thaighde a bhaineann le cistí poiblí a fhoilsiú.

Mats Persson, An tAire Oideachais, an Aireacht Oideachais agus Taighde
Má chreidimid i ndáiríre san eolaíocht oscailte, ní mór dúinn a chinntiú gur féidir le taighdeoirí a gcuid torthaí a chur ar fáil agus gur féidir na torthaí sin a athúsáid, agus ní mór a chinntiú freisin go mbeidh rochtain oscailte ag chuile dhuine ar ailt eolaíochta ar ardchaighdeán nuair a bhíonn siad de dhíth orthu. Ba cheart gur mar sin a bheadh go háirithe i gcás taighde a bhaineann tairbhe as cistiú poiblí: ba chóir go mbeadh rochtain ag cách ar an méid as ar íoc siad.
Mats Persson, An tAire Oideachais, an Aireacht Oideachais agus Taighde
Mats Persson, An tAire Oideachais, an Aireacht Oideachais agus Taighde

Ábhair eile ar an gclár oibre

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le slándáil faisnéise agus idirnáisiúnú freagrach. Phléigh na hairí cosaint na timpeallachta oscailte taighde ar ghníomhaíocht mhailíseach de chineál ar bith. Phléigh siad freisin conas comhar domhanda a chothú ar bhealach a chuireann comhroinnt eolais agus saineolais chun cinn agus leasanna agus luachanna an Aontais á gcosaint ag an am céanna. Roinn na hairí dea-chleachtais agus dúshláin náisiúnta agus aghaidh á tabhairt acu ar an dá shaincheist sin.

Faoi aon ghnó eile, chuir an Coimisiún Eorpach na hairí ar an eolas faoi na séalaí barr feabhais.

Rinne toscaireacht na hIodáile cur i láthair maidir le hiarrthóireacht na Róimhe chun EXPO 2030 a óstáil.

Le linn lóin neamhfhoirmiúil, phléigh na hairí séanadh na heolaíochta.

An spás

Úsáid chóir inbhuanaithe an spáis

Ghlac na hairí conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Úsáid chóir inbhuanaithe an spáis’, inar iarr siad go mbeadh cur chuige Eorpach ann maidir le bainistiú spástráchta.

Is leas coiteann iad fithisí spáis nach mór dúinn go léir aire a thabhairt dóibh, ní hamháin ar mhaithe linn féin ach ar mhaithe leis na glúine atá le teacht. Ní mór dúinn leanúint de leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann le teicneolaíochtaí satailíte, ach ar bhealach atá inbhuanaithe, sábháilte agus cothrom do phobail uile an phláinéid. Mats Persson, An tAire Oideachais, an Aireacht Oideachais agus Taighde

Ábhair eile ar an gclár oibre

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le beartas spáis an Aontais i dtimpeallacht gheopholaitiúil nua. Bhí an plé bunaithe ar theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó SEGS dar teideal European Union Space Strategy for Security and Defence [Straitéis Spáis an Aontais Eorpaigh um Shlándáil agus Cosaint] a tíolacadh an 10 Márta 2023.

Phléigh na hairí an tionchar a imríonn Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint ar chur chun feidhme na gClár Spáis reatha agus ar na sineirgí a d’fhéadfaí a bhaint amach agus cuspóirí beartais na gclár spáis á gcosaint ag an am céanna.

Chuir toscaireacht na Spáinne na hairí ar an eolas faoin gclár dá huachtaránacht atá le teacht.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Léaráid: satailítí ar fud na cruinne, agus béim á leagan ar mhór-roinn na hEorpa
Éachtaí an Aontais sa spás (Grafaic faisnéise)

Éachtaí an Aontais sa spás (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025