"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iomaíochais (an Margadh Inmheánach agus an Tionsclaíocht), 2 Márta 2023
Na príomhthorthaí
Seirbhísí airgeadais cianda
Tháinig na hairí ar chomhaontú i ndáil le cur chuige ginearálta a bhunú i dtaca leis an treoir maidir le conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda.
Céim eile i dtreo aistriú digiteach a bheidh slán i bhfad na haimsire i réimse na seirbhísí airgeadais is ea an treoir seo. Le nuashonrú reachtaíocht 2002, áirithítear ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus neartaítear an creat reachtach chun seirbhísí airgeadais nuálacha a sholáthar do thomhaltóirí sa mhargadh aonair.
Gunnar Strömmer, Aire Dlí agus Cirt na Sualainne
Áirítear leis an gcur chuige ginearálta go mbeidh deis ag na Ballstáit oibleagáidí faisnéise níos déine a chur i bhfeidhm; soiléirítear ann conas a chomhlánaíonn na forálacha an reachtaíocht atá ann cheana, leathnaítear leis ceann de ghnéithe an togra ón gCoimisiún, an cnaipe tarraingt siar mar a thugtar air, ní hamháin chuig seirbhísí airgeadais ach chuig na táirgí agus na seirbhísí uile a cheannaítear go cianda freisin, agus tugtar isteach leis ceart do thomhaltóirí idirghabháil dhaonna a iarraidh nuair a úsáideann an trádálaí uirlisí ar líne, amhail uathchomhairle nó botaí comhrá chun tuiscint a fháil ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an gconradh ar a staid airgeadais.
D’fhormheas na hAirí seasamh caibidlíochta na Comhairle (cur chuige ginearálta) i ndáil le togra le haghaidh rialachán maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.
Rachaidh an rialachán seo chun tairbhe na bpáirtithe uile in earnáil na cóiríochta gearrthéarmaí: beidh nós imeachta clárúcháin éasca ag na hóstaigh agus beidh tacar amháin rialacha ag na hardáin maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil acu, beidh cosaint níos fearr ag taistealaithe i gcoinne calaoise agus beidh údaráis in ann rialáil a dhéanamh bunaithe ar shonraí cruinne iontaofa.
Ebba Busch, Aire Fuinnimh, Gnó agus Tionscail na Sualainne agus an Leas-Phríomh-Aire
Sa chur chuige ginearálta uaithi, a comhaontaíodh go tapa, tacaíonn an Chomhairle le cuspóirí an togra ón gCoimisiún creat comhleanúnach a bhunú chun sonraí a chuireann ardáin ar líne ar fáil a bhailiú, agus na córais chlárúcháin atá i bhfeidhm cheana féin i roinnt Ballstát á gcur san áireamh.
Iomaíochas fadtéarmach agus táirgiúlacht sa mhargadh aonair
Tá an iomaíochas ar cheann de thosaíochtaí Uachtaránacht na Sualainne. Ag comóradh 30 bliain den mhargadh aonair (a cruthaíodh an 1 Eanáir 1993), d’eagraigh an uachtaránacht an chéad idirphlé maidir le bearta gearrthéarmacha chun borradh a chur faoin iomaíochas ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Iomaíochais an 6 Feabhra 2023. Bhí plé an lae inniu ina obair leantach a dhírigh ar iomaíochas fadtéarmach. Tá an straitéis bunaithe ar chúig cholún:
geilleagar an mhargaidh
trádáil oscailte
rialáil níos fearr
nuálaíocht
soláthairtí fuinnimh a dhaingniú
Leis an bplé sin, cuirtear leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 15 Nollaig 2022 agus an 9 Feabhra 2023 maidir leis na saincheisteanna sin, agus le roinnt tograí ón gCoimisiún amhail plean tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don ré ghlan-nialasach (a cuireadh i láthair an 1 Feabhra 2023 agus a pléadh le linn lóin) agus an teachtaireacht atá le teacht maidir leis na 30 bliain den mhargadh aonair agus an straitéis chun borradh a chur faoin bhfás agus faoin táirgiúlacht. Labhair Leas-Uachtarán an Choimisiúin Vestager, an Coimisinéir Breton agus Cathaoirleach an Ghrúpa Ardleibhéil um iomaíochas, Daniel Blockert, freisin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.