Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais (an Margadh Inmheánach agus an Tionsclaíocht), 25 Meán Fómhair 2023

Na príomhthorthaí

Athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí

Ghlac na hairí cur chuige ginearálta maidir le pacáiste an Choimisiúin chun reachtaíocht Eorpach maidir le cosaint dearaí a thabhairt cothrom le dáta: cur chuige amháin ar an treoir maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí agus ceann eile i ndáil leis an rialachán maidir le dearaí an Aontais. Is é is aidhm do na téacsanna reachtaíochta sin nuachóiriú a dhéanamh ar na rialacha Eorpacha, atá 20 bliain d’aois, maidir le dearaí agus iad a oiriúnú ionas go mbeidh siad oiriúnach don saol digiteach agus priontála 3T (i.e. go mbeadh sé níos tapúla, níos sábháilte agus níos inacmhainne dearaí a chlárú agus iad a chosaint sa mhargadh aonair).

Héctor Gómez Hernández, Aire Gníomhach Tionscail, Trádála agus Turasóireachta na Spáinne
Is den riachtanas d’iomaíochas ár dtionscail cosaint mhaith dearaidh. Cuideoidh na rialacha nua, atá curtha in oiriúint do dhúshláin na ré digití, chun cruthaitheacht ár ndearthóirí agus ár gcuideachtaí a threisiú ar bhealach níos tapúla agus níos iontaofa agus iad ag comhrac táirgí góchumtha.
Héctor Gómez Hernández, Aire Gníomhach Tionscail, Trádála agus Turasóireachta na Spáinne
Héctor Gómez Hernández, Aire Gníomhach Tionscail, Trádála agus Turasóireachta na Spáinne

Tacaíonn cur chuige ginearálta na Comhairle le cuspóirí ginearálta an athbhreithnithe ar an reachtaíocht, ach tugtar isteach roinnt feabhsuithe freisin chun é a dhéanamh níos éasca dearaí a chosaint (i.e. trí dháta cláraithe agus léiriú an dearaidh a choinneáil, fiú má tá roinnt doiciméad in easnamh). Leis an gcur chuige, tugtar an deis do na Ballstáit freisin foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta riaracháin achomhairc i gcás ina ndearbhófar go bhfuil cearta dearaidh neamhbhailí. Cinntítear leis go bhfuil táillí clárúcháin náisiúnta níos saoire ná táillí ar an leibhéal Eorpach agus ceadaítear leis cearta dearaidh agus cóipchirt a charnadh. Leis an seasamh ón gComhairle, coinnítear an ‘clásal deisiúcháin’ freisin, lena gcomhchuibhítear an chosaint dearaí do pháirteanna spártha a úsáidtear chun táirgí casta a dheisiú (e.g. páirteanna gluaisteáin).

Euro 7

Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle a seasamh (‘cur chuige ginearálta’) maidir le rialachán Euro 7, lena leagtar síos rialacha maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall, ach maidir le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh freisin, i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí. Cumhdaítear leis an rialachán nua, in aon ghníomh dlí amháin, na teorainneacha astaíochtaí le haghaidh carranna, veaineanna, busanna agus trucailí.

Tá cáil ar an Eoraip ar fud an domhain as gluaisteáin íseal-astaíochta agus ardchaighdeáin a tháirgeadh. Ba mhaith linn leanúint de cháilíocht an aeir a fheabhsú. Leanfaimid de bheith ar thús cadhnaíochta maidir le soghluaisteacht sa todhchaí agus leibhéil réalaíocha astaíochtaí a ghlacadh d’fheithiclí sna 10 mbliana amach romhainn agus cabhrú leis an tionscal dul go hiomlán i dtreo carranna glana in 2035 ag an am céanna. Tuigeann Uachtaránacht na Spáinne na héilimh agus na hiarrataí éagsúla ó na Ballstáit agus creidimid, leis an togra seo, go bhfuil tacaíocht leathan agus cothromaíocht i gcostais infheistíochta na mbrandaí monaraíochta bainte amach againn agus go bhfuil feabhas á chur againn ar na tairbhí comhshaoil a eascraíonn as an rialachán. Héctor Gómez Hernández, Aire Gníomhach Tionscail, Trádála agus Turasóireachta na Spáinne

Bhain na hairí cothromaíocht chuí amach idir ceanglais dhiana maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí agus infheistíochtaí breise sa tionscal, tráth atá monaróirí gluaisteán na hEorpa ag aistriú i dtreo gluaisteáin astaíochtaí nialasacha a tháirgeadh.

Leis an gcur chuige ginearálta coinnítear na teorainneacha astaíochtaí agus na coinníollacha tástála atá ann cheana d’fheithiclí saothair éadroim, ach i gcás feithiclí tromshaothair, laghdaítear na teorainneacha astaíochtaí agus déantar na dálaí tástála a choigeartú beagán. Tá foráil speisialta in Euro 7 freisin maidir le busanna uirbeacha chun comhleanúnachas a chinntiú leis an sprioc nua-bheartaithe le haghaidh astaíochta nialasacha-CO2 do na feithiclí sin faoi 2030.

Mínítear sa ghrafaic faisnéise sprioc nua an Aontais maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna, an fáth a bhfuil tábhacht léi agus na tairbhí a bhfuil coinne leo le haghaidh na saoránach, tomhaltóirí agus earnáil mótarfheithiclí an Aontais.
Oiriúnach do 55: an chúis a bhfuil dianú á dhéanamh ag an Aontas ar chaighdeáin astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: an chúis a bhfuil dianú á dhéanamh ag an Aontas ar chaighdeáin astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna (Grafaic faisnéise)

Iomaíochas agus táirgiúlacht fhadtéarmach – Seiceálacha iomaíochais i dtograí reachtacha

Bhí díospóireacht polaitíochta ag na hairí maidir le ról na seiceálacha iomaíochais i gceapadh tograí reachtacha. Bhí an plé bunaithe ar nóta ó Uachtaránacht na Spáinne ina leagtar amach an comhthéacs ginearálta agus ina n-iarrtar ar na toscaireachtaí a dtuairimí a thabhairt maidir le ceithre cheist:

  1. Cad iad na gnéithe ba cheart a bheith fíor-riachtanach i seiceálacha iomaíochais?
  2. Cad a d’fhéadfaí a dhéanamh chun cur chun feidhme na seiceálacha sin a chinntiú?
  3. Ar cheart nach mbeadh feidhm ag seiceálacha iomaíochais ach amháin maidir le tograí reachtacha nó maidir le straitéisí agus pleananna gníomhaíochta freisin?
  4. Conas ar féidir leis an gComhairle Iomaíochais rannchuidiú leis an measúnú ar iomaíochas na dtograí reachtacha ón gCoimisiún?

Is obair leantach a bhí sa phlé ar na díospóireachtaí a bhí ann roimhe seo inar díríodh ar an iomaíochas fadtéarmach agus ar ról an mhargaidh aonair amach anseo, a tionóladh le linn na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta agus mí an Mheithimh 2023, agus i gComhairle COMPET i mí na Bealtaine. Go háirithe, d’iarr Comhairle Eorpach an 23 Márta go ndéanfaí dul chun cinn ar an gcreat rialála lena bhfeabhsófaí an fás, tríd an ualach riaracháin a laghdú agus seiceálacha iomaíochais a dhéanamh le haghaidh tograí reachtacha nua.

Thagair na hairí do na teachtaireachtaí ón gCoimisiún maidir 30 bliain an mhargaidh aonair agus iomaíochas fadtéarmach an Aontais, a cuireadh i láthair i mí an Mhárta, agus don phacáiste faoisimh FBM a ghlac an Coimisiún 10 lá ó shin.

Díreach roimh an díospóireacht pholaitiúil, bhí lón ag na hairí le Enrico Letta, Uachtarán Institiúid Jacques Delors agus iar-Phríomh-Aire na hIodáile, atá ag ullmhú tuarascáil neamhspleách faoi láthair maidir le todhchaí an mhargaidh aonair arna iarraidh sin ag an gComhairle Eorpach. Chuir Enrico Letta na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta ar an doiciméad sin, a chuirfear faoi bhráid cheannairí an Aontais ag an gComhairle Eorpach i mí an Mhárta 2024.

Léaráid de bhean agus de bheirt fhear, agus de léarscáil a thaispeánann ballstáit ar baill iad de mhargadh aonair an Aontais sa chúlra
Comóradh 30 bliain mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh (Grafaic faisnéise)

Comóradh 30 bliain mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh (Grafaic faisnéise)

Aon ghnó eile

Tuarascáil ó Fhóram Ibéir-Mheiriceánach na nGníomhaireachtaí Rialtais um Chosaint Tomhaltóirí

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas maidir le toradh Fhóram Ibéir-Mheiriceánach na nGníomhaireachtaí Rialtais um Chosaint Tomhaltóirí, a bhí ar siúl i Maidrid an 13-14 Meán Fómhair 2023.

Treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcomhaontú sealadach ar thángthas air i ndáil leis an treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas tar éis an chruinnithe thríthaobhaigh a tionóladh i bParlaimint na hEorpa an 19 Meán Fómhair. Is é is aidhm don togra a comhaontaíodh Dé Céadaoin seo caite dul i ngleic le cleachtais tráchtála éagóracha (e.g. glas-snasú) lena gcuirtear cosc ar thomhaltóirí táirgí agus seirbhísí níos glaise nó níos ciorclaí a roghnú.

Cad é an buntáiste atá leis an ngeilleagar ciorclach? Murab ionann agus an múnla traidisiúnta eacnamaíoch, a dhéanann neamhshuim don dramhaíl agus don líon teoranta acmhainní atá againn, tá an geilleagar ciorclach dírithe ar an bhfás inbhuanaithe, ar an dramhaíl a laghdú a mhéid is féidir, agus ar an tairbhe a bhaintear as ábhair éagsúla a chothú.
An geilleagar ciorclach - cén buntáiste atá leis? (Grafaic faisnéise)

An geilleagar ciorclach - cén buntáiste atá leis? (Grafaic faisnéise)

Reachtaíocht chógaisíochta an Aontais ó thaobh na tionsclaíochta agus an iomaíochais de

Rinne toscaireachtaí na hOstaire agus na Gearmáine cur i láthair maidir le reachtaíocht chógaisíochta an Aontais ó thaobh na tionsclaíochta agus an iomaíochais de.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025