Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais (Taighde agus spás), 2 Nollaig 2022

Na príomhthorthaí

Taighde

Comhairle eolaíoch ar mhaithe le cinntí polaitiúla níos fearr

Phléigh na hAirí ról na heolaíochta i gceapadh beartas na mBallstát, fad a rinne siad machnamh ar conas feabhas a chur ar úsáid na comhairle eolaíche le haghaidh cinntí polaitiúla.

Le linn a n-idirghabhálacha, chuir na hAirí in iúl gur spéis leo ardáin de chomhairleoirí eolaíochta a chruthú agus a fhorbairt ina n-aireachtaí earnála éagsúla, agus chuir siad i bhfios go láidir go bhfuil sé úsáideach cuir chuige náisiúnta a chomhordú ar leibhéal an Aontais.

D’aontaigh na hAirí, thairis sin, gur cheart ról lárnach a bheith ag an gCoimisiún i dtaca le comhordú, saineolas agus tacaíocht a chur ar fáil don fhorbairt beartas san Aontas.

Cur chuige coiteann i leith taighde agus nuálaíochta

Ghlac an Chomhairle dhá thacarconclúidí lena neartaítear seasamh an Aontais i réimse an taighde agus na nuálaíochta maidir leis an gClár Oibre Nua um Nuálaíocht agus maidir le bonneagair thaighde.

Vladimir Balas, Aire Oideachais, Óige agus Spóirt na Seicia
Ar glacadh di na conclúidí sin, cuireadh teachtaireacht láidir chuig pobal taighde agus nuálaíochta na hEorpa: tá an tAontas Eorpach ag obair go dian chun fanacht mar cheannaire domhanda sa réimse sin. Fanaimid ar an eolas faoi theicneolaíochtaí nua agus leanaimid go dlúth an nuálaíocht is déanaí, ionas go mbeidh an tAontas agus na Ballstáit in ann cur chuige coiteann a fhorbairt i leith an taighde agus na nuálaíochta.
Vladimir Balas, Aire Oideachais, Óige agus Spóirt na Seicia
Vladimir Balas, Aire Oideachais, Óige agus Spóirt na Seicia

Is bunchloch i bhforbairt an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) iad na conclúidí maidir le bonneagair thaighde. Aithnítear sna conclúidí an gá atá le bonneagair thaighde a neartú a thuilleadh agus rochtain níos leithne orthu a éascú, ós rud é gur féidir leo cur go mór le hiomaíochas gheilleagar na hEorpa.

Leagtar amach beartas nuálaíochta sna conclúidí ar an gClár Oibre Nua maidir leis an Nuálaíocht:chun go mbeidh an tAontas ina cheann feadhna sa nuálaíocht. Tá ról ríthábhachtach ag an nuálaíocht maidir le hiomaíochas na hEorpa, maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach, agus maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus maidir le dea-bhail na saoránach a áirithiú.

Moladh ón gComhairle maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais

Ghlac na hAirí moladh ón gComhairle maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais.

Is éard is luachshocrú eolais ann an próiseas lena saothraítear luach sóisialta agus eacnamaíoch as eolas, trí réimsí agus earnálacha éagsúla a nascadh le chéile agus trí tháirgí agus réitigh a rachaidh chun tairbhe na sochaí a dhéanamh de shonraí agus torthaí taighde.

Leis an moladh ón gComhairle, nuashonraítear an moladh ón gCoimisiún Eorpach ó 2008 trí raon feidhme na ngníomhaithe agus na ngníomhaíochtaí a leathnú, agus béim á leagan ar éiceachóras iomlán an taighde agus na nuálaíochta, agus tríd an raon feidhme a leathnú chuig bainistiú sócmhainní intleachtúla.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Faoi aon phointe gnó eile, chuir an Coimisiún Eorpach na hAirí ar an eolas faoin bpobal eolais agus nuálaíochta (PEN); EIT Cultúr agus Cruthaitheacht agus faoi chomhairliúchán poiblí i ndáil le chláir réime Eorpacha 2014-2027 um thaighde agus um nuálaíocht mar a bhí san am atá caite, mar atá faoi láthair agus mar a bheidh amach anseo.

Chuir toscaireacht na Spáinne na Ballstáit ar an eolas faoi PRIMA — an Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara — agus faoi chlár uachtaránacht na Sualainne atá le teacht.

Le linn lón neamhfhoirmiúil, phléigh na hAirí bonneagair theicneolaíochta.

An Spás

Leas a bhaint as Sonraí Spáis an Aontais

Bhí díospóireacht bheartais ag na hAirí faoi leas a bhaint as Sonraí Spáis an Aontais.

Martin Kupka, Aire Iompair na Seicia
Tá rochtain ag an Aontas ar mhianach mór sonraí spáis, ach mianach é nár baineadh tairbhe iomlán as go fóill. Chun coinneáil suas le seirbhísí atá ag teacht chun cinn cosúil leis an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí candamacha, ní mór do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile chun leas a bhaint as sonraí spáis an Aontais ar bhealach níos fearr. Cuirfidh sé sin le hiomaíochas an Aontais.
Martin Kupka, Aire Iompair na Seicia
Martin Kupka, Aire Iompair na Seicia

Phléigh na hAirí conas cur leis an úsáid a bhaintear as sonraí agus feidhmchláir spáis laistigh den Aontas thar dheighleoga éagsúla den mhargadh. Le linn a gcuid idirghabhálacha, dhírigh na Ballstáit ar an méid atá curtha chun feidhme agus atá forbartha cheana ar an leibhéal náisiúnta chun gur fearr an leas a bhainfear as sonraí spáis.

Rinne siad machnamh ar na bacainní féideartha a chuirfeadh bac ar ghlacadh sheirbhísí spáis an Aontais ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, fad a shainaithin siad réitigh fhéideartha chun na bacainní sin a shárú, trí bheith ag díriú ar ról an oideachais agus ar an bhfeasacht a mhúscailt, ar dhea-chleachtas a mhalartú i measc úsáideoirí agus idir earnálacha spáis agus earnálacha nach earnálacha spáis iad agus ar an earnáil phoiblí agus phríobháideach agus ar rochtain ar mhaoiniú le haghaidh réitigh nuálacha chomh maith.

Chuir toscaireacht na Sualainne na hAirí ar an eolas faoin gclár dá n-uachtaránacht atá le teacht.

Léaráid: satailítí ar fud na cruinne, agus béim á leagan ar mhór-roinn na hEorpa
Éachtaí an Aontais sa spás (Grafaic faisnéise)

Éachtaí an Aontais sa spás (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025