"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iomaíochais (An Taighde), 30 Meán Fómhair 2025
Na príomhthorthaí
Conclúidí maidir leis an tábhacht a bhaineann le taighde agus nuálaíocht le haghaidh Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an taighde agus an nuálaíocht le haghaidh Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú. Leis na conclúidí sin, cuirtear treoir ar fáil darb aidhm éiceachóras láidir, dinimiciúil a bhunú inar féidir leis na hinstitiúidí ardoideachais agus institiúidí taighde tacú le cuideachtaí nua atá i mbun fáis, luach thorthaí a dtaighde a aithint, agus tallann a mhealladh agus a choinneáil. Chuige sin, iarrtar sna conclúidí timpeallacht thacúil rialála agus airgeadais a chothú chun borradh a chur faoi chuideachtaí nuálacha.
Is ionann an taighde agus an fhiontraíocht; tá siad fite fuaite ina chéile. Cé gur féidir leis na hinstitiúidí taighde cuidiú le gnólachtaí nuathionscanta agus le gnólachtaí atá ag méadú teacht chun cinn agus fás a dhéanamh, is féidir leis an earnáil phríobháideach cuidiú leis na hinstitiúidí taighde an infheistíocht a aimsiú agus luach a chur ar a dtorthaí. Is straitéis é a théann chun tairbhe do chách: do na hinstitiúidí taighde, do chuideachtaí, agus d’iomaíochas na hEorpa.
Christina Egelund, Aire Ardoideachais agus Eolaíochta na Danmhairge
Conclúidí maidir le hiarraidh ar ghníomhaíocht i ndáil leis na heolaíochtaí beatha ar mhaithe le hiomaíochas an Aontais
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis na heolaíochtaí beatha ar mhaithe le hiomaíochas an Aontais. Sa téacs, luaitear gur díol sásaimh í an uaillmhian a léirítear sa straitéis a d’eisigh an Coimisiún le déanaí – an tAontas a chur ar an áit is tarraingtí ar domhan le haghaidh eolaíochtaí beatha faoi 2030 – agus an treoir atá inti maidir le leas iomlán a bhaint as acmhainneacht iomlán na n-eolaíochtaí beatha ar mhaithe le hiomaíochas na hEorpa. Sna conclúidí, spreagtar an taighde maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe a neartú, ceannaireacht i dtrialacha cliniciúla a chruthú, agus cur chuige leathan i leith na biteicneolaíochta chun a hacmhainneacht iomlán a bhaint amach. Iarrtar freisin go mbainfí leas as na teicneolaíochtaí úrscothacha – cuir i gcás an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach – sna heolaíochtaí beatha, agus leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé na scileanna cuí a fhorbairt, agus an tallann a mhealladh agus a choinneáil. Leagtar béim sna conclúidí ar an ngá atá le creat rialachais comhordaithe maidir le heolaíochtaí beatha agus leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe a chur chun feidhme go pras.
Leis na conclúidí ón gComhairle, tugtar teachtaireacht shoiléir: ba cheart don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta i rás domhanda na n-eolaíochtaí beatha. Ach más mian linn é sin a bhaint amach, ní mór dúinn gníomhú go pras diongbháilte le straitéis chomhordaithe lena ndéanfar beart de réir briathair.
Christina Egelund, Aire Ardoideachais agus Eolaíochta na Danmhairge
An Pacáiste Fís Eorpach: Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht 2028-2034
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le pacáiste an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an clár Fís Eorpach. Pléadh taighde agus nuálaíocht an Aontais le haghaidh tionscadail de chineál dé-úsáide agus tionscadail lena ndírítear ar fheidhmeanna cosanta. Rinne na hairí a marana ar cé mar is féidir an t-iomaíochas agus an athléimneacht a neartú sa chur chuige nua seo le haghaidh tionscadail de chineál dé-úsáide agus tionscadail lena ndírítear ar fheidhmeanna cosanta. Leagadh béim freisin ar íogaireachtaí an ábhair seo agus ar na ceisteanna a d’fhéadfadh sé a ardú. Ba dhíol sásaimh do go leor de na toscaireachtaí go n-áirítear tionscadail de chineál dé-úsáide sa chlár Fís Eorpach, ós rud é go bhfuil gné dhé-úsáide ag formhór na dtionscadal taighde cheana féin, go háirithe i réimsí na teicneolaíochta. Luaigh roinnt toscaireachtaí, mar sin féin, nár mhór díriú ar chineál sibhialta an chláir taighde agus nuálaíochta agus d’iarr siad nach maoineofaí na tionscadail lena ndírítear ar fheidhmeanna cosanta ón mbuiséad taighde (ach gur as an gCiste Eorpach um Iomaíochas a thiocfadh an maoiniú sin). Anuas air sin, d’iarr a lán de na toscaireachtaí go dtabharfaí sainmhíniú soiléir ar ‘dé-úsáid’ agus d’iarr siad freisin nach mbainfeadh ualaí breise riaracháin le tionscadail dé-úsáide. Mheabhraigh roinnt mhaith acu freisin nár mhór an tsaoirse taighde agus an comhar idirnáisiúnta a chaomhnú agus na bearta is gá a dhéanamh chun rúndacht sonraí íogaire a chosaint, de mheon an phrionsabail ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’.
Tá iomaíochas, slándáil eacnamaíoch agus uathriail straitéiseach na hEorpa ag brath ar acmhainneacht sin againne leas iomlán a bhaint as ár mbearta cistithe taighde agus nuálaíochta. Bímis oscailte do na deiseanna a chuirtear ar fáil le tionscadail dé-úsáide.
Christina Egelund, Aire Ardoideachais agus Eolaíochta na Danmhairge
Na bonneagair thaighde agus theicneolaíochta: uaillmhian ar leibhéal an Aontais anois agus feasta
Le linn an lóin, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí faoi na bonneagair thaighde agus theicneolaíochta.
Aon ghnó eile
Faoi aon ghnó eile, cuireadh na hairí ar an eolas faoi Thuarascáil Bhliantúil 2025 ar Dhul Chun Cinn maidir le Simpliú, Cur Chun Feidhme agus Forfheidhmiú, agus chuir an Coimisiún an Straitéis um Bonneagair Thaighde agus Theicneolaíochta i láthair.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.