Fís Eorpach
Tá Fís Eorpach ina phríomhthionscnamh ag an Aontas don taighde agus don fhorbairt. Spreagann sé barr feabhais eolaíoch agus teicneolaíoch an Aontais, cuireann sé borradh faoin iomaíochas agus cruthaíonn sé poist.
Cad é Fís Eorpach?
Tá fás agus rathúnas na hEorpa amach anseo ag brath ar a cumas leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta ar an leibhéal domhanda sa taighde agus sa nuálaíocht.
Is é Fís Eorpach clár réime um thaighde agus um nuálaíocht (T&N) an Aontais Eorpaigh don tréimhse 2021-2027. Leanann sé ar aghaidh leis an obair a rinneadh faoin gclár Fís 2020 a bhí ag an Aontas roimhe seo, clár lenar cistíodh beagnach 35 000 tionscadal a raibh baint ag 40 000 eagraíocht leo.
Cuspóirí
Is é is aidhm don chlár:
- bonn eolaíoch agus teicneolaíoch an Aontais a neartú, lena n-áirítear trí réitigh a fhorbairt don aistriú glas agus don aistriú digiteach
- spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach
- borradh a chur faoin iomaíochas agus fás, trí thacú le T&N ó choincheap go margadh
Cinntíodh le Fís Eorpach go mbeidh tionchar ag obair an Aontais i réimse na heolaíochta agus i réimse na teicneolaíochta d'fhonn dul i ngleic le dúshláin mhóra dhomhanda i réimsí tábhachtacha, mar shampla an tsláinte, an dul in aois, an tslándáil, an truailliú agus an t-athrú aeráide.
Meastar go ndéanfaidh Fís Eorpach an méid seo a leanas:
- suas le100 000 post i ngníomhaíochtaí a bhaineann le T&N a chruthú idir 2021 agus 2027
- olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais a mhéadú suas le 0.19% thar 25 bliana
- suas le sé euro a ghiniúint i dtairbhí do shaoránaigh an Aontais faoi 2045 in aghaidh gach euro a infheistítear
Colúin
Trí cholún atá in Fís Eorpach.
Tacaíonn cuid eile de – atá mar bhonn agus mar thaca ag an gclár ina iomláine – le rannpháirtíocht bharr feabhais-bhunaithe na mBallstát go léir a leathnú. Bainfear an leas is fearr as an méid sin chun an cumas taighde agus nuálaíochta náisiúnta a bharrfheabhsú ar fud na hEorpa agus, ar an gcaoi sin, neartófar an Limistéar Eorpach Taighde (LET).
An buiséad
Agus buiséad €95.5 billiún ag gabháil leis, lena n-áirítear €5.4 billiún ó Next Generation EU, comhlánaíonn an clár maoiniú náisiúnta agus réigiúnach in T&N.
Eolaíocht den scoth
Treisíonn an chéad cholún d’Fhís Eorpach ceannaireacht eolaíoch an Aontais chun forbairt eolais agus scileanna ardcháilíochta a chur chun cinn.
Tacaíonn sé le tionscadail taighde cheannródaíocha tríd an gComhairle Eorpach um Thaighde agus cuireann sé borradh faoin infheistíocht i mbonneagair thaighde.
Déanann gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie cistiú ar ghníomhaíochtaí soghluaisteachta, oiliúna agus forbartha gairme na dtaighdeoirí. Is é is aidhm dóibh:
- gairmréim na dtaighdeoirí a fheabhsú
- an comhar idirnáisiúnta a chothú
- taighde nuálach agus idirdhisciplíneach a chur chun cinn ar fud earnálacha éagsúla
Dúshláin dhomhanda agus iomaíochas
Tacaíonn an dara colún le taighde agus le nuálaíocht a thugann aghaidh ar dhúshláin na sochaí agus ar theicneolaíochtaí tionsclaíocha i réimsí amhail an tsláinte, an digitiú, an aeráid, cúrsaí fuinnimh, an tsoghluaisteacht, bia agus acmhainní nádúrtha.
Le Fís Eorpach, tugtar isteach misin taighde agus nuálaíochta, lena dtugtar aghaidh ar mhórdhúshlán sochaíoch trí spriocanna sonracha, intomhaiste a leagan síos a bheidh le baint amach faoi 2030.
Na cúig réimse de mhisin an Aontais:
- oiriúnú don athrú aeráide
- an ailse
- ár n-aigéin agus ár n-uiscí a athbhunú
- cathracha cliste aeráidneodracha a bheith ann
- socrú maidir le sláinte na hithreach san Eoraip
Leis an gcolún sin, cuirtear cur chuige nua chun cinn freisin maidir le comhpháirtíochtaíEorpacha agus áirítear leis gníomhaíochtaí arna saothrú ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde, arb é an príomhról atá aige tacaíocht eolaíoch neamhspleách atá bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil do cheapadh beartais an Aontais.
An Eoraip nuálach
Díríonn an tríú colún d’Fhís Eorpach ar gach cineál nuálaíochta a chur chun cinn, go háirithe an nuálaíocht cheannródaíoch atá ar thús cadhnaíochta, tríd an gComhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE).
Cuireann CNE ionad ilfhreastail ar fáil do nuálaithe, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhfuil ardacmhainn acu margaí a chruthú don todhchaí. Tá sé mar aidhm aige cabhrú leo:
- nuair a bheidh taighde luathchéime á déanamh acu
- uas-scálú
- an t-airgeadas príobháideach a ghiaráil
- a gcuid smaointe ceannródaíocha a chur ar an margadh
Léiríodh i meastóireacht mheántéarma ar an gclár gur mheall gach euro a infheistíodh i gcuideachtaí nuálacha trí chiste CNE os cionn trí euro ó infheisteoirí príobháideacha.
Pacáiste Fís Eorpach: clár réime um thaighde agus um nuálaíocht 2028-2034
An 16 Iúil 2025, mar chuid de bhuiséad fadtéarmach an Aontais, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra maidir leis an gcéad chlár réime eile de chuid Fís Eorpach le haghaidh 2028-2034, a mbeidh dlúthnasc aige leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas.
Tá an clár bunaithe ar cheithre cholún:
- eolaíocht den scoth: is é is aidhm do Cholún I an Chomhairle Eorpach um Thaighde a leathnú, tacú le taighdeoirí den scoth, agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde a neartú
- an t-iomaíochas agus an tsochaí: is é is aidhm do Cholún II borradh a chur faoin taighde comhoibríoch a thacaíonn le hiomaíochas an Aontais agus lena dtugtar aghaidh ar dúshláin mhóra sa tsochaí
- an nuálaíocht: is é is aidhm do CholúnIII fócas na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí a leathnú chun tacaíocht do thionscadail ardriosca shuaiteacha, agus do ghnólachtaí nuathionscanta cosanta agus dé-úsáide a chur san áireamh
- An Limistéar Eorpach Taighde: is é is aidhm do Cholún IV an Limistéar Eorpach Taighde a dhéanamh níos láidre, lena n-áirítear comhpháirt athchóirithe chun rannpháirtíocht a leathnú, agus tacaíocht nua do bhonneagair thaighde agus theicneolaíochta
Tá an togra á phlé ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa.
An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Meitheamh 2026