"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iomaíochais (an margadh inmheánach agus an tionsclaíocht), 29 Meán Fómhair 2025
Na príomhthorthaí
An Ciste Eorpach um Iomaíochas
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas (CEI), atá ar cheann de phríomhghnéithe bhuiséad fadtéarmach an Aontais le haghaidh 2028-2034 (an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá le teacht. Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit CEI mar phríomhionstraim a d’fhéadfadh cabhrú leis an mbearna infheistíochta atá ann faoi láthair a dhúnadh, tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do chuideachtaí, caipiteal príobháideach a ghiaráil agus rioscaí infheistíochta a mhaolú.
D’iarr formhór na dtoscaireachtaí go gcuirfí CEI chun feidhme go práinneach agus d’áitigh siad nach mór do na Ballstáit a bheith rannpháirteach go hiomlán i gcinnteoireacht agus i rialachas CEI. Chuir formhór na dtoscaireachtaí i dtreis gur gá riachtanais na ngnólachtaí agus na n-infheisteoirí araon a chur san áireamh. Is éard atá i gceist leis sin nósanna imeachta simplithe, trédhearcacha agus éifeachtúla a áirithiú lena gcuirtear teorainn leis na hualaí riaracháin a mhéid is féidir. D’iarr go leor acu go ndíreofaí go háirithe ar FBManna. D’iarr go leor freisin go ndíreofaí ar bharr feabhais agus ar bhearta chun cothromaíocht gheografach a áirithiú.
Bhí díospóireacht pholaitiúil ag na hairí maidir le bearta simpliúcháin tar éis don Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Séjourné an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an tsaincheist sin a chur i láthair. Cé go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun ualaí riaracháin a laghdú (is é sin leis na pacáistí omnibus, mar a thugtar orthu), cuireann tograí reachtacha nua costais shuntasacha ar ghnólachtaí fós. Rinne na hairí machnamh ar an gcothromaíocht cheart idir an reachtaíocht nua is gá agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo ar ghnólachtaí, agus ról na Comhairle Iomaíochais chun a áirithiú go mbeidh rialacha nua comhréireach le cuspóirí na reachtaíochta. Ba dhíol sásaimh d’fhormhór na n-airí an tuarascáil maidir le simpliú agus an cur chuige omnibus chun ualaí atá ann cheana a laghdú, cé gur meabhraíodh i roinnt idirghabhálacha nach ionann simpliú agus dírialáil.
I gcás na reachtaíochta a bheidh ann amach anseo, d’iarr a lán toscaireachtaí go gcuirfí prionsabail na rialála níos fearr i bhfeidhm, amhail úsáid chórasach measúnuithe tionchair (lena n-áirítear tástálacha ar FBManna agus seiceálacha iomaíochais), meastóireachtaí ex post, comhairliúcháin le geallsealbhóirí nó seiceálacha réaltachta. Mheabhraigh roinnt toscaireachtaí gur gá cúrsaí digiteacha a bheith ann mar réamhshocrú agus an prionsabal ‘ceann-isteach ceann-amach’ a ghinearálú, rud a chiallaíonn gur cheart píosa amháin reachtaíochta a bhaint tráth a ndéantar píosa amháin eile (mhol roinnt toscaireachtaí fiú bogadh go córas ceann-isteach dhá cheann amach). Bhí comhaontú ginearálta ann gur cheart do chomhairlí COMPET leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar na hiarrachtaí simpliúcháin atá ann faoi láthair agus a bheith ar an airdeall chun ualaí breise amach anseo a sheachaint.
Tá Uachtaránacht na Danmhairge tiomanta an rómhaorlathas a laghdú agus an t-ualach ar ghnólachtaí Eorpacha a laghdú. Ag an am céanna, ní mór dúinn a chinntiú nach dtabharfar ualaí nach bhfuil gá leo isteach le reachtaíocht nua an Aontais. Bhí áthas orm éisteacht leis an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Séjourné agus a thuairim ar an gcúram tábhachtach seo á chur i láthair aige inniu. Leanfaimid den dlúthchomhar atá eadrainn i dtreo Eoraip níos láidre agus níos iomaíche.
Morten Bødskov, an tAire Tionscail, Gnó agus Gnóthaí Airgeadais
Le linn an lóin, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le straitéis an mhargaidh aonair. Ghlac Enrico Letta, iar-phríomh-aire na hIodáile, uachtarán Institiúid Jacques Delors agus údar na tuarascála ‘Much more than a market’ [Margadh thar an gcoitiantacht] páirt sa phlé. Chuir na hairí a dtuairimí in iúl maidir le tionscnaimh dhigiteacha chun an t-aistriú digiteach a laghdú bunaithe ar riachtanais cuideachtaí, agus maidir le tionscnaimh dhigiteacha uaillmhianacha a chur chun feidhme ar fud na mBallstát agus na ngnólachtaí.
Faoi aon ghnó eile, cuireadh na hairí ar an eolas faoi shé shaincheist:
Rinne toscaireacht na hOstaire in éineacht leis an tSeicia, an Chróit, an Ghréig, Lucsamburg, an Ísiltír agus an tSlóivéin pointe faisnéise maidir le ‘deireadh a chur le srianta soláthair chríochaigh gan údar’
Rinne an Coimisiún cur i láthair maidir le staid na himeartha i ndáil leis na pacáistí simplithe Omnibus
Rinne toscaireacht na hÍsiltíre pointe faisnéise maidir le dearbhú 2025 maidir le leathsheoltóirí le haghaidh Gníomh athbhreithnithe um Shliseanna de chuid an Aontais
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin tríú hidirphlé straitéiseach le tionscal na ngluaisteán a bhí ar siúl sa Bhruiséil an 12 Meán Fómhair
Bhí pointe faisnéise ag toscaireacht na Fraince maidir le sprioc aeráide 2040 a réiteach le hiomaíochas tionsclaíoch na hEorpa
Rinne toscaireachtaí na Gearmáine, na Fraince agus na hIodáile pointe faisnéise maidir leis an bhfógra ón gCoimisiún i ndáil leis an nGníomh um Dhlús a chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch (IDAA)
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.