- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 07/11/2017, 7 Samhain 2017
Na príomhthorthaí
Phléigh na hairí rialacha CBLfeabhsaithe chun cabhrú leis an ríomhthráchtáil agus le gnólachtaí ar líne.
Is é aidhm na dtograí gur fusa a bheidh sé earraí agus seirbhísí a dhíol agus a cheannach ar líne. Is cuid den straitéis maidir le 'margadh aonair digiteach' na tograí sin. Aidhm eile dóibh is ea feabhas a chur ar bhailiú CBL ar sheirbhísí digiteacha.
Dheimhnigh an Uachtaránacht go leanfaí den phlé d’fhonn teacht ar chomhaontú roimh dheireadh na bliana 2017.
"Tá rialacha nua ag teastáil uainn chun an córas CBL atá againn a chur in oiriúint don ré dhigiteach", a dúirt Toomas Tõniste, Aire Airgeadais na hEastóine, an tír ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle faoi láthair. "Ní fada anois go mbainfimid comhaontú amach agus tá súil againn go dtabharfaimid chun críche é go luath."
Phléigh na hairí tograí lena ndírítear ar an maoirseacht airgeadais a neartú agus ar chomhtháthú an mhargaidh caipitil san Eoraip a spreagadh.
Is éard atá i gceist a chur ar chumas margaí airgeadais feidhmiú níos éifeachtaí chun dul i ngleic le dúshláin nua ar bhealach níos fearr. Agus leis na hathruithe ar chaidreamh maoirseachta le tír nach tír den Aontas Eorpach í, aireofar bainistiú níos fearr ar gach riosca a bhaineann leis an earnáil airgeadais.
Cuirfear na hathchóirithe sin san áireamh i bplean an Aontais chun aontas na margaí caipitil a bhaint amach faoi dheireadh na bliana 2019, plean ar thacaigh na hairí go láidir leis athuair. Leanfaidh na saineolaithe náisiúnta den obair ar na tograí, agus tosóidh siad le leasuithe spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá sa chóras atá ann faoi láthair.
Thíolaic an Chúirt Iniúchóirí a tuarascáil bhliantúil maidir le bainistiú bhuiséad an Aontais, lena ndeimhnítear dul chun cinn leanúnach sna leibhéil meastacháin maidir le hearráidí in íocaíochtaí.
Ar bhonn na tuarascála sin a chinnfear cé acu a eiseofar nó nach n-eiseofar urscaoileadh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme bhuiséad 2016.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an mbealach ar aghaidh chun córais TF custaim a fhorbairt.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 7 Samhain 2017
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Eacnamaíocha agus Airgeadais, 7 Samhain 2017
- Clár táscach - an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 7 Samhain 2017
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025