- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 10/10/2017, 10 Deireadh Fómhair 2017
Na príomhthorthaí
Ghlac an Chomhairle treoir lena dtugtar isteach córas nua chun díospóidí idir na Ballstáit maidir le cánachas dúbailte a réiteach. Leis an treoir, treisítear na sásraí a úsáidtear chun díospóidí idir na Ballstáit a réiteach arb ann dóibh i ngeall ar an léirmhíniú a thugtar ar chomhaontuithe maidir le cánachas dúbailte a dhíchur.
"Is fearr go mór an córas nua seo. Spreagfar an infheistíocht a bhuí leis, trí thimpeallacht chánach a bheidh níos fabhraí a chruthú agus trí na costais a laghdú do ghnóthaí", a dúirt Toomas Tõniste, Aire Airgeadais na hEastóine, an tír ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle faoi láthair.
Roimh an gcéad chomhdháil eile a bheidh ag na páirtithe atá i gcoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an athrú aeráide, a bheidh ar siúl in Bonn i mí na Samhna 2017, ghlac an Chomhairle conclúidí ina leagtar amach seasamh an Aontais Eorpaigh maidir leis an athrú aeráide. Beidh na conclúidí mar shainordú d’idirbheartaithe an Aontais maidir leis na gnéithe maoiniúcháin a bhaineann leis an athrú aeráide. Is cuid í comhdháil Bonn den obair leantach atá ar siúl ar an gcomhaontú domhanda a rinneadh i bPáras i mí na Nollag 2015.
Tá an tAontas gona Bhallstáit tiomanta do ranníocaíochtaí airgeadais phoiblí a mhéadú sna blianta atá amach romhainn. Iarrtar sna conclúidí go mbeidh réimse níos leithne tíortha rannpháirteach agus moltar do thíortha forbartha eile a gcuid gealltanas a chomhlíonadh agus maoiniú príobháideach a spreagadh.
Rinne na hAirí breithniú ar ‘Seimeastar Eorpach’ 2017 go dtí seo, próiseas faireacháin beartais arb é is aidhm leis an cleachtas a dhéanamh níos réidhe agus níos éifeachtaí. Phléigh siad a bhfuil á dhéanamh mar ullmhúchán do chruinnithe G20 agus CAI a thionólfar in Washington i lár mhí Dheireadh Fómhair. Agus thíolaic an Coimisiún pacáiste tograí lena ndéanfaí athchóirú ar chóras CBL an Aontais, mar aon leis an gcur chuige beartais a mhol sé maidir leis an gcánachas agus an geilleagar digiteach.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár táscach - cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 10 Deireadh Fómhair 2017
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Eacnamaíocha agus Airgeadais, 10 Deireadh Fómhair 2017
- Liosta de mhíreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Eacnamaíocha agus Airgeadais, 10 Deireadh Fómhair 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 10 Deireadh Fómhair 2017
- Cúlra faisnéise
Preaseisiúintí
- Conclúidí ón gComhairle maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide
- 10/10/2017
- An Chóiré Thuaidh: Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh treisithe ag an gComhairle i gcomhréir leis an rún is déanaí ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe
- 10/10/2017
- Cánachas dúbailte: Córas nua um réiteach díospóidí formheasta ag an gComhairle
- 10/10/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025