Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 05/12/2017, 5 Nollaig 2017

Na príomhthorthaí

D’fhormheas agus d’fhoilsigh an Chomhairle liosta Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha i gcúrsaí cánachais, lena ndírítear ar dhea-rialachas a chur chun cinn ar fud na cruinne.

Beartaítear leis an liosta cur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun cosc a chur ar an gcalaois chánach agus ar an imghabháil chánach. Rinneadh obair na Comhairle maidir leis an liosta i gcomhar le OECD.

“Feictear an tairbhe a ghabhann leis an tionscnamh seo cheana féin, mar go ndeachaigh a lán tíortha i mbun oibre chun go mbeidís in ann an sprioc-am a bhaint amach maidir lena ngealltanais a chomhlíonadh, bunaithe ar ár gcritéir”, a dúirt Toomas Tõniste, aire airgeadais na hEastóine, an tír ag a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoi láthair. “Ach is den tábhacht é freisin go ndéanfaimid dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na ngealltanas a thug ár gcomhpháirtithe timpeall an domhain.”

“Ní próiseas aon-uaire a bheidh i gceist leis seo go díreach”, arsa an tUasal Tõniste. “Déanfaimid athbhreithniú rialta ar an liosta agus tabharfaimid chun dáta ar bhonn rialta é sna blianta atá le teacht. Is é an aidhm atá againn a chinntiú go mbeidh dea-rialachas cánach mar ghnáthchleachtas amach anseo.”

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le hionchur ón Aontas ar an leibhéal náisiúnta i dtaca le 'cánachas digiteach’. Úsáidfear na conclúidí mar thagairt do thuilleadh oibre ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear tograí reachtacha de chuid an Choimisiúin, a bhfuil súil leo go luath in 2018.

Tá gá le gníomhaíocht siocair go bhfuil amhras á chaitheamh ag an ngeilleagar digiteach ar choincheapa comhaontaithe maidir le rialacha idirnáisiúnta cánacha. Ceapadh na rialacha reatha cánacha don gheilleagar traidisiúnta agus níl feidhm acu i dtaca le gníomhaíochtaí nach n-éilíonn aon láithreacht fhisiciúil sa tír ina ndíoltar earraí agus seirbhísí.

Ghlac an Chomhairle rialacha nua maidir le CBL ar thráchtáil leictreonach. Mar chuid de straitéis an Aontais maidir leis an margadh aonair digiteach, dírítear leis na tograí ar é a dhéanamh níos fusa do ghnólachtaí a fheidhmíonn ar líne a n-oibleagáidí CBL a chomhlíonadh. Éascaítear bailiú CBL leo freisin agus earraí agus seirbhísí á gceannach ag tomhaltóirí ar líne, ó thríú tíortha freisin.

D'athbhreithnigh an Chomhairle an obair a rinneadh ar phacáiste beart lena ndírítear ar riosca a laghdú sa tionscal baincéireachta, agus ar thogra maidir le scéim Eorpach árachais taiscí.

Agus thuairiscigh an Coimisiún ar an obair atá á déanamh chun plean gníomhaíochta mhí Iúil 2017 de chuid na Comhairle maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha san earnáil baincéireachta a chur chun feidhme.

Rinneadh dul chun cinn maidir leis an bpacáiste baincéireachta, agus thángthas ar réamh-chomhaontú maidir le réimse leathan saincheisteanna. Tá roinnt saincheisteanna polaitiúla fós le réiteach, áfach, agus sainaithnítear go soiléir iad sa tuarascáil ón Uachtaránacht maidir le dul chun cinn.

Dhún an Chomhairle nós imeachta um easnamh iomarcach i gcás na Ríochta Aontaithe agus chinn sí gur mhainnigh an Rómáin gníomhaíocht éifeachtach a ghlacadh chun diall suntasach ón mbuiséad a cheartú.

Thug sí moladh athbhreithnithe don Rómáin faoin ‘nós imeachta um dhiall suntasach’.

Níl ach dhá cheann as 28 mBallstát de chuid an Aontais fós faoi réir nósanna imeachta um easnamh iomarcach, treocht dhearfach atá ann ó 2011 i leith.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025