- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 20 Feabhra 2018
Na príomhthorthaí
Phléigh na hairí na moltaí ó shainghrúpa ardleibhéil um maoiniú inbhuanaithe.
Rannchuideoidh straitéis an Aontais um maoiniú inbhuanaithe le comhaontú na Náisiún Aontaithe 2015 maidir leis an athrú aeráide a chur chun feidhme. Is cuid é sin freisin de phlean an Aontais aontas na margaí caipitil a fhorbairt faoi dheireadh na bliana 2019.
Tá an Coimisiún le plean gníomhaíochta a chur i láthair i mí an Mhárta 2018.
"Ba chloch mhíle don gheilleagar domhanda é Comhaontú Pháras. Ina theannta sin, tá an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le bogadh i dtreo sochaí ísealcharbóin", a dúirt Vladislav Goranov, Aire Airgeadais na Bulgáire, an tír ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle faoi láthair. "Creidim féin gur ábhar machnaimh don Choimisiún na tuairimí a cuireadh in iúl inniu agus an plean gníomhaíochta á chur i gcrích aige", a dúirt sé.
Ghlac an Chomhairle na treoirlínte i gcomhair bhuiséad an Aontais do 2019, inar cuireadh i dtreis go gcuirfí le hiontaoibh na saoránach as an Aontas ach úsáid thrédhearcach, éifeachtach a bhaint as an mbuiséad.
Sna treoirlínte, iarrtar buiséadú stuama a bheith ann, agus acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil ach corrlaigh leordhóthanacha a fhágáil chun dul i ngleic le himthosca gan choinne. Ba cheart béim a chur ar na cláir agus ar na gníomhaíochtaí ag a bhfuil breisluach an Aontais.
Ina theannta sin, mhol na hairí go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún i leith chur chun feidhme bhuiséad an Aontais do 2016.
- Conclúidí ón gComhairle maidir le treoirlínte buiséid do 2019
- Buiséad bliantúil an Aontais (faisnéis chúlra)
D'eisigh an Chomhairle moladh maidir le hainmniúchán Luis de Guindos mar leas-uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Cuirfear an moladh sin faoi bhráid na Comhairle Eorpaí lena chinneadh ar an 22-23 Márta 2018. Idir an dá linn, rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le comhairle rialaithe BCE.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025