- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 23/01/2018, 23 Eanáir 2018
Na príomhthorthaí
Bhain an Chomhairle 8 ndlínse ó liosta an Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha i gcúrsaí cánach, mar thoradh ar ghealltanais a rinneadh ag leibhéal ard polaitiúil chun imní an Aontais a réiteach.
Aistríodh Barbadós, Greanáda, Poblacht na Cóiré, Sainréigiún Riaracháin Mhacao, an Mhongóil, Panama, an Túinéis agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha go catagóir éagsúil dlínsí faoi réir grinnfhaireacháin.
"Tá fiúntas ár bpróisis liostaithe léirithe cheana féin", a dúirt Vladislav Goranov, Aire Airgeadais na Bulgáire, an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle aici faoi láthair. "Tá sárobair déanta ag dlínsí ar fud na cruinne agus iad ag déanamh gealltanas go ndéanfaidís athchóiriú ar a mbearta cánach. Is é is aidhm dúinn na critéir i ndáil le dea-rialachas cánach a chur chun cinn ar fud an domhain."
Fágann an cinneadh go bhfuil 9 ndlínse ar liosta na ndlínsí neamhchomhoibríocha i gcúrsaí cánach as an 17 ndlínse a fograíodh ar dtús ar an 5 Nollaig 2017.
Phléigh na hairí bearta chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha in earnáil na baincéireachta.
Maidir le plean gníomhaíochta na Comhairle ó mhí Iúil 2017 i ndáil le hiasachtaí neamhthuillmheacha, tá bearta á bpleanáil ag an gCoimisiún chun é a chur chun feidhme.
Phléigh an Chomhairle na hionchais fáis agus na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha faoin ‘Seimeastar Eorpach’, próiseas bliantúil an Aontais maidir le faireachán a dhéanamh ar bheartais.
Ghlac an Chomhairle conclúidí agus formheasadh dréachtmholadh maidir le beartais eacnamaíochta an limistéir euro.
Ina theannta sin, phléigh na hairí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar aontas eacnamaíocha agus airgeadaíochta an Aontais, mar aon le tosaíochtaí uachtaránacht na Bulgáire maidir le cúrsaí eacnamaíocha agus airgeadais.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- Council recommendation on the economic policy of the euro area
- 23/01/2018
- Míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Conclúidí ón gComhairle i ndáil leis an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh do 2018
- 23/01/2018
- Conclúidí ón gComhairle maidir le treoir mhaicreacnamaíoch agus fhioscach do na Ballstáit (suirbhé bliantúil fáis)
- 23/01/2018
- Cánachas: Baineadh ocht ndlínse ó liosta an Aontais
- 23/01/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025