Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 6 Meán Fómhair 2021

Na príomhthorthaí

Rinne na hairí a marana faoin téarnamh eacnamaíoch san Eoraip. Phléigh siad na cinntí cur chun feidhme ón gComhairle maidir le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta don tSeicia agus d’Éirinn a fhormheas agus ba dhíol sásaimh dóibh an measúnú dearfach a rinne an Coimisiún ar an dá rud. Glacfar na cinntí tríd an nós imeachta i scríbhinn faoin 8 Meán Fómhair, rud a chuirfidh ar chumas an dá thír tús a chur go luath le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe acu. Beidh an tSeicia in ann an réamh-mhaoiniú 13% a iarradh a fháil freisin.

Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine
Táimid ag gluaiseacht ar aghaidh leis an téarnamh eacnamaíoch Eorpach. Phléamar dhá phlean náisiúnta eile inniu. Ní fada go mbeidh an tSeicia agus Éire in ann tús a chur le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí chun a ngeilleagair a neartú. Le tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tá an deis againn ár ngeilleagar a athbheochan tar éis phaindéim COVID-19 agus todhchaí níos fearr a thógáil dár saoránaigh.
Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine
Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine

A luaithe a dhéanfar an cinneadh faoi phleananna na Seice agus na hÉireann a fhormheas go foirmiúil an tseachtain seo, beidh 18 bplean náisiúnta glactha cheana féin. Bhí malartú tuairimí ag na hairí freisin maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ar fiú €672.5 billiún í, an phríomhionstraim i bpacáiste téarnaimh Next Generation EU a ceapadh chun cabhrú leis an Eoraip téarnamh as paindéim COVID-19 níos treise ná riamh. Chun tacaíocht a fháil ón tsaoráid, ní mór do na Ballstáit a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur isteach go ndéanfar iad a mheasúnú agus fhormheas.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025