"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 13 Iúil 2021
Na príomhthorthaí
Dhírigh na hairí ar an téarnamh eacnamaíoch. Ghlac siad an chéad tacar de chinntí cur chun feidhme ón gComhairle maidir le 12 phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a fhormheas.
Is féidir leis an mBeilg, leis an Danmhairg, leis an bhFrainc, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an Iodáil, leis an Laitvia, le Lucsamburg, leis an Ostair, leis an bPortaingéil, leis an tSlóvaic agus leis an Spáinn comhaontuithe deontais agus comhaontuithe iasachta a shíniú agus tosú ar chistí a fháil faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais.
Ina theannta sin, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme a thuilleadh. Faoin tSaoráid, cuirfear deontais agus iasachtaí dar luach €672.5 billiún ar an iomlán ar fáil le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí sna Ballstáit. Cuirfear borradh faoin téarnamh tar éis phaindéim COVID-19 agus tacófar le haistriú aeráide agus le claochlú digiteach an Aontais a bhuí le húsáid na gcistí.
Dea-scéala do théarnamh na hEorpa. Rinneamar an chéad tacar de chinntí cur chun feidhme maidir le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a fhormheas. Is féidir le 12 Bhallstát na comhaontuithe maoiniúcháin a shíniú anois agus na cistí a fháil chun an téarnamh a threisiú. Is treise a bheimid agus sinn ag teacht as an ngéarchéim seo ach ár n-athchóirithe agus ár n-infheistíochtaí a dhíriú ar spriocanna glasa agus digiteacha. Is deis é seo nach bhfacthas riamh roimhe seo lenár ngeilleagar a athchruthú chun gur athléimní é sna blianta amach romhainn.
Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine
An ciste téarnaimh: beart á dhéanamh ag an Aontas de réir a bhriathair (Grafaic faisnéise)
An Seimeastar Eorpach
D’fhormheas na hairí conclúidí maidir le grinn-athbhreithnithe 2021 do 12 Bhallstát i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Is cuid den nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iad na hathbhreithnithe sin agus táthar ag tógáil, dá mbarr, ar an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh don bhliain 2021.
Chuir Uachtaránacht na Slóivéine a clár oibre i réimse an gheilleagair agus an airgeadais don tréimhse ó mhí Iúil go dtí mí na Nollag 2021 i láthair. Bhí plé ginearálta ag na hairí i dtaca le straitéis an Aontais maidir le maoiniú inbhuanaithe agus i dtaca leis an togra le haghaidh Caighdeán Bannaí Glasa de chuid an Aontais. Chuir an Uachtaránacht staid na himeartha i ndáil le tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais i láthair freisin.
Cuireadh na hairí ar an eolas faoin méid a tháinig as cruinniú airí airgeadais agus gobharnóirí banc ceannais G20 an 9‑10 Iúil 2021.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.