"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 26 Iúil 2021
Na príomhthorthaí
Dhírigh na hairí ar an téarnamh eacnamaíoch san Eoraip. Mhalartaigh siad tuairimí faoi chinntí cur chun feidhme ón gComhairle maidir le formheas pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta na Cróite, na Cipire, na Liotuáine agus na Slóivéine. Chun na cinntí a ghlacadh go foirmiúil, cuirfear tús leis an nós imeachta i scríbhinn go gairid tar éis an chruinnithe neamhfhoirmiúil a bhí ann. Ag deireadh an nós imeachta i scríbhinn, beidh na ceithre Bhallstát sin in ann comhaontuithe deontais agus comhaontuithe iasachta a shíniú, agus réamh-mhaoiniú a fháil ó Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí chomh maith faoi chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Cuirfear ar fáil leis an tsaoráid iomlán €672.5 billiún de dheontais agus d’iasachtaí chun an téarnamh as paindéim COVID-19 a chothú. Úsáidfear na cistí le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí sna Ballstáit, lena dtacófar le haistriú aeráide agus le claochlú digiteach an Aontais.
Leanaimid den obair ar théarnamh eacnamaíoch na hEorpa. Tar éis an chruinnithe neamhfhoirmiúil a bhí againn, tá dea-scéala againn don Chróit, don Chipir, don Liotuáin agus don tSlóivéin. Ní fada go mbeidh siad in ann cistí a fháil, agus tús a chur lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme. Bliain amháin tar éis do cheannairí an Aontais teacht ar chomhaontú stairiúil maidir leis an bpacáiste téarnaimh, tá breis agus leath dár mBallstáit réidh anois chun tús a chur leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá chun go mbeidh ár ngeilleagar oiriúnach don todhchaí.
Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine
Rinne na hairí a marana ansin ar an bpacáiste de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le frithsciúradh airgid a glacadh le déanaí. Is é is aidhm don phacáiste feabhas a chur ar chreat reatha an Aontais, agus dúshláin nua a bhaineann le nuálaíocht theicneolaíoch á gcur san áireamh. Tá sé mar chuid d’iarrachtaí an Aontais sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac chun mí-úsáid an mhargaidh airgeadais a chosc.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.