Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 18 Meitheamh 2021

Na príomhthorthaí

Rinne airí eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais a marana ar an téarnamh eacnamaíoch san Eoraip, bhí malartú tuairimí acu faoi chomhaid CBL atá á bhforbairt go fóill agus faoi staid na himeartha i dtaca leis an aontas baincéireachta. Phléigh siad inbhuaine fhioscach freisin i gcreat Sheimeastar Eorpach 2021.

An téarnamh eacnamaíoch

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá an tsaoráid sin i gcroílár phlean téarnaimh an Aontais Next Generation EU. Cuirfear €672.5 billiún de dheontais agus d’iasachtaí ar fáil don infheistíocht phoiblí agus d’athchóirithe sna Ballstáit chun cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19, chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú agus chun sochaithe athléimneacha agus cuimsitheacha a fhorbairt.

João Leão, Aire Airgeadais na Portaingéile
Táimid ag tabhairt droim láimhe don ghéarchéim seo. Tá téarnamh gheilleagar na hEorpa faoi lán seoil. Táimid bródúil as freagairt chomhchoiteann níos fearr ná riamh a thabhairt ar an ngéarchéim. Dhaingnigh na 27 mBallstát an cinneadh maidir le hacmhainní dílse i bhfad níos luaithe ná mar a rabhthas ag súil leis. D’fhormheas an Coimisiún na chéad phleananna náisiúnta an tseachtain seo. Ar deireadh, chuaigh an Eoraip i muinín na margaí chun an pacáiste téarnaimh lena ráthófar téarnamh tapa láidir a mhaoiniú.
João Leão, Aire Airgeadais na Portaingéile
João Leão, Aire Airgeadais na Portaingéile

Saincheisteanna buiséadacha

Ghlac na hairí moladh faoin nós imeachta um easnamh iomarcach don Rómáin. Leagtar amach leis spriocdháta nua don Rómáin chun a staid fhioscach a fheabhsú do 2024. Ghlac an Chomhairle na moltaí freisin maidir le cláir nuashonraithe um chobhsaíocht nó um chóineasú na mBallstát i gcreat Sheimeastar Eorpach 2021.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis na dúshláin i leith na hinbhuaine fioscaí a eascraíonn as aosú an daonra.

Cáin bhreisluacha (CBL)

Bhí díospóireacht bheartais thábhachtach ag na hairí maidir le conas tabhairt faoi phríomheilimintí an togra maidir le rátaí CBL. Phléigh siad freisin an togra ‘ceannaigh agus deonaigh’ darb aidhm cur ar chumas an Choimisiúin agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais earraí agus seirbhísí, atá riachtanach chun dul i ngleic le héigeandálaí áirithe amhail paindéim COVID-19, a cheannach le díolúine ó CBL agus iad a dháileadh saor in aisce ar na Ballstáit. Thíolaic an Coimisiún an togra seo i mí Aibreáin 2021.

An t-aontas baincéireachta

Thug an Chomhairle dá haire an tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an aontas baincéireachta a neartú.

Seirbhísí airgeadais

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i dtaca le tograí reachtacha maidir le seirbhísí airgeadais.

Cruinnithe idirnáisiúnta

D’fhormheas na hairí téarmaí tagartha freisin le haghaidh chruinniú airí airgeadais G20 agus ghobharnóirí an bhainc ceannais a thionólfar ón 7 go dtí an 10 Iúil 2021.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025