"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí geilleagair agus airgeadais, 28 Deireadh Fómhair 2021
Na príomhthorthaí
Rinne na hairí a marana ar chur chun feidhme chiste téarnaimh an Aontais. Bhí malartú tuairimí acu maidir leis na cinntí cur chun feidhme ón gComhairle maidir le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta don Eastóin, don Fhionlainn agus don Rómáin a fhormheas agus ba dhíol sásaimh dóibh na measúnuithe dearfacha a rinne an Coimisiún ar na trí phlean sin. Glacfar na cinntí trí nós imeachta i scríbhinn faoin 29 Deireadh Fómhair, rud a chuirfidh ar chumas na dtíortha sin an réamh-mhaoiniú 13% a d'iarr siad a fháil.
Táimid ag leanúint den obair ar an téarnamh Eorpach. Tá dul chun cinn á dhéanamh againn i ndáil le formheas na bpleananna téarnaimh. De bharr na n-infheistíochtaí agus na n-athchóirithe atá beartaithe, féadaimid athléimneacht gheilleagar agus shochaí an Aontais a mhéadú. Tá sé ríthábhachtach anois iad a chur chun feidhme go rathúil chun téarnamh láidir leanúnach a chinntiú.
Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine
A luaithe a fhormheasfar go foirmiúil na cinntí maidir le pleananna na hEastóine, na Fionlainne agus na Rómáine an tseachtain seo, beidh cead faighte ag 22 Bhallstát dá bpleananna caiteachais téarnaimh. Leagtar síos sna pleananna na bearta a dhéanfar ar an leibhéal náisiúnta chun an téarnamh eacnamaíoch a chothú le cuidiú ó thacaíocht €672.5 billiún ón Aontas, tacaíocht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo (i bpraghsanna 2018). Chun téarnamh inbhuanaithe Eorpach a chinntiú, cuirtear béim láidir ar na spriocanna glasa agus digiteacha, arb ionann iad faoi seach agus 37% agus 20% ar a laghad den chaiteachas.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.