"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 9 Samhain 2021
Na príomhthorthaí
Rialachas eacnamaíoch agus téarnamh eacnamaíoch
Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi gheilleagar an Aontais tar éis phaindéim COVID-19 agus faoi impleachtaí na bhforbairtí is déanaí don rialachas eacnamaíoch. Phléigh siad a bhfuil i ndán do chreat rialachas eacnamaíoch an Aontais, agus bhí deis acu a dtuairimí tosaigh a chur in iúl faoin mbealach chun cinn. Déanfar an t-ábhar seo a phlé a thuilleadh agus leanfaidh na hairí lena gcuid comhairliúchán chun teacht ar chomhaontú ginearálta in am trátha.
Tá ár n-iarrachtaí chun borradh a chur faoin téarnamh eacnamaíoch ag gabháil éifeachta. Tá toradh maith ar fhreagairt an Aontais ar an bpaindéim. Anois tá sé in am machnamh a dhéanamh ar thodhchaí ár rialachais eacnamaíoch. Bhí malartú tuairimí tosaigh againn maidir le todhchaí an bheartais fhioscaigh. Is gá leanúint leis an bplé agus iarracht a dhéanamh teacht ar chomhthuiscint.
Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine
Ina theannta sin, phléigh na hairí an staid reatha maidir le maoiniú Next Generation EU, pacáiste sealadach téarnaimh a chuideoidh chun borradh a chur faoi gheilleagair an Aontais tar éis COVID-19, agus pléifidh siad cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, croílár Next Generation EU a thacaíonn le hathchóirithe agus infheistíochtaí i mBallstáit an Aontais trí iasachtaí agus deontais.
D’fhormheas na hairí conclúidí maidir lena bhfuil i ndán don Seimeastar Eorpach i ndáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Leis na conclúidí, iarrtar go bhfillfí go pras ar phríomhghnéithe an tSeimeastair Eorpaigh i dtimthriall 2022, go háirithe athbhunú tuarascálacha tíre agus moltaí tírshonracha.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an méadú géar atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus ar an mboilsciú le déanaí, agus phléigh siad na himpleachtaí a bhaineann leis sin ó thaobh beartais de. Bhí malartú tuairimí acu maidir le bosca uirlisí beart an Choimisiúin is féidir leis an Aontas agus a chuid Ballstát a úsáid agus atá in úsáid acu cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar thionchar láithreach na méaduithe ar phraghsanna fuinnimh.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí eacnamaíocha agus airgeadais maidir le sraith tograí reachtacha arb é is aidhm leo, den chuid is mó, comhaontuithe Basel III atá fós gan réiteach a chur chun feidhme, i.e. bearta athchóirithe arb é is aidhm leo cuidiú le hathléimneacht earnáil baincéireachta an Aontais a threisiú agus maoirseacht agus bainistiú riosca na hearnála sin a neartú. Chuir an Coimisiún an pacáiste tograí i láthair sula ndearnadh tuairimí a mhalartú.
Chuir Uachtaránacht na Slóivéine eolas ar fáil freisin faoi na tograí reatha reachtacha a bhaineann le seirbhísí airgeadais.
Cruinnithe idirnáisiúnta
Chuir Uachtaránacht na Slóivéine agus an Coimisiún Eorpach eolas ar fáil faoi na cruinnithe a bhí ag airí airgeadais G20 agus gobharnóirí na mbanc ceannais agus faoi chruinnithe bliantúla CAI a bhí ar siúl an 13-14 Deireadh Fómhair 2021, agus faoin obair leantach orthu.
Aon ghnó eile
Thíolaic Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2020.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.